An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Claontaí, Orduithe Fála agus Cúiteamh)

30 1976

AN tACHT GÁIS, 1976

CUID II

Bord Gáis Éireann

Bord Gáis Éireann.

7. —(1) Bunófar, an lá bunaithe, comhlacht dá ngairfear sa Ghaeilge Bord Gáis Éireann agus sa Bhéarla The Irish Gas Board (is comhlacht dá ngairtear “an Bord” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht i leith an Bhoird ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna an Bhoird.

8. —(1) Is é dualgas an Bhoird córas a fhorbairt agus a chothabháil le gás nádúrtha a riar ar córas tíosach éifeachtúil é agus ar dealraitheach don Bhord gur córas é atá riachtanach de thuras na huaire.

(2) Beidh aird ag an mBord, ag comhlíonadh na ndualgas dó a bheidh curtha air faoin Acht seo, ar na foinsí gáis nádúrtha a bheidh ar fáil de thuras na huaire ag an mBord agus ar na ceanglais sábháilteachta sin is dóigh leis an mBord is gá i ndáil leis an ngás sin a tharchur agus a dháileadh.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo ná d'aon fhoráil den Acht seo ar leith ón alt seo, féadfaidh an Bord—

(a) gás nádúrtha a tharchur agus a dháileadh agus, faoi réir fho-alt (7) den alt seo, gás nádúrtha a bheidh faighte aige (bíodh nó ná bíodh an gás sin ullmhaithe, próiseáilte nó cóireáilte) a dhíol agus a riar,

(b) gás nádúrtha a cheannach nó a fháil ar shlí eile ó aon fhoinse,

(c) gás nádúrtha a leachtú nó a ullmhú, a phróiseáil nó a chóireáil ar shlí eile,

(d) táillí a shocrú, a ghearradh agus a ghnóthú i ndáil le haon ghás a dhíolfaidh an Bord nó aon riar gáis, seirbhís nó saoráid a sholáthróidh an Bord nó aon ní a ghlacfaidh an Bord de láimh de bhun an ailt seo, nó ranníocaí a shocrú agus a ghlacadh i ndáil le haon seirbhís nó saoráid a sholáthrófar amhlaidh,

(e) cibé téarmaí agus coinníollacha eile is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil le haon díolachán gáis nó maidir le haon riar gáis nó seirbhís nó saoráid a sholáthróidh sé,

(f) faoi réir fho-ailt (7), (8) agus (9) den alt seo, cibé píoblínte, críochfoirt, stáisiúin tuinseamh-laghdaithe, stáisiúin astógála, soithí, feithiclí, oibreacha, seirbhísí, saoráidí nó nithe eile is gá nó is fóirsteanach, nó a bheidh coimhdeach, i ndáil le soláthar, forbairt nó cothabháil córais riartha gáis, a sholáthar, a oibriú nó a chothabháil, nó a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil, le húsáid ag an mBord nó ag duine eile seachas an Bord.

(g) aon ní is ní a luaitear i mír (f) den fho-alt seo a sholáthar, a oibriú nó a chothabháil, nó a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil, le haghaidh nó thar ceann úinéir píoblíne a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le gás a riar ar an mBord,

(h) aon cheann nó gach ceann de na seirbhísí agus de na saoráidí seo a leanas a bhaineann le forbairt nó le riar gáis, is é sin, comhairle nó cúnamh, seirbhísí taighde nó saoráidí taighde nó oiliúna a sholáthar d'aon duine eile,

(i) faoi réir fho-alt (5) den alt seo, airgead a ranníoc nó a ráthú do chuspóirí déirciúla nó do chuspóirí carthanúla nó le haon fhoras nó d'aon fhoras nó d'aon chuspóir poiblí, ginearálta nó fóinteach,

(j) billí malairte, nótaí gealltanais nó ionstraimí soshannta eile nó ionstraimí inaistrithe eile a tharraingt, a dhéanamh, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a shannadh nó a eisiúint,

(k) faoi réir fho-alt (6) den alt seo, bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.

(l) aon ghníomhaíocht a sheoladh is dealraitheach don Bhord a bheith riachtanach, tairbhiúil nó teagmhasach i ndáil le comhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo ag an mBord nó ar dealraitheach don Bhord go n-urasódh sí an comhlíonadh sin.

