An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa)

16 1976

AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

CUID II

Custaim agus Mál

Míniú (Cuid II).

I.R. Uimh. 307 de 1975.

35. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

Beoir.

36. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le Mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir £60.595, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear sa Mhír sin 7 (1).

(2) Déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i Mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir saindlús bunaidh na beorach de réir £60.608 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear sa Mhír sin 7 (3).

Biotáille.

37. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le Mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le Mír 4 (2) d'Ordú 1975 de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

38. —Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le Mír 10 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

Fíon agus fíon déanta.

39. —(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le Mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le Mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

Olaí hidreacarbóin.

40. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le Mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir £0.4341 an galún in ionad an ráta atá leagtha amach sa Mhír sin 11 (1).

(2) (a) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de Mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin 11 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c).

(b) D'ainneoin fhomhír (6) de Mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6).

(3) Leasaítear leis seo Mír 11 (7) d'Ordú 1975 amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, trí “ach dleacht máil de réir £0.02 an galún a íoc” a chur in ionad “gan an dleacht sin a íoc”.

(4) Aon údarú a eisíodh roimh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, faoi fhorálacha Mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le Mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras saor ón dleacht sin, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £0.02 an galún a íoc.

(5) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £0.02 an galún a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i Míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1976.

(6) Leasaítear leis seo Míreanna 11 (4) agus 12 (2) d'Ordú 1975, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, trí “má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh í de dhroim oibriú na Míre seo” a chur in ionad “a fhorchuirtear leis an Mír seo, má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh í”.

(7) Leasaítear leis seo mír 12 (1) d'Ordú 1975, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann leis an mír sin:

“Ar choinníoll, áfach, go ndéanfar an dleacht máil sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, in ionad an ráta réamhluaite, ar ola throm hidreacarbóin mhianrach de réir brí alt 7 (6) den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , arna cur amach nó arna hallmhairiú amhlaidh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis.”.

(8) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi Mhír 12 (3) d'Ordú 1975, i ndáil le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £0.02 an galún.

(9) Cúlghairtear leis seo fomhíreanna (3) agus (13) de Mhír 11 agus Mír 12 (9) d'Ordú 1975 amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976.

Hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach.

1972, Uimh. 22 .

R. & O.R., Uimh. 490 de 1941.

1935, Uimh. 28 .

41. —(1) I dteannta aon dleachta eile is inmhuirearaithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a dhéantar sa Stát agus a chuirtear amach, ar díol nó le díol nó éile, ó áitreabh mhonaróir an chéanna nó a úsáideann an monaróir sin chun aon chríche seachas monarú nó táirgeadh ola hidreacarbóin nó hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach agus ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a allmhairítear isteach sa Stát agus muirearófar an dleacht sin—

(a) de réir £0.02 an galún go dtí tosach feidhme alt 42 den Acht seo, agus

(b) de réir £0.10 an galún dá éis sin.

(2) Lamhálfar aistarraingt ar cóimhéid leis an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh í i leith na n-earraí áirithe, ar earraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht sin a onnmhairiú as an Stát nó a loingsiú nó a thaisceadh i mbanna-stóras lena n-úsáid mar lón loinge.

(3) Aon uair is cuí leis an Aire Airgeadais é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, a údarú d'aon duine aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a allmhairiú nó a ghlacadh arna seachadadh ó áitreabh monaróra hidreacarbón gásach i bhfoirm leachtach nó ó bhanna-stóras gan an dleacht sin a íoc.

(4) Faoi réir na gcoinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur a bheith comhlíonta, féadfar aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a aistriú lena n-onnmhairiú, nó lena loingsiú lena n-úsáid mar lón loinge, as áitreabh mhonaróir na n-earraí sin gan an dleacht sin a íoc.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, cead a thabhairt aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a stórasú gan an dleacht sin a íoc, agus féadfaidh siad, más oiriúnach agus a mhéid is oiriúnach leo, dleacht a loghadh ar aon easnamh a tharlóidh in earraí a stórasófar amhlaidh i gcás ar deimhin leo nár tharla aon chuid den easnamh sin go mídhleathach ná go míchuí.

(6) Más rud é, sa tréimhse ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí an 29ú lá d'Fheabhra, 1976, de bhíthin oibriú forálacha Míreanna 11 agus 12 d'Ordú 1975 nó fho-alt (1) den alt seo, go raibh dleacht máil de réir £0.02 an galún iníoctha ar earraí a allmhairiú nó a sheachadadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, cead a thabhairt íoc na dleachta sin a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 29ú lá d'Fheabhra, 1976.

(7) Beidh feidhm ag Mír 17 d'Ordú 1975, modhnaithe mar is gá, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aici i ndáil leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an Ordú sin.

(8) Déanfar alt 15 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , a fhorléiriú, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí tosach feidhme alt 55 den Acht seo ionann is dá bhfolódh na tagairtí do dhleacht máil (a cuireadh isteach le hOrdú 1975) tagairtí don dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(9) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm, modhnaithe mar is gá, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag forálacha na nAchtanna Custam agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, agus nach bhfeidhmítear ar shlí eile leis an alt seo, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar earraí a allmhairítear isteach sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna custam.

(b) Más rud é, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, go bhfuil foráil san alt seo ar comhréir le foráil de chuid na nAchtanna Custam nó de chuid aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, ní bheidh feidhm ag an bhforáil deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil sin.

(10) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm, modhnaithe mar is gá, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag na forálacha de na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí an chéanna agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, agus nach bhfeidhmítear ar shlí eile leis an alt seo, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar earraí a táirgeadh nó a monaraíodh sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna máil.

(b) Más rud é, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, go bhfuil foráil san alt seo ar comhréir le foráil de chuid na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil nó de chuid aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, ní bheidh feidhm ag an bhforáil deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil sin.

(11) Forléireofar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil ar earraí allmhairithe a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, i dteannta na nAchtanna Custam agus aon ionstraim a bhaineann leis na custaim agus a rinneadh faoi reacht agus, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil sin ar earraí a rinneadh sa Stát, forléireofar é i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na dleachtanna sin agus a rinneadh faoi reacht.

(12) Beidh feidhm, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag forálacha Rialacháin 3 go 19 agus 21 go 39 de na Rialacháin Íle Híodrocarbóin, 1941, agus alt 21 (12) den Acht Airgid, 1935 , i ndáil leis na hearraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba ola hidreacarbóin nó ola (trom) hidreacarbóin iad, cibé acu é, de réir brí, i ngach cás, Rialachán 3 de na Rialacháin sin.

(13) Déantar leis seo an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Forálacha a bhaineann le dleacht ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach do mhótarfheithiclí.

1942, Uimh. 14 .

1949, Uimh. 13 .

1920, c. 72.

42. —(1) San alt seo—

tá le “mótar-fheithicil” an bhrí a shanntar dó le halt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , arna leasú le halt 8 (6) den Acht Airgeadais, 1942 , agus le halt 17 den Acht Airgeadais, 1949 ;

ciallaíonn “gás mótar-fheithicle” aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach is inchurtha faoin dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo agus atá ceaptha lena n-úsáid lena ndó in inneall mótar-fheithicle.

(2) Lamhálfar lacáiste ar cóimhéid leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo lúide méid arna ríomh de réir £0.02 an galún ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach ar ar íocadh an dleacht máil sin de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin agus a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, nach gás mótar-fheithicle iad.

(3) I gcás a lamhálfar lacáiste faoi fho-alt (2) den alt seo ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach, déanfar méid aon aistarraingthe is inlamhála faoi alt 41 (2) den Acht seo a laghdú méid an lacáiste a lamhálfar amhlaidh.

(4) (a) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil (dá ngairtear an dleacht ceadúnais san alt seo) 25 phingin ar cheadúnas arna dheonú ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh le baint amach gach bliain ag gach duine a dhíolann nó a sheachadann in aon áitreabh gás mótarfheithicle is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin, agus i gcás a ndéanann aon duine den sórt sin an gás sin a dhíol nó a sheachadadh i níos mó ná áitreabh amháin, beidh an dleacht ceadúnais iníoctha gach bliain ag an duine sin agus bainfidh sé an ceadúnas sin amach gach bliain i ndáil le gach áitreabh den sórt sin ar leithligh.

(b) Beidh ag forálacha aon reacht agus aon ionstraim a rinneadh faoi reacht a bhaineann le ceadúnais arna ndeonú faoi Mhír 12 (12) d'Ordú 1975 agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin, feidhm modhnaithe mar is gá, i ndáil le ceadúnais arna ndeonú faoin bhfo-alt seo agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le ceadúnais arna ndeonú faoin Mír sin 12 (12) agus leis an dleacht a fhorchuirtear leis an Mír sin.

