An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí Áirithe) Ar Aghaidh (Caibidil IV Iocaíochtaí le Fochonraitheoirí sa Tionscal Foirgníochta)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

Caibidil III

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

Leasú ar alt 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 .

18. —(1) Beidh éifeacht le halt 21 den Acht Airgeadais, 1974 , i ndáil leis an mbliain 1976-77, ionann is dá gcuirfí “1976-77” in ionad “1975-76” i bhfo-alt (1).

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 21 den Acht Airgeadais, 1974 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)—

“(4) Le linn brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta a bheith á ríomh agus á muirearú de réir forálacha an ailt seo—

(a) ní lamhálfar aon asbhaint seachas na hasbhaintí a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3), agus

(b) ní rachaidh méid comhiomlán na n-asbhaintí a lamhálfar thar 40 oiread luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta sin.

(4A) Beidh feidhm ag fo-alt (4)—

(a) maidir leis an mbliain 1976-77, agus

(b) maidir le haon bhliain mheasúnachta a ndéanfaidh pearsa aonair rogha ina leith mar a fhoráiltear dó sin i bhfo-alt (1) agus a ndéanfaidh sé ina leith, an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, faoiseamh a éileamh faoi alt 307, 308, 309 nó 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”.

Talamh feirmeoireachta atá ar áitiú ag daoine áirithe.

1968, Uimh. 7 .

19. —(1) Ní bheidh éifeacht le halt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , do bhliain mheasúnachta i gcás pearsa aonair nó a bhanchéile má áitíonn an phearsa aonair nó a bhanchéile aon tráth an bhliain mheasúnacht sin, go haonraic nó i gcomhpháirtíocht le duine nó daoine eile, talamh feirmeoireachta ar talamh feirmeoireachta é nach eisean ná a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air ach—

(a) atá ar úinéireacht (go tairbhiúil nó ar mhodh eile) ag duine a bhfuil baint aige leis, nó

(b) is talamh—

(i) nach n-íocann seisean ná a bhanchéile aon íocaíocht ar mhodh cíosa nó eile i leith a áitithe, nó

(ii) a n-íocann seisean nó a bhanchéile ina leith íocaíocht ar lú í, ag féachaint do na luachanna a bhí i réim san am, ná an íocaíocht a d'fhéadfaí a fháil i leith na talún sin ar an mbonn gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí don íocaíocht:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh an talamh feirmeoireachta ar úinéireacht ag pearsa aonair nó ag a bhanchéile, más pearsa aonair lena mbaineann alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , don bhliain mheasúnachta sin an phearsa aonair nó a bhanchéile.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .