An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID V Dleachtanna Máil ar Fheithiclí Inneallghluaiste)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

CUID IV

Cáin Bhreisluacha

Tosach feidhme.

49. —Measfar an Chuid seo, seachas ailt 51, 52, 54 go 59 agus 62, a theacht i ngníomh amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1976.

Mínithe (Cuid IV).

50. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973 :

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.

51. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) d'fho-alt (1):

“(e) duine do bhaint úsáid chun críocha a ghnó as na hearraí, is earraí a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh sé féin nó a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh duine eile thar a cheann, ach amháin i gcás a mbeadh cáin ab inmhuirearaithe i ndáil leis na hearraí inasbhainte go hiomlán faoi alt 12 dá mba dhuine cuntasach a sheachaid iad don duine chéadluaite, agus”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

52. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘dleacht’ dleacht máil is inmhuirearaithe ar earraí ar iad a allmhairiú, a mhonarú nó a tháirgeadh nó dleacht custam.

(b) Déanfar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin ar earraí ar a ndlitear dleacht a sheachadadh, i gcás ar tráth sula mbeidh an dleacht dlite a dhéanfar an seachadadh, a mhéadú méid is ionann agus méid na dleachta ab iníoctha i ndáil leis na hearraí dá mba gur thráth an tseachadta a thiocfadh an dleacht chun bheith dlite.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

53. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1973):

“(a) 10 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin,”,

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (c), (d) agus (e) d'fho-alt (1):

“(c) (i) 35 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal,

(ii) 40 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal,

(d) zero faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i), (v) nó (xvi) den Dara Sceideal nó le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii), (xii) go (xv) agus (xvii) go (xx) den Sceideal sin nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin, agus

(e) 20 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí eile nó le déanamh aon seirbhísí eile.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7)—

“(7) (a) Ní bhainfidh ailt 8 (3) agus 14 le duine a mhéid is inmhuirearaithe cáin air i ndáil le rince a sheoladh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gur gnó ar leithligh a dhéanann duine an duine sin do sheoladh rince nó sraith rincí.

(b) D'ainneoin fho-alt (1) agus alt 10, déanfar, i ndáil le rince a sheoladh, cáin a mhuirearú de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar an méid iomlán airgid, gan cáin a áireamh, a gheofar nó is infhaighte ó dhaoine a ligfear isteach go dtí an rince i leith dul isteach, mar aon le méid iomlán an airgid (más ann), gan cáin a áireamh, a gheofar nó is infhaighte i ndáil—

(i) le hearraí de chineál a shonraítear i mír (e) (i) a sheachadadh, nó

(ii) le seirbhísí de chineál a shonraítear i mír (e) (ii) a dhéanamh,

i ndáil leis an rince i gcás ar coinníoll ar dhul isteach íoc na comaoine ina leith sin agus nach bhfuil an chomaoin sin ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach.

(c) Gach duine a bheartaíonn rince nó sraith rincí a sheoladh cuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialacha go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh.

(d) Ní dhéanfaidh dílseánach aon áitribh rince a sheoladh san áitreabh sin ná ní cheadóidh sé go ndéanfaidh aon duine eile rince a sheoladh ann, mura mbeidh fógra faighte aige ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair siad fógra de réir mhír (c).

(e) San fho-alt seo—

folaíonn ‘rince a sheoladh’—

(i) aon earraí a sheachadadh i ndáil leis an rince, is earraí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (d) i gcás íoc na comaoine i leith an tseachadta sin a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach go dtí an rince nó i gcás ar coinníoll ar dhul isteach é,

(ii) aon seirbhísí a dhéanamh i ndáil leis an rince, is seirbhísí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (d) i gcás íoc na comaoine i leith a ndéanta a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach go dtí an rince nó i gcás ar coinníoll ar dhul isteach é;

ní fholaíonn ‘rince’ rince a bhfuil céad de theorainn leis an líon daoine a ligfear isteach chuige agus nach mó ná fiche pingin an chomaoin i leith dul isteach chuige.”.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den den Phríomh-Acht

54. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1) agus an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