(5) (a) Féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a bheidh ar coimeád in aon dabhach nó coimeádán eile atá i gceangal le hinneall mótarfheithicle atá déanta nó oiriúnaithe chun hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a úsáid lena ndó in inneall na mótar-fheithicle sin a scrúdú agus samplaí díobh a thógáil agus féadfaidh sé úinéir na feithicle, an duine is deireanaí a bhfuil a ainm taifeadta i ndáil le clárú na feithicle de bhun an Roads Act, 1920, agus an duine i bhfeighil na feithicle sin a cheistiú maidir leis na hidreacarbóin ghásacha sin agus féadfaidh sé a cheangal ar na daoine sin a chrúthú gur íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin ar aon hidreacarbóin ghásacha den sórt sin agus tabharfaidh na daoine sin don oifigeach nó don chomhalta an t-eolas go léir a cheanglófar orthu a thabhairt agus a bheidh acu nó ar fáil acu.

(b) Chun na cumhachtaí a thugtar dó le mír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána, má bhíonn amhras air ar fhoras réasúnach go bhfuil mótar-fheiticil a bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh ina leith ar coimeád in aon áitreabh, dul isteach san áitreabh sin. murab áit chónaí é, agus é a scrúdú, am ar bith idir 8 a.m. agus 6 p.m. aon lá, agus aon mhótar-fheithicil a bheidh á húsáid aige i gcúrsa a dhualgas a thabhairt isteach san áitreabh sin.

(c) Más rud é tar éis an ceistiú dá bhforáiltear i mír (a) den fho-alt seo a dhéanamh nach dtabharfar cruthúnas ar aird gur íocadh an dleacht atá luaite sa mhír sin, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, má bhíonn amhras air ar fhoras réasúnach nár íocadh an dleacht sin, an mhótar-fheithicil a bhfuil na hidreacarbóin ghásacha ar coimeád inti a urghabháil mar fheithicil a dhlitear a fhorghéilleadh.

(d) Le linn d'Oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo, tabharfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, ar aird don duine sin an coimisiún nó an tiomnú cumhachta ó na Coimisinéirí Ioncaim lena ndearnadh é a cheapadh mar oifigeach den sórt sin.

(6) In aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach nár íocadh an dleacht orthu a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo nó ar lamháladh lacáiste faoi fho-alt (2) den alt seo ina leith a dhíol, a sheachadadh, a úsáid nó a choimeád lena ndó in inneall mótar-fheithicle, toimhdeofar, nó go gcruthófar a mhalairt, nár íocadh an dleacht nó gur lamháladh an lacáiste, cibé acu é.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'Fhorálacha alt 41 den Acht seo agus an ailt seo agus, go háirithe—

(a) chun táirgeadh, díol, seachadadh, stóráil agus úsáid hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a rialú,

(b) chun a cheangal ar dhuine a stórálann, a dhíolann nó a úsáideann hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach aon leabhair, doiciméid, cuntais agus taifid a bhaineann leis na hidreacarbóin ghásacha sin a cheannach, a fháil, a dhíol nó a dhiúscairt aige a choimeád ar cibé modh a ordóidh siad agus iad a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim na leabhair, na doiciméid, na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna dhéanamh díobh,

(c) chun a cheangal go ndéanfar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach agus coimeádáin do na hidreacarbóin ghásacha sin a mharcáil ar cibé modh a shonróidh siad sna rialacháin,

(d) chun a cheangal go ndéanfaidh táirgeoirí agus déileálaithe hidreacarbón gásach i bhfoirm leachtach agus aon duine is úinéir ar aon mhotar-fheithicil, nó atá de thuras na huaire i bhfeighil aon mhótar-fheithicle, a rinneadh nó a oiriúnaíodh chun hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a úsáid lena ndó in inneall na mótarfheithicle sin eolas a thabhairt maidir le hidreacarbóin ghásacha den sórt sin agus coimeádáin hidreacarbón gásach den sórt sin a sholáthar nó a úsáid.

(8) Ní dhéanfaidh aon duine—

(a) aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach nár íocadh an dleacht orthu, a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo nó ar lamháladh lacáiste dleachta faoi fho-alt (2) den alt seo ina leith, a úsáid lena ndó in inneall mótar-fheithicle ná a choimeád i ndabhach nó i gcoimeádán eile i gceangal le hinneall mótar-fheithicle, nó

(b) aon ghás mótar-fheithicle a cheannach nó a fháil ó aon duine nach sealbhóir ceadúnais é faoi fho-alt (4) den alt seo.

