An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Bord Gáis Éireann) Ar Aghaidh (CUID IV Bord Gáis Éireann Teoranta)

30 1976

AN tACHT GÁIS, 1976

CUID III

Claontaí, Orduithe Fála agus Cúiteamh

Claontaí.

31. —(1) I gcás a ndaingneoidh an tAire teorainneacha claonaidh de bhun Airteagal 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, le linn an phíoblíne iomchuí a sholáthar, is dleathach don Bhord in aon áit laistigh de na teorainneacha claonaidh sin, arna ndaingniú amhlaidh, gan fógra a thabhairt,

(a) an phíoblíne a dhéanamh, nó

(b) aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an déanamh sin (bíodh nó ná bíodh an phíoblíne iomchuí á déanamh laistigh de na teorainneacha claonaidh sin) agus, nuair a bheidh an phíoblíne sin déanta, í a chothabháil nó í a dheisiú nó píoblíne a shuíomh ina hionad agus aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an gcothabháil, leis an deisiú nó leis an suíomh sin;

ar choinníoll go mbeidh fógra faoi Airteagal 3 (2) den Dara Sceideal sin seirbheáilte ar úinéir na talún ina ndéanfar, ar a ndéanfar nó thar a ndéanfar an phíoblíne nó an ní, go dtí go mbeidh cead faoin alt seo a bhainfidh leis an talamh faighte ag an mBord.

(2) I gcás a mbeartóidh an Bord a chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú maidir le talamh agus nach mbeidh fógra faoi Airteagal 3 (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo seirbheáilte ar úinéir na talún sin, féadfaidh an Bord cead faoin alt seo a iarraidh i scríbhinn ar an Aire agus i gcás ar féidir ainm agus seoladh an duine arb é an t-úinéir sin é a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, seirbheálfaidh an Bord ar an duine fógra—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag an mBord chun an Aire go bhfeidhmeoidh an Bord cumhachtaí an Bhoird faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an talamh,

(b) go bhféadfar agóidí agus uiríolla a dhéanamh chun an Aire i dtaobh an bheartaithe (is uiríolla agus agóidí a údaraítear leis seo a dhéanamh),

(c) go bhféadfar na hagóidí nó na huiríolla sin a dhéanamh laistigh den tréimhse trí sheachtain dar tosach dáta an fhógra,

(d) go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid iomchuí a bheidh taiscthe de bhun an Dara Sceideal sin leis an Aire a iniúchadh aon tráth réasúnach i rith na tréimhse sin, agus

(e) ag insint na háite nó na n-áiteanna a bhéadfar na doiciméid sin a iniúchadh amhlaidh.

(3) I gcás a ndéanfar iarratas ar chead faoin alt seo chun an Aire agus gurb é tuairim an Aire, ag féachaint d'aon uiríolla agus d'aon agóid a rinneadh go cuí faoin alt seo agus nár tarraingíodh siar, gur ceart géilleadh don iarratas, agus i gcás nach mbeidh fógra faoi fho-alt (2) den alt seo seirbheáilte, nach féidir leis an mBord ainm agus seoladh an duine arb é úinéir na talún iomchuí é a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, féadfaidh an tAire cead faoin alt seo a thabhairt agus oibreoidh an cead—

(a) lena cheadú don Bhord gan fógra a thabhairt—

(i) píoblíne a dhéanamh,

(ii) aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an déanamh sin (bíodh nó ná bíodh an phíoblíne iomchuí á déanamh sa talamh sin, ar an talamh sin nó thar an talamh sin),

agus, nuair a bheidh an phíoblíne sin déanta, í a chothabháil nó í a dheisiú nó píoblíne a shuíomh ina hionad agus aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an gcothabháil, leis an deisiú nó leis an suíomh sin sa talamh, ar an talamh nó thar an talamh lena mbaineann an t-iarratas, agus

(b) más gá sin, cead slí sa talamh sin, ar an talamh sin nó thar an talamh sin a thabhairt don Bhord le haghaidh na píoblíne sin.

(4) Maidir le hiarratas ar chead faoin alt seo, duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, aon tráth réasúnach i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, iniúchadh a dhéanamh, nó a chur faoi deara iniúchadh a dhéanamh thar a cheann, ar aon doiciméad is doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) den alt seo.

Ordú fála.

1964, Uimh. 16 .