“(d) an cháin is inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse sin i leith earraí a úsáideadh chun críocha a ghnó agus a áiríodh mar earraí arna seachadadh de réir alt 3 (1) (e):

Ar choinníoll, i ndáil—

(i) le duine do bhaint úsáid chun críocha a ghnó as aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal agus a áirítear mar earraí arna seachadadh de réir alt 3 (1) (e),

(ii) le seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) aon earraí de chineál a shonraitear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh do mhonaróir earraí den chineál a seachadadh amhlaidh, is earraí a úsáideann sé chun críocha a ghnó ar dhóigh seachas mar stoc trádála (de réir brí alt 34), nó

(iii) le seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) nó allmhairiú aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh do dhuine nó arna n-allmhairiú ag duine seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh,

nach rachaidh an méid is inasbhainte faoin alt seo ag aon duine den sórt sin thar shuim a ionadaíonn cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire in alt 11 (1) (a) ar an méid nó an luach, cibé acu é, ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil leis an úsáid nó leis an seachadadh nó leis an allmhairiú áirithe.”.

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

I.R. Uimh. 334 de 1972.

55. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (4):

“(a) Faoi réir mhír (b), is é luach aon earraí chun críche an ailt seo a luach arna fhionnadh de réir Rialachán 14 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim), 1972, arna mhéadú de mhéid aon dleachta, tobhaigh nó cánach eile (gan cáin bhreisluacha a áireamh) is iníoctha i ndáil lena n-allmhairiú.”.

Leasú ar alt 21 (ús) den Phríomh-Acht.

56. —Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) maidir le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 23 ionann is dá mba é a bhí sa cháin (cibe acu a gheofar nó nach bhfaighfear fógra achomhairc faoin alt sin) cáin a raibh sé dlite den duine í a íoc in aghadh na tréimhse inchánach nó, de réir mar a bheidh, in aghaidh na tréimhse inchánach is deireanaí atá ar áireamh sa tréimhse lena mbaineann an fógra.”.

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

57. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (6):

“(d) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé na taifid iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur dhuine cuntasach an cosantóir nó gur dhuine é a bhí cláraithe nó gur dhuine é nach raibh cláraithe le linn tréimhse sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur dhuine cuntasach an cosantóir nó gur dhuine é a bhí cláraithe nó gur dhuine é nach raibh cláraithe, cibé acu é, le linn na tréimhse sin,

(e) féadfar deimhniú á dheimhniú mar a fhoráiltear i mír (a), (b), (c) nó (d) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

58. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a cur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (u):

“(uu) na coigeartuithe a bheidh le déanamh ag duine cuntasach ar aon chionroinnt dá dtagraítear i mír (x) nó ar aon asbhaint faoi alt 12 a bheidh déanta roimhe sin, ar coigeartuithe faoi threoir athruithe iad, a tharlóidh tráth nach déanaí ná cúig bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an chionroinnt nó an asbhaint bhunaidh, ar aon cheann de na hábhair ar faoina threoir a rinneadh nó a ceadaíodh an chionroinnt nó an asbhaint, agus cinneadh na tréimhse inchánach ina mbeidh agus óna mbeidh nó ina mbeidh aon choigeartú den sórt sin le héifeacht a ghlacadh;”.

Leasú ar alt 34 (faoiseamh i leith stoc trádála a bheidh ar láimh an lá sonraithe) den Phríomh-Acht.

59. —Leasaítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (5):

“(a) earraí so-chorraithe de chineál a sheachadann an duine i ngnáthchúrsa a ghnó ar earraí iad atá ar seilbh iarbhír lena seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) nó a bheadh ar seilbh amhlaidh dá mbeidís aibí nó dá mbeadh a monarú, a n-ullmhú nó a ndéanamh iomlán, nó”.

