An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Dleachtanna Máil ar Fheithiclí Inneallghluaiste) Ar Aghaidh (Caibidil III Ilghnéitheach)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

Caibidil II

Dliteanas i leith Dleachta Máil Feithicle agus a dTarlóidh mura nIocfar í

Dleacht máil feithicle a íoc agus a ghnóthú.

68. —(1) Dleacht máil feithicle a muirearaíodh i leith feithicle agus a bheidh gan íoc de thuras na huaire beidh sí iníoctha leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí ag aon duine arb é, tráth na dleachta a mhuirearú nó aon tráth eile i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht, an duine iomchuí é i ndáil leis an bhfeithicil.

(2) I gcás a mbeidh dleacht máil feithicle a muirearaíodh i leith feithicle gan íoc tar éis deireadh na tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a muirearaíodh an dleacht, beidh an dleacht inghnóthaithe ag an údarás ceadúnúcháin iomchuí mar fhiach conartha shimplí agus féadfaidh an t-údarás, nó aon duine arna cheapadh ag an údarás chun críocha an ailt seo (ceapachán a údaraítear leis seo don údarás a dhéanamh), imeachtaí chun é a ghnóthú a thionscnamh in aon chúirt dlínse inniúla i gcoinne aon duine a mbeidh, de bhua fho-alt (1) den alt seo, an dleacht iníoctha aige leis an údarás.

(3) I gcás dleacht máil feithicle a bheith inmhuirearaithe ar aon fheithicil, féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin iomchuí deimhniú a eisiúint faoin alt seo ag deimhniú ceachtar den dá ní seo a leanas, nó an dá ní sin, is é sin:

(a) an méid (más aon mhéid) dleachta a bheidh gan íoc ar dháta an deimhnithe, agus

(b) ainm an duine a bheidh ar taifead ar an dáta sin i ndáil le clárú na feithicle.

(4) In aon imeachtaí dlí beidh deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (3) den alt seo ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe ann, agus aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú den sórt sin é glacfar leis mar fhianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gur shínigh sé an deimhniú nó gurbh oifigeach an duine don údarás ceadúnúcháin a d'eisigh an deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.

(5) In aon imeachtaí chun dleacht máil feithicle a muirearaíodh ar fheithicil, seachas feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, a ghnóthú, is cosaint don chosantóir a chruthú nach ndearna sé féin ná aon duine eile de bhun údarás a tugadh go cuí an fheithicil a úsáid aon tráth i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht.

Feithicli lena mbaineann alt 70.

69. —(1) Baineann alt 70 den Acht seo le feithicil lena mbaineann dearbhú faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú maidir le haon fheithicil inneallghluaiste, ar feithicil í lena mbaineann an Chuid seo agus is d'aicme nó de thuairisc a shonraítear san ordú, gur feithicil í lena mbaineann alt 70 den Acht seo fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) I gcás, ar iarratas a bheith déanta sa tslí fhorordaithe maidir le feithicil, arb é a bheadh inti, ar leith ón alt seo, feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, agus tar éis na sonraí forordaithe a bheith tugtha i leith na feithicle sin, ar deimhin leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí nach féidir an fheithicil a úsáid a thuilleadh nó go bhfuil sí briste nó scriosta nó onnmhairithe go buan, leasóidh an t-údarás ceadúnúcháin iomchuí, sa tslí fhorordaithe, na sonraí a tugadh maidir leis an bhfeithicil de bhun alt 5 d'Acht 1920 nó de bhun na Coda seo, agus air sin scoirfidh an fheithicil de bheith ina feithicil a mbaineann an t-alt sin 70 léi.

(5) I gcás a ndéanfar iarratas sa tslí fhorordaithe maidir le feithicil arb é a bheadh inti, ar leith ón bhfo-alt seo, feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, agus go dtabharfar na sonraí forordaithe i leith na feithicle sin, agus gur deimhin leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí gur goideadh an fheithicil agus nach bhfuarthas ar ais í agus gur comhlíonadh cibé coinníollacha nó ceanglais (más ann) a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo, ansin fad a leanfaidh an fheithicil, tar éis don údarás an t-iarratas a chinneadh, a bheith gan fáil uirthi, ní bhainfidh an t-alt sin 70, maidir leis an bhfeithicil, leis an duine a rinne an t-iarratas.

(6) Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a gheobhaidh iarratas a bheidh déanta faoin alt seo é a chinneadh a luaithe is féidir.

(7) Nuair a bheartóidh an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Dliteanas leanúnach i leith dleachta máil feithicle is iníoctha maidir le feithiclí áirithe.

70. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh dleacht máil feithicle inmhuirearaithe i leith feithicil lena mbaineann an t-alt seo cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an fheithicil in áit phoiblí agus dlífidh aon duine an dleacht a íoc arb é, tráth na dleachta a mhuirearú nó aon tráth eile i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht, an duine iomchuí é i ndáil leis an bhfeithicil.

(2) Ní dhlífidh duine de bhua fho-alt (1) den alt seo dleacht máil feithicle a íoc—

(a) in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an dleacht sin íoctha ina haghaidh agus gan aisíoc de dhroim ceadúnas a thabhairt suas,

(b) in aghaidh aon tréimhse a choimeádfaidh sé an fheithicil d'aontoisc lena deisiú, lena cothabháil nó lena díol i gcúrsa a ghnó mar mhótar-thrádálaí nó lena húsáid faoi údarás ceadúnais ghinearálta i gcúrsa a ghnó mar mhótarthrádálaí.

Feithiclí nár íocadh an dleacht máil feithicle is inmhuirearaithe orthu a úsáid agus a choimeád.

71. —(1) I gcás dleacht máil feithicle bheith inmhuirearaithe ar fheithicil (de bhua an Achta seo nó de bhua Acht 1952) agus go mbeidh an dleacht sin gan íoc, ansin, beidh aon duine ciontach i gcion a dhéanfaidh, aon tráth fad a bheidh an dleacht gan íoc, an fheithicil a úsáid, a locadh nó a choimeád ar shlí eile in áit phoiblí, nó a chuirfidh faoi deara do dhuine eile an fheithicil a úsáid amhlaidh nó a údaróidh an fheithicil a úsáid amhlaidh ag duine eile.

(2) I gcás ar sheirbhíseach don duine a raibh an fheithicil á coimead aige cosantóir a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don chosantóir a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid aige ag comhlíonadh sainorduithe an duine sin.

(3) (a) I gcás a gciontófar duine i gcion faoin alt seo ní dhlífidh sé pionós faoi alt 13 (1) d'Acht 1920 a ghearradh air i leith an ghnímh chéanna.

(b) I gcás pionós dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a ghearradh ar dhuine, ní chiontófar é i gcion faoin alt seo i ndáil leis an ngníomh céanna.

Dliteanas breise maidir le feithicil a úsáid nár íocadh dleacht máil feithicle uirthi.

72. —I gcás, maidir le duine a chiontófar i gcion faoi alt 71 den Acht seo nó faoi alt 13 (1) d'Acht 1920, gurb é an duine iomchuí é tráth an chiona maidir leis an bhfeithicil ar ina leith a rinneadh an cion, ordóidh an chúirt dó, i dteannta aon phionóis a fhéadfaidh sí a ghearradh i leith an chiona, suim a íoc leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí is ionann agus méid, nó de réir mar is iomchuí, comhiomlán méideanna, na dleachta máil feithicle is inghnóthaithe uaidh, de bhua alt 68 den Acht seo, ar dháta an chiontaithe, ag an údarás ceadúnúcháin iomchuí.