32. —(1) Féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh chun an Aire ar ordú faoin alt seo (is ordú dá ngairtear “rdú fála” san Acht seo) le go bhfaighidh an Bord go héigeantach aon talamh nó ceart thar thalamh,

(a) a bheidh ag teastáil ón mBord le haon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú nó i ndáil leis an bhfeidhmiú sin,

(b) a bheidh ag teastáil i ndáil le duine, seachas an Bord, do sholáthar píoblíne a mbeartaítear gás nádúrtha a riar léi ar an mBord,

(c) a bheidh ag teastáil i ndáil leis an mBord do sholáthar píoblíne do dhuine eile is píoblíne a mbeartaítear gás nádúrtha a riar léi, seachas ag an mBord, ar an duine sin agus ar an duine sin amháin,

agus, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an tAire ordú fála a dhéanamh i ndáil leis an talamh nó le ceart thar thalamh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le hordú fála agus maidir le haon iarratas ar ordú den sórt sin.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú fála rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tailte agus leis an gCoimisiún agus freisin le cibé Aire Stáit eile, más ann, ar dealraitheach don Aire baint a bheith aige leis an ábhar.

(4) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú fála beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás ar i ndáil le talamh a mbeidh an Bord chun é a fháil a dhéanfar an t-ordú, faoi réir cibé sriantachtaí agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile (más ann) a shonróidh an tAire de bhun Airteagal 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, dílseoidh an t-ordú, gan a thuilleadh forcinntithe, don Bhord an t-eastát nó an leas a bheidh sonraithe san ordú sa talamh sin saor ó gach ceart (lena n-áirítear aon cheart poiblí seachas ceart slí poiblí) muirear, ualach nó eire nó leas eile agus ó éilimh gach duine ag a bhfuil leas san eastát sin nó leas sa talamh, cibé acu i leith eirí nó leasanna sa chéanna nó ar aon slí eile ar aon chor é, seachas—

(i) i gcás an talamh a bheith faoi réir blianachta Stáit agus a bheith dílsithe i bhfeo simplí leis an ordú don Bhord, an bhlianacht Stáit sin,

(ii) cibé ualaí (más ann) a bheidh sonraithe san ordú,

(b) i gcás ar i ndáil le ceart thar thalamh seachas ceart slí poiblí a dhéanfar an t-ordú, oibreoidh an t-ordú, faoi réir cibé sriantachtaí agus forálacha (más ann) a shonróidh an tAire amhlaidh, chun an ceart, nó leas i gceart den sórt sin, a bheidh sonraithe san ordú, a thabhairt don Bhord nó a aistriú chun an Bhoird saor ó gach éileamh agus ó gach ceart eile de chuid aon daoine ag a bhfuil leas sa leas sin,

(c) i gcás ar i ndáil le ceart slí poiblí a dhéanfar an t-ordú, oibreoidh an t-ordú chun an ceart slí poiblí a mhúchadh.

(5) I dteannta ceanglais fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh, comhlíonfaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé ordú fála, na ceanglais seo a leanas, is é sin;

(a) i gcás a mbeidh socrú in ordú fála le go bhfaighidh an Bord talamh atá ar teachtadh ag údarás áitiúil, ag gnóthaire iarnróid seachas Córas Iompair Éireann, ag gnóthaire gáis seachas an Bord, ag údarás cuain, nó ag gnóthaire leictreachais seachas Bord Soláthair an Leictreachais, ní dhéanfar an t-ordú amhlaidh ach amháin más deimhin leis an Aire gurb é leas an phobail an t-ordú a dhéanamh,

(b) i gcás a mbeidh socrú san ordú le ceart slí poiblí a mhúchadh, ní dhéanfar an t-ordú amhlaidh go dtí go mbeidh curtha faoi deara ag an Aire éisteacht ó bhéal a sheoladh faoin múchadh a bheidh beartaithe agus go mbeidh breithniú déanta aige ar aon agóidí nó uiríolla a rinneadh go cuí in aghaidh an mhúchta bheartaithe agus nár tarraingíodh siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an éisteacht.

(6) I gcás a ndílseoidh ordú fála talamh don Bhord,

(a) oibreoidh an t-ordú, amhail ar dháta agus ó dháta an ordaithe, chun na heastáit, na hiontaobhais agus na heirí uile a bhí ar marthain i leith leas an duine sa talamh díreach roimh dháta an ordaithe a aistriú agus a astú go feadh an méid a d'íoc an Bord le duine mar chúiteamh, agus

(b) seasfaidh an méid sin, maidir le haon chearta nó éilimh a bhí ann díreach roimh dháta an ordaithe, i leith nó in aghaidh an leasa sin, in ionannas don leas sin chun gach críche.