(4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, a mhéid is dóigh leis an mBord é a bheith riachtanach, gás, seachas gás nádúrtha, a cheannach nó a fháil ar shlí eile, a mhonarú, a tharchur nó a dháileadh lena dhíol nó lena riar in ionad gáis nádúrtha.

(5) I gcás a ndéanfaidh an Bord de bhun fho-alt (3) (t) den alt seo,

(i) ranníoc is mó ná £1,000 a thabhairt nó

(ii) dhá ranníoc nó níos mó, is mó sa chomhiomlán ná £1,000, a thabhairt, aon bhliain áirithe, le haghaidh cuspóra nó forais áirithe nó don chéanna,

déanfar an ranníoc nó na ranníocaí, de réir mar is iomchuí, mar aon leis an gcuspóir nó leis an bhforas lena mbainfidh sé nó siad a shonrú sna cuntais a choimeádfaidh an Bord de bhun an Achta seo.

(6) Ní ghlacfaidh an Bord aon bhronntanas de bhun fho-alt (3) (k) den alt seo má bhíonn na hiontaobhais agus na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

(7) Ní onnmhaireoidh an Bord gás ná ní dhéanfaidh sé píoblíne, ach amháin de bhun agus de réir toiliú ón Aire faoin bhfo-alt seo agus déanfaidh an tAire, más oiriúnach leis, nuair a bheidh toiliú den sórt sin á thabhairt aige, coinníollacha a chur ag gabháil leis an toiliú, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, i gcás a mbainfidh an toiliú le gás a onnmhairiú, is tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus ansin amháin, a thabharfaidh sé an toiliú.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le toiliú faoin bhfo-alt sin leis an mBord do dhéanamh píoblíne, is coinníollacha á cheangal go n-urramófar, maidir leis an bpíoblíne, cóid agus caighdeáin shonraithe sábháilteachta nó inniúlachta i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas,

(a) déanamh píoblínte,

(b) oibriú píoblínte,

(c) cothabháil píoblínte.

(9) I gcás a ndéanfaidh an Bord píoblíne déanfaidh an Bord gach beart réasúnach leis an gcomharsanacht nádúrtha a chaomhnú agus le gan díobháil a dhéanamh do thaitneamhachtaí an cheantair agus, go háirithe, agus gan dhochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord, le linn dó bheith ag déanamh na píoblíne, gach beart réasúnach lena áirithiú nach ndíobhálfar aon fhoirgneamh, láithreán, fásra, ainmhithe, gné ná aon ní eile is ábhar spéise áirithe ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, geolaíochta nó nádúir, agus nuair a bheidh an Bord ag roghnú raoin don phíoblíne rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, ina theannta sin, tabharfaidh sé aird ar aon uiríolla maidir le raon na píoblíne sin a thiocfaidh chun an Bhoird ó aon údarás áitiúil a mbeadh raon beartaithe, nó aon chuid de raon den sórt sin, ina limistéar feidhmiúcháin dá ndéanfaí an phíoblíne, nó ó aon cheann acu seo a leanas a mbeadh an raon sin nó an chuid sin, sna cúinsí sin, ar a chuid talún nó ina chuid talún nó thar a chuid talún, is é sin;

(a) údarás cuain,

(b) Bord Soláthair an Leictreachais nó aon ghnóthaire leictreachais eile,

(c) Córas Iompair Éireann nó aon ghnóthaire iarnróid eile,

(d) ghnóthaire gáis (seachas an Bord).

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, agus tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Aire Stáit eile (más ann) is dóigh leis an Aire baint a bheith aige leis an ábhar, le hordú, cibé feidhm a thabhairt don Bhord (i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Bhord leis an Acht seo), is feidhm a bhainfidh le soláthar gáis a chur ar fáil is dóigh leis an Aire is cuí agus a shonróidh sé san ordú, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil go gcomhlíonfar an fheidhm faoi réir coinníollacha a shonrófar san ordú agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha forliontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach le lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú, agus i gcás ar tar éis don Aire dul i gcomhairle le hAire Stáit a rinne an tAire an t-ordú a mbeifear lena leasú nó a chúlghairm le hordú faoin bhfo-alt seo, rachaidh an tAire freisin, sula ndéanfaidh sé an t-ordú faoin bhfo-alt seo, i gcomhairle leis an Aire Stáit sin.

