|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Dliteanas i leith Dleachta Máil Feithicle agus a dTarlóidh mura nIocfar í) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1976
Caibidil III Ilghnéitheach | |||||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais a ghreamú d'Fheithiclí agus a thaispeáint orthu. |
73. —(1) I gcás feithicil lena mbaineann an Chuid seo a bheith á húsáid, ar locadh nó ar coimeád ar shlí eile aon tráth in áit phoiblí, agus más rud é le linn an fheithicil a bheith á húsáid, ar locadh nó ar coimeád amhlaidh nach mbeidh ceadúnas a eisíodh i leith na feithicle, agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, daingnithe agus ar taispeáint ar an bhfeithicil de réir alt 5 (5) d'Acht 1920, ansin, beidh an duine a mbeidh an fheithicil á húsáid, ar locadh nó ar coimeád aige amhlaidh an tráth sin ciontach i gcion, agus i dteannta an duine réamhráite, beidh an duine (murab é an duine réamhráite é) arb é an duine iomchuí é an lá a rinneadh an cion i ndáil leis an bhfeithicil ciontach i gcion freisin. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 12 (4) d'Acht 1920 i leith an neamhghnímh chéanna. | ||||||||||||||||
[EN] |
Forálacha mar fhorlíonadh ar alt 73. |
74. —(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (5) d'alt 103 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , i ndáil le cion faoi alt 73 den Acht seo ionann is dá mba chion lena mbaineann an t-alt sin 103 an cion. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 , agus beidh éifeacht leis ionann is dá mbeadh tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin do fheidhmeanna a bhaineann le cion faoi alt 73 den Acht seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Bainfidh alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta). 1975, le cion faoi alt 73 den Acht seo agus forléireofar an t-alt sin 3 agus beidh éifeacht leis de réir an méid sin roimhe seo. | ||||||||||||||||
[EN] |
Dualgas cruthúnais; cosaint. |
75. —(1) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ní gá don ionchúiseamh a chruthú le fianaise nach ann d'aon cheadúnas dá dtagraítear in alt 1 d'Acht 1952 agus is ar an duine ar mian leis leas a bhaint as ceadúnas den sórt sin a bheidh de dhualgas a chruthú é a bheith ann. | |||||||||||||||
[EN] | (2) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ní gá don ionchúiseamh a chruthú gurbh amhlaidh, an tráth a líomhnaítear a rinneadh an cion, de bhua alt 66 (2) nó alt 69 (4) den Acht seo, nár bhain an Chuid seo nó nár bhain alt 70 den Acht seo leis an bhfeithicil lena mbaineann na himeachtaí nó nach raibh scortha ag an alt sin 70 d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an bhfeithicil sin, nó, de bhua alt 69 (5) den Acht seo nó de bhua rialacháin faoi alt 66 (3) den Acht seo, nár bhain an t-alt sin 70 ná aon cheanglas atá sa Chuid seo, nó nach raibh scortha ag an alt sin 70 ná ag an gceanglas sin de bhaint leis an gcosantóir, agus in aon imeachtaí den sórt sin is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú nár bhain an Chuid seo amhlaidh nó nár bhain an t-alt sin 70 amhlaidh nó go raibh scortha aige de bhaint a bheith aige amhlaidh, an tráth sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ina líomhnóidh an t-ionchúiseamh gur chuir an cosantóir faoi deara nó gur údaraigh sé feithicil áirithe a úsáid ag duine eile in áit phoiblí ní gá don ionchúiseamh a chruthú go ndearnadh an úsáid sin a chur faoi deara nó a údarú amhlaidh, ach in imeachtaí den sórt sin is cosaint mhaith don chosantóir a chruthú gur duine seachas an cosantóir a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid áirithe sin agus nach ndearna an cosantóir an úsáid sin a chur faoi deara ná a údarú. | ||||||||||||||||
[EN] |
Pionóis (Cuid V). |
76. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoin gCuid seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12 (rialacháin) d'Acht 1920. |
77. —(1) Beidh éifeacht le halt 12 (1) (e) d'Acht 1920 ionann is dá scriosfaí na focail “(not exceeding five shillings)”. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht 1920 trí “one hundred pounds” a chur in ionad “twenty pounds”, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 1 (dleachtanna máil i leith feithiclí inneallghluaiste a úsáidtear ar bhóithre poiblí) d'Acht 1952. |
78. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1952— | |||||||||||||||
[EN] | (a) trí “in aon áit phoiblí” a chur in ionad “ar bhóithre poiblí” i bhfo-alt (1); agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11): | ||||||||||||||||
[EN] | “(11) San alt seo— | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘áit phoiblí’ aon sráid, bóthar nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal le feithiclí inneallghluaiste de cheart nó le cead agus cibé acu ar tháille é nó in aisce: | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ráithe’ aon tréimhse trí mhí.”; | ||||||||||||||||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar alt 1 (1) d'Acht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis i ndáil le feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo ionann is dá scriosfaí na focail “a húsáidtear in aon áit phoiblí”. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Rátaí dleachta máil feithicle. I. R. Uimh. 68 de 1968. I. R. Uimh. 5 de 1975 . |
79. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar Acht 1952 a leasú maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhánta, 1976, nó aon lá dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 93 (4) den Acht Airgeadais, 1973 ): | |||||||||||||||
[EN] | “(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo— | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le haon fheithicil— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (c) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) D1'ainneoin alt 3 d'Acht 1952, déanfar neamhshuim, le linn aon suim a bheith á cinneadh a bheidh le heisiúint as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) d'Acht 1920 de na fáltais ó na hathruithe ar dhleachtanna a dhéantar leis an alt seo, arna ríomh mar a ordóidh an tAire Airgeadais. |