(7) I gcás a dtiocfaidh talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , chun bheith dílsithe don Bhord i bhfeo simplí de bhua ordaithe fála, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an Bord a chlárú, sa chlár iomchuí a chothabháiltear faoin Acht sin, mar úinéir (de réir brí an Achta sin) na talún agus, ina theannta sin, cuirfidh an t-údarás faoi deara cibé athruithe eile (más aon athrú é) a dhéanamh sa chlár iomchuí sin is iomchuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

(8) Beidh ag gabháil le hordú fála léarscáil nó plean a thaispeánfaidh an talamh lena mbaineann an t-ordú (léarscáil nó plean ar cuid den ordú é nó í nuair a bheidh sé nó sí ag gabháil leis an ordú).

(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú fála a leasú agus déanfar aon tagairtí d'ordú fála san alt seo, ar leith ón bhfo-alt seo, nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú faoin bhfo-alt seo.

(10) San alt seo folaíonn “píoblíne” críochfort píoblíne.

Cúiteamh.

33. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhmiú aon chumhachta faoi alt 26, 27, 31, 32 nó 34 den Acht seo faoi réir cúiteamh a íoc—

(a) i leith aon chirt thar thalamh nó aon eastáit nó leasa eile i dtalamh nó i gceart thar thalamh, a fuarthas de bhua ordaithe fála,

(b) i leith aon laghdaithe ar luach aon chirt thar thalamh nó aon eastáit nó leasa eile de chuid aon duine in aon talamh, nó in aon cheart thar thalamh, de dhroim an chumhacht a fheidhmiú,

(c) i leith aon chaillteanais eile a tabhaíodh nó aon damáiste a rinneadh de dhroim an fheidhmithe sin,

agus faoi réir alt 35 (5) den Acht seo, is é a íocfaidh an cúiteamh, mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua fho-alt (2) den alt seo.

(d) i gcás ar faoin alt sin 34 a fheidhmeofar an chumhacht, an Chuideachta, agus

(e) in aon chás eile, an Bord.

(2)  (a)  Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, i gcás arb iníoctha cúiteamh le duine faoin alt seo i leith cumhacht a fheidhmiú faoi alt 26, 27, 31 nó 34 den Acht seo, íocfar, de réir fho-alt (1) den alt seo, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo, ón dáta,

(i) i gcás ar i leith cumhacht a fheidhmiú faoi mhír (a), (b) nó (d) d'alt 27 (1), faoi alt 27 (3), faoi mhír (a) d'alt 27 (4) nó faoi alt 31 den Acht seo is iníoctha an cúiteamh, arb é an dáta é a feidhmíodh an chumhacht, nó

(ii) in aon chás eile, arb é an dáta é ar ar éilíodh cúiteamh,

go dtí go n-íocfar an cúiteamh sin.

(b) Más rud é—

(i) go ndéanfaidh an Bord nó an Chuideachta aon suim a thairiscint gan choinníoll i scríbhinn mar chúiteamh do dhuine lenarb iníoctha cúiteamh faoin alt seo, agus

(ii) nach nglacfaidh an duine leis an tairiscint, agus

(iii) nach mó an tsuim a dhámhfaidh an t-eadránaí oifigiúil don duine sin ná an tsuim a bheidh tairgthe amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin.

(3) Déanfar éileamh faoin alt seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh, cheal comhaontú, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, díreach ar gach slí ionann is dá mba i ndáil le talamh a fháil go héigeantach a d'éirigh an t-éileamh sin, agus measfar chun na críche sin gur údarás poiblí de réir brí an Achta sin an Bord nó an Chuideachta, de réir mar is iomchuí, agus déanfar an tagairt in alt 69 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , d'údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Bhord nó don Chuideachta, de réir mar is iomchuí.

(4) Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin alt seo—

(a) i gcás ar mionaoiseach nó duine mímheabhrach an duine atá i dteideal an chúitimh, laistigh de thréimhse sé bliana ón dáta ar a scoirfidh an duine sin de bheith faoin míchumas sin nó ar a n-éagfaidh sé, cibé teagmhas acu sin is túisce, ach nach faide ná tríocha bliain tar éis an chumhacht iomchuí faoin Acht seo a fheidhmiú,

(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse sé bliana ó dháta cumhacht den sórt sin a fheidhmiú.

(5) Faoi réir míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (4) den alt seo, féadfar cúiteamh faoin alt seo a íoc le hionadaí pearsanta duine a bheidh i dteideal an chuitimh sin.