(3) I gcás a mbeidh sé beartaithe go ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go ndéanfaidh gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

Glanfaidh an Bord fiachais agus saothróidh sé brabach réasúnach ar chaipiteal.

10. —Faoi réir alt 11 den Acht seo, beidh de dhualgas ar an mBord ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, a áirithiú, a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, gur cinnte dó, agus blianta a glacadh le chéile,

(a) nach mó a chaiteachas oibríochta, lena n-áirítear na muirir uile is inmhuirearaithe go cuí ar ioncam, ná a ioncam, agus

(b) go mbeidh sé ag saothrú brabaigh réasúnaigh ar aon chaipiteal a bheidh á oibriú aige.

Orduithe maidir le brabúis, cuspóirí airgeadais agus polasaí praghsanna an Bhoird.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais cibé ordacháin ghinearálta is cuí leis a thabhairt don Bhord i ndáil le polasaí praghsanna maidir le díol nó soláthar gáis nó cuspóirí airgeadais an Bhoird.

(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais a ordú go ndéanfar brabúis an Bhoird bliain a shonrófar san ordú a fheidhmiú i cibé slí (lena n-áirítear a bhfeidhmiú chun tairbhe don Státchiste) a shonrófar san ordú.

(3) Nuair a bheidh an Bord ag comhlíonadh a fheidhmeanna—

(a) déanfaidh sé de réir aon ordaithe faoin alt seo nó aon ordacháin faoin alt seo in ndáil lena pholasaí praghsanna maidir le díol nó soláthar gáis,

(a) beidh aird aige ar aon ordachán faoin alt seo i ndáil lena chuspóirí airgeadais.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le praghas a éileoidh an Bord i gcás áirithe.

Conarthaí an Bhoird.

12. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a cheartaítear a dhéanamh.

13. —(1) Comhalta den Bhord a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Bord conradh a dhéanamh, nó in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh—

(a) nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é ag an gcruinniú den Bhord ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an conradh sin nó, mura mbeidh leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an Bhoird,

(c) ní vótálfaidh sé ar aon chinneadh i ndáil le conradh den sórt sin, ná

(d) ní áireofar é ar an gcóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú a dhéileálfaidh le conradh den sórt sin.

(2) Taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird nochtadh faoin alt seo.

(3) I gcás ar deimhin leis an Aire go bhfuil loicthe ag comhalta den Bhord déanamh de réir ceanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo féadfaidh sé, más oiriúnach leis, an comhalta sin a chur as oifig, agus má chuirtear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

14. —(1) Tabharfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis deireadh a bhliana airgeadais, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird in imeacht na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas i ndáil le tuarascáil faoin alt seo nó i ndáil le gníomhaíochtaí an Bhoird, seachas riarachán ó lá go lá, a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar an mBord sonraí pleananna an Bhoird i ndáil le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird san am le teacht a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus déanfaidh an Bord de réir aon cheanglas a chuirfidh an tAire faoin bhfo-alt seo.

Cuntais agus iniúchadh.

15. —(1) Coimeádfaidh an Bord i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Bord.

(2) Déanfaidh an Bord na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur le hiniúchadh chuig iniúchóir a cheapfaidh an Bord, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun na cuntais a iniúchadh agus déanfaidh an Bord na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige táillí iniúchóra a cheapfaidh an Bord go cuí faoin alt seo.

(4) Tabharfaidh an Bord, má cheanglaíonn an tAire air é, cibé eolas don Aire a iarrfaidh an tAire i ndáil le haon chuntas a chuirfidh an Bord faoina bhráid faoin alt seo.

Foireann an Bhoird.

16. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé méid daoine chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord is cuí leis an mBord ó am go ham.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is oiriúnach leis an mBord agus sin, i gcás phríomh-oifigeach an Bhoird (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an mBord ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar lena oifigigh nó lena sheirbhísigh nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn no a shealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, beidh aird ag an mBord ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ar bith de thuras na huaire, nó ar pholasaí rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar bith amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord de réir aon ordacháin maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Bhord le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoiri.

17. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhruiliú ó am go ham a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fruilíodh de bhun an ailt seo.

(2) Conradh a dhéanfaidh an Bord de bhun an ailt seo ní conradh in aghaidh tréimhse is faide ná trí bliana a bheidh ann.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

18. —(1) A luaithe is caothúil i ndiaidh an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha le pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar éag dóibh do cibé oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith cibé oifigigh nó seirbhísigh, de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord.

(2) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim do leasú nó do chúlghairm scéime faoin alt seo a ullmhú agus chur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás a gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.

(4) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí, nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor nó ar éag dóibh, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(7) Ní dhéanfaidh an Bord aon phinsean, aisce ná liúntas eile a dheonú ar shlí seachas de réir scéime faoin alt seo ar oifigeach nó seirbhíseach éirí as, scor nó éag.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Oifigigh nó seirbhísigh an Bhoird a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

19. —(1) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás a ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniúchán agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás a n-ainmneofar é le toghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin bheidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Eolas a nochtadh.

20. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird, aon eolas a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Bhord nó mar oifigeach nó seirbhíseach, nó mar shainchomhairleoir nó comhairleoir, don Bhord.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo—

(a) cosc a chur le heolas a nochtadh i dtuarascáil chun an Bhoird nó (thar ceann an Bhoird) chun an Aire,

(b) an Bord a chosc ó eolas a nochtadh chun críche scéime taighde nó forbartha.

(4) Ní choiscfear ar chomhalta den Bhord eolas a nochtadh chun críche scéime taighde nó forbartha.

Araigh chaipitil an Bhoird.

21. —Ní rachaidh an Bord, gan ceadú ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, faoi árach caipitil is mó de mhéid ná méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire chun críche an ailt seo agus a bhainfidh leis an árach.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, méideanna a shonrú chun críocha an ailt seo agus féadfar méid den sórt sin a shonrú amhlaidh i ndáil le háraigh chaipitil i gcoitinne nó i ndáil le háraigh chaipitil d'aicme nó de thuairisc áirithe.

Airleacain chun an Bhoird ón Aire Airgeadais.

22. —(1) Lena chumasú don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Is ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a chinnfidh an tAire Airgeadais a thabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £25,000,000 aon tráth áirithe.

(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an Bord d'aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo.

An Bord d'fháil iasachtaí chun críocha caipitiúla.

23. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, a fháil ar iasacht le caiteachas a ghlanadh a thabhaigh sé agus is inmhuirearaithe go cuí i leith caipitil.

(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £25,000,000 aon tráth áirithe.

(3) Ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht faoin alt seo ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

(4) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a fuarthas an iasacht.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht go sealadach.

24. —Féadfaidh an Bord, le toiliú ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh le soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

Ráthaíocht Stáit i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí chun críocha caipitiúla.

25. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, seachas ón Aire Airgeadais faoi alt 22 den Acht seo, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a fháil a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £25,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(3) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis an Aire ar scór na híocaíochta.

(c) an méid príomhshuime faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(6) Déanfaidh an Bord airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(7) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh amuigh amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo.

(10) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais in airgead seachas airgead reatha an Stáit—

(i)  glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairtí don méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, leis an ús iarbhír agus leis na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir costas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit,

(ii)  glacfar leis an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (4) de alt seo mar thagairt do chóimhéid na príomhshuime iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é de thuras na huaire ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é,

(iii) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (5) go (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

An Bord do dhul isteach ar thalamh

26. —(1) Féadfaidh aon oifigeach don Bhord nó aon duine eile a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an mBord ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo (is duine dá ngairtear “uine údaraithe” anseo feasta san alt seo) dul isteach aon tráth réasúnach ar aon talamh chun aon chríche nó críocha de na críocha seo a leanas, is é sin;

(a) chun cigireacht nó suirbhéireacht a dhéanamh ar an talamh agus aon fhiafraí, fiosrú nó scrúdú a dhéanamh ar an talamh d'fhonn a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an talamh, nó ceart thar an talamh, oiriúnach lena fháil ag an mBord chun críche de chuid an Achta seo,

(b) chun aon fhiosrú nó scrúdú réamhghabhálach nó teagmhasach a dhéanamh ar an talamh i ndáil leis an mBord d'fháil na talún nó aon chirt thar an talamh.