Sceidil nua a chur in ionad an Chéad, an Dara, an Tríú agus an Ceathrú Sceideal (gníomhaiochtaí díolmhaithe agus rátaí cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

60. — Leasaítear an Príomh-Acht leis seo—

(a) tríd an Sceideal atá i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(b) tríd an Sceideal atá i gCuid II den Tábla sin a chur in ionad an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(c) tríd an Sceideal atá i gCuid III den Tábla sin a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(d) tríd an Sceideal atá i gCuid IV den Tábla sin a chur in ionad an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

AN TABLA

CUID I

AN CHEAD SCEIDEAL

Gníomhaíochtaí Díolmhaithe

(i) Soláthar stoc, scaireanna agus urrús eile;

(ii) soláthar stampaí neamhúsáidte postais, fioscacha nó árachais shóisialaigh de chuid na hÉireann; nó stampaí, cúpóin nó airíochtaí eile ar iad a sholáthar mar rudaí i gcaingean i leith comaoin airgid a mhuirearaítear ar leithligh ón gcomaoin i leith aon earraí nó seirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le soláthar na rudaí i gcaingean sin agus is réasúnach ag féachaint do luach malairte na rudaí i gcaingean sin;

(iii) seachadadh uisce ag údaráis áitiúla;

(iv) earraí do-chorraithe a ligean ach amháin—

(a) ligean innealra nó suiteálacha gnó ar iad a ligean ar leithligh ó aon earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh an innealra nó na suiteálacha sin,

(b) ligean i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh, agus

(c) soláthar cóiríochta páirceála d'fheithiclí ag oibritheoirí carrchlósanna;

(v) cothú agus iostas a sholáthar ar shlí seachas i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh;

(vi) seirbhísí a sholáthraíonn an Stát nó údarás áitiúil seachas bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais a dhéanamh, a dheisiú, a chothabháil agus a fheabhsú;

(vii) seirbhísí a thugtar mar mhalairt ar phá agus tuarastail ar inmhuirearaithe cáin ioncaim ina leith faoi Sceideal E den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(viii) seirbhísí gairmiúla de chineál liachta, déidliachta, súilliachta nó oideachais seachas seirbhísí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheoladh arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol;

(ix) seirbhísí de chineál liachta nó oideachais a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin; agus seirbhísí lónadóireachta a dhéantar—

(a) d'Othair de chuid ospidéil nó tí banaltrais san ospidéal nó sa teach banaltrais, agus

(b) do mhic léinn scoile sa scoil;

(x) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag aturnaetha, cuntasóirí, achtúirí agus tréidlianna;

(xi) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag abhcóidí;

(xii) seirbhísí gníomhaireachta maidir le—

(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú,

(b) seachadadh earraí arna ndíol ag gníomhaire tithe, nó ag ceantálaí in imthosca de shórt nach meastar gurb é an ceantálaí a sheachaid na hearraí,

(c) bailiú fiacha, cíosanna nó préimheanna árachais, agus

(d) seirbhísí díolmhaithe eile a dhéanamh;

(xiii) seirbhísí baincéireachta agus árachais;

(xiv) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa;

(xv) na seirbhísí náisiúnta craolacháin agus teilifíse, gan fógraíocht a áireamh;

(xvi) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar sa Stát;

(xvii) gealltóireacht;

(xviii) ticéid nó cúpóin a eisiúint le haghaidh crannchuir;

(xix) daoine a ligean isteach go dtí garraí ainmhithe;

(xx) dálais spóirt agus aontaí, taispeántais nó taisealbhaí talmhaíochta, tráchtála nó tionscail a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu;

(xxi) fuil dhaonna a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar;

(xxii) adhlacóireacht;

(xxiii) seirbhísí luachála a dhéanann ceantálaí, gníomhaire tithe nó suirbhéir cairte;

(xxiv) capaill bheo a sheachadadh;

(xxv) cúnna beo a sheachadadh;

(xxvi) inseamnú nádúrtha nó saorga ar bheostoc.

CUID II

AN DARA SCEIDEAL

Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirearaithe de réir Ráta Zero faoin gcéad.