(9) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh forálacha an ailt seo nó aon rialachán faoin alt seo nó a chomhraicfidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo nó le haon rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú, dlífear pionós máil £500 a chur air agus déanfar an gás mótar-fheithicle a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh agus, i gcás cion a bhaineann le mótar-fheithicil, más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é ag an duine faoin alt seo, forghéillfear an fheithicil.

(10) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 21 (dleachtanna ar olaí hidreacarbóin) den Acht Airgid, 1935 .

1940, Uimh. 14 .

43. —Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935 , trí “pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith agus, i gcás cion a bhaineann le mótarfheithicil—

(i) más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é faoin alt ag an duine, nó

(ii) má tá ag an bhfeithicil, in ionad nó i dteannta gnáthdhabhach breosla nó gnáth-dhabhcha breosla na feithicle, dabhach nó coimeádán eile atá folaithe, atá i gceangal le hinneall na feithicle agus a bhfuil ola hidreacarbóin inti (is inchurtha faoi cheachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le Mír 12 d'Ordú 1975) nach bhfuil ceachtar de na dleachtanna sin íoctha uirthi nó ar lamháladh lacáiste faoi Mhír 12 (3) den Ordú sin ina leith,

forghéillfear an fheithicil” a chur i bhfo-alt (12) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1940 ) in ionad “pionós céad punt, do chur air fén dlí bhaineann le custaim nó fén dlí bhaineann le mál (do réir mar a bheidh) agus ina theanta san geallbhruidfear an íle sin” agus tá an oiread d'fho-alt (12), arna leasú amhlaidh, a leanann mír (e) den fho-alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith agus, i gcás cion a bhaineann le mótarfheithicil—

(i) más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é faoin alt ag an duine, nó

(ii) má tá ag an bhfeithicil, in ionad nó i dteanna gnáthdhabhach breosla nó gnáth-dhabhcha breosla na feithicle, dabhach nó coimeádán eile atá folaithe, atá i gceangal le hinneall na feithicle agus a bhfuil ola hidreacarbóin inti (is inchurtha faoi cheachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le Mír 12 d'Ordú 1975) nach bhfuil ceachtar de na dleachtanna sin íoctha uirthi nó ar lamháladh lacáiste faoi Mhír 12 (3) den Ordú sin ina leith,

forghéillfear an fheithicil.

Leasú ar alt 34 (leasuithe maidir le pionóis) den Acht Airgeadais, 1963 .

44. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1963 . trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfomhír (i) de mhír (c) agus i bhfomhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (4) agus i bhfo-alt (5) agus tá na fomhíreanna sin (i) agus (ii) agus an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(i) i gcás inar mó ná £500 trí oiread an luacha mheasta, triailfear an cion ar díotáil, agus

(ii) i gcás inar mó ná £500 trí oiread an luacha a chinnfear amhlaidh, triailfear an cion ar díotáil.

(5) Déanfar cion faoi aon achtachán de na hAchtanna Custam, seachas achtachán dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, a thriail ar díotáil má bhíonn an pionós, nó más rud é go bhféadfadh an pionós a bheith, níos mó ná £500.

Taifead custam a dhéanamh agus dleachtanna a íoc ar aerárthaí agus longa a allmhairítear.

45. —(1) Duine a allmhaireoidh aerárthach, long, bád nó soitheach eile ar a ndlitear dleacht custam nó dleacht máil a íoc tráth a hallmhairithe, déanfaidh sé féin nó déanfaidh sé trína ghníomhaire, laistigh de 7 lá ó thráth an allmhairithe—

(a) taifead custam a dhéanamh ina leith trí thaifeadadh de i cibé foirm agus modh a ordaítear faoi alt 55 den Customs Consolidation Act, 1876, a sheachadadh don Oifigeach Custam agus Máil cuí, agus

(b) aon dleachtanna den sórt sin is iníoctha a íoc uirthi.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus dlífear, ar é a chiontú, pionós £500 a chur air agus déanfar an t-aerárthach, an long, an bád nó an soitheach eile ar i ndáil léi a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

Orduithe a dhaingniú.

46. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

I.R. Uimh. 127 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 218) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1975.

I.R. Uimh. 131 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 219) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam). 1975.

I.R. Uimh. 307 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

I.R. Uimh. 320 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 222) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1975.

I.R. Uimh. 324 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 223) (Coisbheart), 1975.