(2) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ann is ní coimhdeach nó ní réasúnta riachtanach chun na críche ar chuici a chuathas isteach, agus gan dochar don méid sin roimhe seo féadfaidh sé aon ní acu seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh nó a chur á dhéanamh, is é sin, dearclíniú, druileáil, tolladh, piardáil nó tochailt, nó ithir a thástáil agus, más gá sin, ithir a asláithriú.

(3) Sula rachaidh duine údaraithe isteach faoi fho-alt (1) den alt seo ar aon talamh, gheobhaidh sé toiliú, i gcás talún áitithe, ón áititheoir, nó i gcás talún neamháitithe, ón úinéir, nó tabharfaidh sé fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn don úinéir nó aon áititheoir, de réir mar a bheidh, go bhfuil beartaithe aige dul isteach ar an talamh.

(4) Duine dá mbeidh fógra tugtha faoin alt seo ag duine údaraithe go bhfuil beartaithe aige dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a bheith tugtha, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt don duine údaraithe sin, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh ag iarraidh ordú do thoirmeasc an dul isteach ar an talamh, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis é, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le hurramú ag an duine údaraithe a rachaidh isteach.

(5) I gcás a dtoirmiscfidh Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo ar dhuine dul iteach ar thalamh a mbeidh beartaithe aige dul isteach air, ní dleathach d'aon duine dul isteach faoi fho-alt (1) den alt seo ar an talamh, agus i gcás a sonróidh Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le hurramú ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh, déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin bhfo-alt sin (1) na coinníollacha a bheidh sonraithe amhlaidh a urramú.

Cumhachtaí an Bhoird i ndáil le déanamh, cothabháil agus deisiú píoblínte.

1946, Uimh. 24 .

27. —(1) Faoi réir fho-ailt (7), (8) agus (9) d'alt 8 den Acht seo agus na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, féadfaidh an Bord, chun aon phíoblíne (cibé acu leis an mBord nó nach leis an phíoblíne) a dhéanamh, a chothabháil nó a dheisiú, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin—

(a) aon fhoirgneamh nó aon chuid de a athrú, a dheisiú nó a scartáil,

(b) aon chlaí, fál, crann nó balla a athrú, a dheisiú, a asláithriú nó a scartáil,

(c) i gcás aon chuid de phíoblíne a bheith faoi thalamh, comharthaí a chur ar an talamh ag taispeáint go bhfuil píoblíne faoin talamh,

(d) aon bhóthar, iarnród, uiscebhealach inseolta, abhainn, sruthán nó sruthchúrsa eile, droichead, tollán, lintéir, píobán, draein nó ní eile a bhaint, a bhriseadh nó a dhúnadh go sealadach ar shlí eile, a thrasnú, a leathnú, a chlaonadh nó cur isteach air ar shlí eile nó é a athrú,

ar choinníoll nach ndéanfaidh an Bord, i ndáil le claí, fál, crann, balla nó foirgneamh atá le hais bóthair phoiblí, nó i ndáil leis an mBord do chur comhartha ar bhóthar den sórt sin nó lena ais, cumhacht faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú ach amháin le toiliú an údaráis bhóthar lena mbainfidh, agus má bhíonn díospóid ann i dtaobh an bhfuil claí, fál, crann, balla nó foirgneamh áirithe le hais bóthair phoiblí, nó i dtaobh an mbeidh comhartha, nuair a shuífear é, i mbóthar den sórt sin nó lena ais, cuirfidh an Bord an t-ábhar faoi bhráid an Aire lena chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord, i ndáil le ní leis an gCoimisiún, le húdarás bóthar, le duine a shonraítear nó a thuairiscítear in alt 8 (9) den Acht seo nó leis an Aire nó le haon Aire Stáit eile, cumhacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ach amháin le toiliú an Choimisiúin, an údaráis bhóthar, an duine nó an Aire Stáit lena mbainfidh agus féadfaidh an Coimisiún, an t-údarás, an duine nó an tAire, le linn dó an toiliú sin a thabhairt, cibé coinníollacha réasúnacha is oiriúnach leis a chur ag gabháil leis an toiliú agus i dteannta an méid sin roimhe seo,