(i) Earraí a sheachadfar—

(a) lasmuigh den Stát, nó

(b) laistigh den Stát ach faoi réir coinníll go bhfuil siad le hiompar díreach ag an duine nó thar ceann an duine atá ag déanamh an tseachadta—

(I) lasmuigh den Stát, nó

(II) go dtí duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam;

(ii) seirbhísí a dhéantar lasmuigh den Stát;

(iii) iompar earraí sa Stát ag duine nó thar ceann duine i bhforghníomhú conartha chun na hearraí a aistriú go dtí áit nó ó áit lasmuigh den Stát;

(iv) saoráidí dugaireachta, calaithe, luchtaithe nó díluchtaithe, lena n-áirítear imréiteach custam, a sholáthar díreach i ndáil le paisinéirí a chur i dtír nó a ghlacadh ar bord nó le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(v) earraí a sheachadtar ar bord longa nó aerárthaí a théann go dtí áiteanna lasmuigh den Stát; agus deisiú agus seirbhísiú longa agus aerárthaí a bhíonn ag gabháil d'Iompar paisinéirí agus earraí mar thráchtáil idirnáisiúnta;

(vi) líonta iascaigh, agus ranna díobh sin, de chineáil a bhíonn á n-úsáid go coitianta ag iascairí tráchtála chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vii) ábhar beatha d'ainmhithe, seachas ábhar beatha atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

1955, Uimh. 8 .

(viii) leasachán (de réir brí an Achta um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955 ) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola;

(ix) seirbhísí a sholáthraíonn Coimisinéirí Soilse na hÉireann i ndáil le hoibriú longa solais, tithe solais nó áisíní loingseoireachta eile;

(x) déanamh, deisiú, cothabháil agus feabhsú bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais ag an Stát, ag údaráis áitiúla nó ag údaráis chuain;

(xi) seirbhísí tarrthála a chuireann an Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála ar fáil lena n-áirítear eagrú agus cothabháil na seirbhíse bád tarrthála:

(xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine seachas bia agus deoch a shonraítear i mír (xv) den Tríú Sceideal;

(xiii) leigheas de chineál a chaitheann daoine de bhéal;

(xiv) leigheas de chineál a chaitheann ainmhithe de bhéal. seachas leigheas atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

(xv) síolta, plandaí, crainn, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a úsáidtear le haghaidh cuir chun bia a tháirgeadh;

(xvi) earraí de chineálacha éagsúla atá pacáistithe lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith—

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) inmhuirearaithe i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) inmhuirearaithe i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann comaoin an tseachadta, agus

(c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (e) inmhuirearaithe i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháineisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin, cibé acu is lú:

(xvii) earraí éadaí pearsanta, coisbheart agus ciarsúir theicstíleacha, seachas earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh;

(xviii) faibricí, abhras agus snáth de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí;

(xix) leathar boinn agus uachtair de chineál a sholáthraítear le haghaidh coisbheart a mhonarú agus a dheisiú, agus freisin boinn, sála agus boinn istigh d'ábhar ar bith;

(xx) (a) gual, móin agus substaintí soladacha eile ar mar bhreosla amháin a chuirtear ar díol iad,

(b) gás de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin nó soilsiúcháin i dtithe nó i dtionscail i bhfoirm gásach nó i bhfoirm leachtach, ach gan gás a áireamh de chineál a úsáidtear de ghnáth le miotail a tháthú agus a ghearradh ná gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra,

(c) leictreachas,

I.R. Uimh. 122 de 1961.

(d) ola hidreacarbóin de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin i dtithe nó i dtionscail seachas ola gáis (de réir brí na Rialachán Ola Hiodracarbóin (Ola faoi Lacáiste), 1961) nach ola gáis atá marcáilte go cuí de réir Rialachán 6 (2) de na Rialacháin sin.

CUID III

AN TRIU SCEIDEAL

CUID I

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (a)

(i) Leigheas ainmhithe seachas leigheas—

(a) de chineál a shonraítear i mír (xiv) den Dara Sceideal, nó

(b) atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

(ii) táirgí ainmhithe agus glasraí i riocht neamhphróiseáilte, mar atá, olann, rón, guairí, cleití, seithí, craicne, conablaigh, fréamhacha, plandaí agus gránaigh;

(iii) leasachán seachas leasachán de chineál a shonraítear i mír (viii) den Dara Sceideal;

(iv) ainmhnithe beo, seachas capaill agus cúnna;

