An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (Caibidil II Dliteanas i leith Dleachta Máil Feithicle agus a dTarlóidh mura nIocfar í)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

CUID V

Dleachtanna Máil ar Fheithiclí Inneallghluaiste

Caibidil I

Ginearálta

Léiriú agus tosach feidhme (Cuid V).

1920, c. 72.

1952, Uimh. 24 .

64. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1920” an Roads Act, 1920;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ;

ciallaíonn “ceadúnas ginearálta” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 9 d'Acht 1920;

ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin” comhairle contae nó bardas contae-bhuirge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “mótar-thrádálaí” duine a sheolann gnó ag monarú, ag deisiú nó ag díol feithiclí lena mbaineann an Chuid seo;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin gCuid seo;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal le feithiclí de cheart nó le cead agus cibé acu ar tháille é nó in aisce;

ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin iomchuí”, i ndáil le feithicil, an t-údarás ceadúnúcháin ar ina limistéar feidhmiúcháin a choimeádtar an fheithicil de gnáth de thuras na huaire nó i gcás nach gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth i limistéar áirithe den sórt sin, an t-údarás ceadúnúcháin ar ina limistéar feidhmiúcháin atá príomh-áit ghnó an duine a choimeádann an fheithicil nó an áit a bhfuil gnáthchónaí air;

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le feithicil, an duine is deireanaí a bhfuil a ainm taifeadta i ndáil le clárú na feithicle de bhun Acht 1920;

ciallaíonn “feithicil”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, feithicil inneallghluaiste;

ciallaíonn “dleacht máil feithicle” an dleacht máil a mhuirearaítear agus a thoibhítear faoi alt 1 d'Acht 1952.

(2) Measfar, chun críocha na Coda seo, duine do choimeád feithicle in áit phoiblí má chuireann sé faoi deara í a bheith san áit sin ar feadh aon tréimhse, dá ghiorra í.

(3) Tiocfaidh an Chuid seo, cé is moite d'alt 79, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Chuid seo.

Rialacháin i gcoitinne (Cuid V).

65. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haon ábhar a fhorordú ar a dtugtar ábhar forordaithe sa Chuid seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Feidhm Chuid V.

66. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an Chuid seo le haon fheithicil a bhféadfar dleacht máil feithicle a mhuirearú ina leith.

(2) Fad a bheidh feithicil á húsáid faoi údarás ceadúnais ghinearálta ní bhainfidh alt 70 ná alt 71 den Acht seo léi.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh chun daoine a úsáideann nó a choimeádann feithiclí d'aicme nó de thuairisc a shonraítear sna rialacháin a dhíolmhú ó gach ceann nó ó aon cheann de cheanglais na Coda seo, seachas alt 70, a mhéid atá feidhm maidir leis na feithiclí ag an gceanglas nó ag na ceanglais lena mbaineann na rialacháin.

Sonraí áirithe i dtaobh feithiclí áirithe agus i dtaobh aistriú na bhfeithiclí sin a bheith le tabhairt d'údaráis cheadúnúcháin.

67. —(1) Duine—

(a) a choinneoidh ar feadh aon tréimhse feithicil ar inmhuirearaithe dleacht máil feithicle ina leith, agus

(b) nach mbeidh ceadúnas dá dtagraítear in alt 1 d'Acht 1952 eisithe i leith na feithicle,

déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis tosach na tréimhse, na sonraí a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo a thabhairt ar an modh forordaithe don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(2) Más rud é maidir le feithicil lena mbaineann an Chuid seo go n-aistreoidh an duine iomchuí a leas san fheithicil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-aistriú fógra faoin aistriú a thabhairt ar an modh forordaithe don údarás ceadúnúcháin iomchuí laistigh den tréimhse fhorordaithe agus tabharfaidh don údarás sin na sonraí a fhorodaítear chun críocha an fho-ailt seo.

(3) Gach duine is duine, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar eisíodh chuige ceadúnas a luaitear in alt 1 d'Acht 1952 agus a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin, measfar, maidir leis an bhfeithicil lena mbaineann an ceadúnas, ceanglais fho-alt (1) den alt seo a bheith comhlíonta aige.

(4) Rialacháin a rinneadh de bhun alt 12 (1) (d) d'Acht 1920 agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an ailt seo measfar freisin gurb é an tAire a rinne iad, agus gur faoin gCuid seo a rinne sé iad.

(5) Aon duine—

(a) nach gcomhlíonfaidh ceanglas de chuid fho-alt (1) nó (2) den alt seo, nó

(b) a dhéanfaidh agus é ag airbheartú bheith ag comhlíonadh aon oibleagáide a bheidh de cheangal air de bhua an fho-ailt sin (1) nó (2), aon fhaisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó faisnéis a thabhairt go meargánta a bheidh bréagach amhlaidh,

beidh sé ciontach i gcion.