(a) ní rachaidh an Bord isteach in aon teach cónaí, ná ní ghlacfaidh seilbh ar aon teach cónaí, i bhfeidhmiú cumhachta den sórt sin gan fógra i scríbhinn a thabhairt trí mhí roimh ré d'áititheoir an tí cónaí sin go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus

(b) ní rachaidh an Bord isteach, ná ní ghlacfaidh seilbh, ar aon talamh, seachas teach cónaí, gan fógra i scríbhinn a thabhairt mí roimh ré d'áititheoir na talún sin go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh.

(3) Faoi réir alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Bord nó a seirbhísigh nó a ngníomhairí nó aon chonraitheoir a bheidh fostaithe ag an mBord nó aon oibrí a bheidh fostaithe ag conraitheoir den sórt sin dul, le feithiclí nó gan feithiclí, innealra nó gaireas nó trealamh eile,

(a) le rochtain go dtí láithreán píoblíne a bheidh déanta nó á déanamh nó le déanamh ag an mBord,

(b) le rochtain go dtí píoblíne (cibé acu leis an mBord nó nach leis an mBord an phíoblíne) chun í a iniúchadh, a dheisiú, a chothabháil nó píoblíne a shuíomh ina hionad,

isteach ar thalamh aon tráth réasúnach, nó, i gcás éigeandála, aon tráth.

(4) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, fho-alt (1) den alt seo, agus alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Bord chun aon chríche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo droichead, bóthar nó cosán d'aon sórt a dhéanamh ar aon talamh nó thar aon talamh, agus an droichead, an bóthar nó an cosán sin a úsáid agus a chothabháil nuair a bheidh sé déanta ag an mBord.

(b) Sula bhfeidhmeoidh an Bord cumhacht déantóireachta faoin bhfo-alt seo gheobhaidh an Bord toiliú an údaráis áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheartaítear a bheidh an bóthar nó an cosán nó an droichead a bheartaítear a dhéanamh nó aon chuid den chéanna.

(c) I gcás a mbeartóidh an Bord droichead, bóthar nó cosán a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ar aon talamh is leis an gCoimisiún nó is leis an Stát ar shlí eile nó atá dílsithe d'Aire Stáit, gheobhaidh an Bord ar dtús, sula bhfeidhmeoidh siad aon chumhacht dá gcuid i ndáil leis an droichead, leis an mbóthar nó leis an gcosán, toiliú—

(i) i gcás ar leis an gCoimisiún an talamh, ón gCoimisiún,

(ii) i gcás ar leis an Stát ar shlí eile an talamh, ón Aire Airgeadais, agus

(iii) i gcás a bhfuil an talamh dílsithe d'Aire Stáit, ón Aire sin,

agus is ceanglais i dteannta, agus ní ceanglais in ionad, cheanglais mhír (b) den fho-alt seo ceanglais na míre seo.

(5) Féadfaidh duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin a bheidh coimhdeach nó reasúnta riachtanach chun na críche ar chuici a chuathas isteach, agus gan dochar don méid sin roimhe seo féadfaidh an duine sin aon ní acu seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh nó a chur á dhéanamh, is é sin, dearclíniú, druileáil, tolladh, piardáil nó tochailt, nó ithir a thástáil agus, más gá sin, ithir a asláithriú.

(6) San alt seo tá le “údarás bóthar” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Srian le talamh a shealbhaíonn an Bord agus cearta áirithe thar thalamh nó i leith talún a fháil go héigeantach.

28. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán seachas an tAcht seo, ní bhfaighidh aon duine (seachas an tAire), go héigeantach, gan toiliú roimh ré ón Aire, aon talamh a bheidh i seilbh an Bhoird ná ní bhfaighidh, ní fhoirceannfaidh ná ní shrianfaidh, go héigeantach, ná ní choimhtheoidh, gan toiliú an Bhoird, aon éasúint, cead slí ná aon cheart eile ar aon chor thar aon talamh ná i leith aon talún den sórt sin ná ní bhainfidh go héigeantach ar shlí eile leis an gcéanna gan an toiliú sin ná ní bhainfidh go héigeantach le haon éasúint, cead slí ná aon cheart eile ar aon chor de chuid an Bhoird thar thalamh nó i leith talún.