(v) innealra, gléasra nó trealamh de chineál a bhíonn á úsáid go cotianta ag feirmeoirí nó iascairí sa Stát chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vi) síolta, plandaí, crainn, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a úsáidtear le haghaidh cuir chun críche seachas le bia a tháirgeadh;

(vii) leabhair agus leabhráin chlóite;

(viii) nuachtáin agus tréimhseacháin;

(ix) léarscáileanna, atlasaí agus cruinneoga;

(x) ábhair a úsáidtear go coitianta i dtógáil foirgneamh (lena n-áirítear sciobóil féir, cuanta, droichid agus bóithre), mar atá—

(a) bloic, bíomaí, pílí, colúin, cuaillí, leacacha, fardorais, tairseacha agus baill choincréite, athneartaithe nó gan a bheith,

(b) stroighin, coincréit, aol, moirtéal, plástar, clocha agus brící,

(c) feilteanna taisdíonacha agus ábhair eile is gnách a sholáthar mar chúrsaí taisdíonacha,

(d) cré, gaineamh agus gairbhéal,

(e) tíleacha coincréite nó cré d'urláir agus do bhallaí,

(f) líneálacha simléir agus potaí simléir,

(g) gloine leatháin, ach gan scátháin a áireamh,

(h) ábhar teasdíonta i bhfoirm leathán, leacacha nó rollaí,

(i) tairní, scriúnna, boltaí, cnóite, insí, glais, dúntóirí; agus feisteáin do dhoirse, fuinneoga, feadánacht agus gáitéir,

(j) péint agus uisce-phéint,

(k) plástarchlár,

(l) scannán ileitiléine de chineál a úsáideann tógálaithe nó feirmeoirí go coitianta chun críocha a slí bheatha,

(m) feilteanna dín agus substaintí leathsholadacha a úsáidtear in áit feilteanna dín,

(n) tíleacha dín, lena n-áirítear tíleacha mullaigh agus tíleacha cromáin agus slinnte,

(o) leatháin de mhiotal nó d'ábhar eile, seachas gloine, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith péinteáilte, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(p) cruach nó alúmanam i bhfoirm uillinneacha, tíonna, giarsaí, sileán, barraí, sreinge, easbhrúiteáin nó pláta, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith galbhánaithe, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(q) tarra, asfalt, bitiúman agus pic,

(r) adhmad, lena n-áirítear sraith-adhmad, blocchlár, adhmad lannach, adhmad athchomhdhéanta agus athchraiceann adhmaid a dhíoltar i bhfoirm pleancanna, leathán nó bíomaí agus nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith sáfa ar a bhfad, plánáilte, múnlaithe, teangaithe, eitrithe nó v-leathánaithe,

(s) feadánacht agus gáitéir de mhiotal, cré, stroighin, rubar, pleastic nó d'ábhar den tsamhail sin de chineál a sholáthraítear de ghnáth chun críocha foirgníochta nó lena úsáid mar thiúbán do cháblaí, leachtanna, gal, gásanna nó séaracht;

(xi) earraí (seachas lámh-uirlisí) d'aon chineál acu seo a leanas, is é sin:

(a) innealra ardaithe, láimhsithe, luchtaithe nó díluchtaithe (mar shampla, ardaitheoirí, crocháin, crainn tochrais, craenacha iompair, seacanna agus tácla ulóige),

(b) innealra tochailte, leibhéalaithe, tollaireachta agus bainte le haghaidh créafóige, mianraí nó mianaigh (mar shampla, ollscartairí, sluaistí meicniúla, tochailteoirí, scríobairí, leibhéalaithe agus móinbhainteoirí),

(c) innill atá deartha, déanta agus ceaptha chun asfalt, bitiúman, tarra, tarramhacadam nó coincréit a leathadh nó a chríochnú,

(d) trucailí monarcha, a thiomáintear go meicniúil, de na saghsanna a úsáidtear i monarchana nó i stórais chun earraí a iompar nó a láimhsiú ar ghearrthurais, agus

(e) trealamh agus páirteanna atá deartha go speisialta lena n-úsáid i dteannta aon earra acu sin a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (d) agus ar de chineál iad nach n-úsáidtear de ghnáth chun aon chríche eile;

(xii) earraí do-chorraithe;

(xiii) ceimicigh atá ceaptha go sonrach le haghaidh úsáide i dtalmhaíocht, mar atá, síolchóirithe, lusnimheanna, múiscnimheanna, feithidnimheanna, luchnimheanna, mílnimheanna, aimridigh ithreach, fásrialtáin, díghalráin nó déiríghlantóirí, ach gan ceimicigh a áireamh atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh úsáid daoine nó tís;

(xiv) innill ríomhaireachta, innill chuntasaíochta, scipéid ríomhacha, innill fhrainceála postais agus innill dá samhail ina bhfuil feiste ríomhaireachta insuite, innill uathphróiseála sonraí agus aonaid díobh, léamh-sháis mhaighnéadacha agus optaiciúla, innill chun sonraí a athscríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus innill chun na sonraí sin a phróiseáil, páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hinnill a shonraítear sa mhír seo;

(xv) bia agus deoch le caitheamh ag daoine, de na cineálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) deochanna ar ar inmhuirearaithe aon dleacht máil a mhuirearaítear go sonrach ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach agus ar ullmhóidí díobh,

(b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(I) tae agus ullmhóidí tae,

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nó

(III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, gabhála, uibheacha nó bainne,

(c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh,

(d) (I) seacláidí, milseáin, agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta eile seachas arán,

(II) San fhomhír seo ciallaíonn “arán” bia don duine, a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus d'aon cheann nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid—

(1) gabháil nó gníomhaire eile deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan.

(2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach mó meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo ná 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos.

(3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach mó a meáchan ná 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos,

seachas bia atá pacáistithe lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha in iúl air nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán) ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail agus screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana, agus

(e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, sceallóga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail as prátaí, nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta i mblaoscanna nó gan blaoscanna;

(xvi) leigheasanna do dhaoine lena n-úsáid seachas trína gcaitheamh de bhéal, gan earraí a áireamh is gallúnaigh, foltfholcaidh, glantóirí, tuaracháin, bithnimheanna, feithidnimheanna, frithsheiptigh nó díghalráin, nó ar a dtugtar an tuairisc sin nó a chuirtear ar margadh mar earraí den sórt sin;

(xvii) trealamh agus fearais liachta is—

(a) gaireas atá bunaithe ar úsáid x-ghathanna nó ar úsáid raidíochtaí ó shubstaintí raidigníomhacha (lena n-áirítear gaireas raideaghrafaíochta agus raiditheiripe),

(b) troscán atá deartha d'aontoisc chun úsáide liachta, déidliachta, máinliachta nó tréidliachta (mar shampla, boird obráide agus leapacha ospidéil le feistis mheicniúla),

(c) carráistí easláin, agus feithiclí eile de chineál atá deartha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí,

(d) fearais mheicnitheiripe, gaireas suathaireachta, gaireas teiripe ocsaigin, gaireas athmhúscailte anála agus gaireas dá samhail agus fearais análaithe, gan earraí a áireamh nach bhfuil deartha d'aontoisc chun úsáide liachta,

(e) uirlisí agus fearais liachta, déidliachta, máinliachta agus tréidliachta de chineál a úsáidtear d'aontoisc i gcleachtadh gairmiúil le fáithmheas a dhéanamh nó tinneas a chosc nó a chóireáil nó obráid a dhéanamh,

(f) fearais ortaipéideacha, criosanna máinliachta, trusanna agus a leithéidí, géaga, súile agus fiacla saorga agus baill shaorga eile den chorp, áisíní bodhaire, cleithíní agus fearais eile do chnámha briste,

(g) páirteanna nó gabhálais atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (f),

(h) imoibrithe fáithmheasa,

(i) scannán x-ghatha, agus ullmhóidí teimhníochta le haghaidh scrúduithe x-ghatha,

(j) stuáil, uige, bindealáin agus earraí dá samhail (mar shampla, deiseanna cóirithe, plástair ghreamaitheacha, ceiríní) agus comhuaimeacha máinliachta;