Srian leis an mBord do dhiúscairt etc. cearta mianraí.

1940, Uimh. 31 .

29. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht seo, ní dhéanfaidh an Bord ceadúnas ná ceart i leith aon chirt mianraí a oibriú atá dílsithe don Bhord (ar leith ó aon duine eile nó ar shlí eile) a dhíol, a ligean, a léasú ná a fhorléasú, ná a dhiúscairt ar shlí eile ná a dheonú ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(2) San alt seo tá le “ibriú” agus “ianraí” na bríonna céanna atá leo in alt 2 agus in alt 3, faoi seach, den Acht Forbairte Minearál, 1940 .

Féadfaidh an Bord fodhlíthe áirithe a dhéanamh.

30. —(1) Féadfaidh an Bord fodhlíthe a dhéanamh le córas an Bhoird chun gás a tharchur agus a dháileadh nó aon chuid den chóras sin, lena n-áirítear, go sonrach, aon phíoblíne, stáisiún tuinseamh-laghdaithe, stáisiún astógála nó críochfort, a chosaint agus a choimeád sabháilte.

(2) Cuirfear fodhlí a dhéanfaidh an Bord faoin alt seo faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(3) Aon uair a chuirfidh an Bord fodhlí faoi bhráid an Aire lena cheadú, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an Bord, a luaithe is caothúil tar éis don Bhord an fodhlí a chur faoi bhráid an Aire, fógra faoin gcurfaoi-bhráid a fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach seachtain de dhá sheachtain chomhleanúnacha i dtrí nuachtán (ar nuachtán laethúil maidine nuachtán amháin acu ar a laghad) a léitear sa limistéar ar ann atá an córas nó cuid den chóras a bhfuil sé beartaithe go mbainfidh an fodhlí leis;

(b) inseofar san fhógra na críocha ar chucu an fodhlí, go bhfuil cóip den fhodhlí ar oscailt chun a hiniúchta ag an bpobal i bpríomh-oifig an Bhoird agus gur féidir le duine ar bith agóidí in aghaidh an fho-dhlí a cheadú a chur faoi bhráid an Aire aon tráth i rith na tréimhse seasca lá dar tosach dáta an fhodhlí a fhoilsiú den chéad uair;

(c) coimeádfaidh an Bord, i gcaitheamh na tréimhse seasca lá sin, cóip den fhodhlí ar oscailt chun a hiniúchta ag an bpobal le linn gnáth-uaire oifige i bpríomh-oifig an Bhoird;

(d) féadfaidh aon duine arb ábhar agóide leis an fodhlí a cheadú a agóidí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn aon tráth i rith na tréimhse seasca lá sin;

(e) de réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé an fodhlí a cheadú, nó ceadóidh sé an fodhlí, gan mhodhnú, nó modhnóidh sé an fodhlí mar is cuí leis agus ceadóidh sé é, arna mhodhnú amhlaidh, ach má cheadaíonn sé an fodhlí (modhnaithe nó gan mhodhnú) ní cheadóidh sé amhlaidh é nó go mbeidh an tréimhse seasca lá sin caite agus breithneoidh sé na hagóidí go léir a cuireadh faoina bhráid in imeacht na tréimhse sin in aghaidh an fhodhlí a cheadú;

(f) má cheadaíonn an tAire an fodhlí, tiocfaidh an fodhlí, arna cheadú amhlaidh, i bhfeidhm láithreach.

(4) Doiciméad a airbheartóidh gur cóip é d'fhodhlíthe a rinneadh faoin alt seo, agus a mbeidh deimhniú (a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord) formhuinithe air á rá gur fíorchóip de na fodhlíthe é agus go raibh na fodhlíthe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, glacfar, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír, mar fhianaise i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar na fodhlíthe agus go raibh siad i bhfeidhm ar an dáta sin.

(5) Beidh duine a sháróidh fodhlí a rinneadh faoin alt seo ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.