(xviii) rothra iarnróid agus páirteanna de sin, daingneáin iarnróid agus trambhealaigh, trealamh trácht-chomharthúcháin (lena n-áirítear comharthaí ceo), ábhar déanta iarnróid nó trambhealaigh d'Iarann nó de chruach, lena n-áirítear ráillí, gard-ráillí, ladhróga, crosairí (nó froganna), tarsnáin, slata ladhróg, rac-ráillí, trastacáin, iadhplátaí, stóil, stóldingeacha, bonnphlátaí, ráilchasnaí, plátaí forais agus naisc;

(xix) feithiclí bóthair inneallghluaiste, seachas feithiclí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal;

(xx) leantóirí (gan carbháin, teaghaisí so-ghluaiste ná leanphubaill a áireamh);

(xxi) longa, báid agus soithí eile seachas—

(a) longa, báid agus soithí eile atá deartha agus déanta le paisinéirí a iompar agus nach mó ná céad tonna a mórthonnáiste, agus

(b) báid spóirt agus áineasa de gach cineál lena n-áirítear luamha, báid chábáin, báidíní calaithe. curaigh, coití agus báid rásaíochta;

(xxii) tobac;

(xxiii) breosla, seachas breosla de chineál a shonraítear i mír (xx) den Dara Sceideal;

(xxiv) ola hidreacarbóin (lena n-áirítear bealaidh) seachas ola hidreacarbóin de chineál a shonraítear i mír (xx) den Dara Sceideal;

(xxv) boinn, cásanna boinn, tráchta boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál;

(xxvi) páirteanna breise d'earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v) agus (xx) agus d'fheithiclí bóthair inneallghluaiste, do rothair agus do bháid;

(xxvii) cabhlacha agus fonnaidh atá deartha d'fheithiclí inneallghluaiste bóthair seachas do mhótar-fheithiclí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal;

(xxviii) earraí réchaite so-chorraithe, seachas earraí de chineál a shonraítear sa Dara Sceideal nó sa Cheathrú Sceideal;

(xxix) earraí de chineálacha éagsúla atá pacáistithe lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith:

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) inmhuirearaithe i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir aon ráta nó aon rátaí eile inmhuirearaithe i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin den sórt sin,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann comaoin an tseachadta, agus

(c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir ráta nó rátaí seachas an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (a) inmhuirearaithe i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh nó ar chomaoineacha ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin, cibé acu is lú.

CUID II

Seirbhísí is Inmhuirearaithe de Réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (a)

(i) Seirbhísí seachas earraí a fhruiliú nó a ligean ar cíos;

(ii) ní ar bith acu seo a leanas a fhruiliú (dá ngairtear an fruiliú reatha sa mhír seo) chuig duine—

(a) earraí de chineál a thuairiscítear i bhfomhír (a) nó (b) de mhír (xxi) de Chuid I den Sceideal seo, nó

(b) carbhán, teaghais so-ghluaiste nó leanphuball,

faoi chomhaontú, seachas comhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), ar feadh aon téarma nó aon choda de théarma nach faide ná 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu ar na hearraí céanna é nó ar earraí éigin eile den chineál céanna) chun an duine chéanna i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch dáta thosach feidhme an fhruilithe reatha;

(iii) fruiliú earraí de chineál ar a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;

(iv) earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a fhruiliú;

(v) scannáin chineamatagrafacha a fhruiliú;

(vi) earraí do-chorraithe a ligean ar cíos;

(vii) fruiliú chun duine faoi chomhaontú i scríbhinn, seachas comhaontú den chineál a luaitear in alt 3 (1) (b), a rinneadh roimh an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972, ar earraí so-chorraithe a bhí i seilbh an duine an lú lá de Shamhain, 1972, is é sin, earraí de chineál a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;

(viii) fruiliú earraí de chineál a shonraítear i mír (xvii) den Dara Sceideal.

CUID IV

AN CEATHRU SCEIDEAL

CUID I

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (c) (i)

Mótar-fheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar, agus mótar-fheithiclí spóirt, cairr eastáit, vaiginí stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, mópéid agus uathrothair, cibé acu atá nó nach bhfuil siad deartha agus déanta chun na críche réamhráite, ach gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná sé dhuine dhéag (agus an tiománaí san áireamh) a iompar, carráistí easláin agus feithiclí eile de chineál atá deartha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí.

CUID II

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (C) (ii)

(i) Gléasanna glacadóireachta raidio agus gléasanna glacadóireachta teilifíse de chineál tís nó de chineál iniompair nó is de chineál atá oiriúnach le húsáid i bhfeithiclí bóthair;

(ii) gramafóin, raideaghramafóin, atáirgeoirí ceirníní;

(iii) ceirníní gramafóin.

Leasuithe iarmhartacha.

61. —De dhroim na leasuithe a shonraítear in ailt 53 agus 60 agus na haisghairme a shonraítear i gCuid II den Chúigiú Sceideal, déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh mar a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal.

Tosaíocht i bhféimheacht agus i bhfoirceannadh.

1889, c. 60.

62. —(1) Aireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn maoin duine, is féimheach, féichiúnaí comhshocraíochta nó duine a d'éag dócmhainneach, a bheith á dáileadh, aon cháin a bheidh dlite den duine i ndáil le tréimhsí inchánach a chríochnaigh laistigh den tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta a rinneadh ordú breithnithe an fhéimhigh, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an fhéichiúnaí, nó, de réir mar a bheidh, a d'éag an duine dócmhainneach agus aon ús is iníoctha ag an duine faoi alt 21 den Phríomh-Acht.

(2) (a) Aireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn cuideachta a bheith á foirceannadh aon cháin a bheidh dlite den chuideachta i ndáil le tréimhsí inchánach a chríochnaigh laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta iomchuí agus aon ús is iníoctha ag an gcuideachta faoi alt 21 den Phríomh-Acht.

(b) Measfar, chun críocha alt 98 d'Acht na gCuideachtaí. 1963, mír (a) a bheith in alt 285 den Acht sin.

(c) I mír (a) tá le “an dáta iomchuí” an bhrí chéanna atá leis in alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Forálacha eatramhacha maidir le mótar-fheithiclí.

63. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “feithiclí cáilithe” feithiclí a bhí, an 29ú lá d'Fheabhra, 1976, nó roimhe, arna seachadadh do dhuine, nó arna n-allmhairiú ag duine, seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh in imthosca a d'fhág go raibh cáin de réir ráta 36.75 faoin gcéad inmhuirearaithe i ndáil leis an seachadadh nó leis an allmhairiú sin;

ciallaíonn “seachadadh iomchuí” seachadadh aon fheithiclí cáilithe in imthosca a d'fhágfadh, mura mbeadh an t-alt seo, go mbeadh cáin de réir 10 faoin gcéad inmhuirearaithe;

ciallaíonn “feithiclí” earraí (seachas earraí ré-chaite) de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) Le linn na tréimhse dar thosach an 1ú lá de Mhárta, 1976, agus dar chríoch an 30ú lá d'aibreán, 1976, beidh, d'ainneoin forálacha alt 11 den Phríomh-Acht, cáin inmhuirearaithe i ndáil le seachadadh iomchuí agus measfar gur de réir 6.75 faoin gcéad ab inmhuirearaithe í.

(3) D'ainneoin forálacha alt 12 (1) den Phríomh-Acht, ní bheidh an méid is inasbhainte ag duine faoin alt sin i ndáil—

(a) le haon fheithiclí cáilithe, agus

(b) le seachadadh nó allmhairiú aon fheithiclí (nach feithiclí cáilithe) a ndearnadh, i ndáil le comaoin a seachadta aige, cáin a mhuirearú de réir 6.75 faoin gcéad,

níos mó, i gcás seachadadh na n-earraí sin dó, ná 6.75 faoin gcéad den chomaoin is iníoctha aige gan aon cháin a áireamh is iníoctha i ndáil leis an seachadadh ag an duine a rinne an seachadadh ná níos mó, i gcás allmhairiú, ná 6.75 faoin gcéad de luach na n-earraí arna ríomh de réir alt 15 (4) den Acht sin.