Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL COMHLACHTAI AINMNITHE)

6 1977


Uimhir 6 de 1977


AN tACHT UM PÁIRTEACHAS LUCHT OIBRE (FIONTAIR STÁIT), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO FHOSTAITHE DE CHUID FIONTAR STÁIT ÁIRITHE BHEITH PÁIRTEACH I nDÉANAMH CINNTÍ AG AN bhFIONTAR, CHUN NA gCRÍOCHA SIN DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH FOSTAITHE DE CHUID FIONTAR DEN SÓRT SIN A CHEAPADH INA gCOMHALTAÍ NÓ INA STIÚRTHÓIRÍ DEN CHÉANNA, DO DHÉANAMH FORÁIL LE hAGHAIDH TOGHADH NA bhFOSTAITHE SIN DO CHEAPACHÁIN DEN SÓRT SIN, D'AISGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEANN LE ROINNT ÁIRITHE DE NA FIONTAIR SIN AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[4 Aibreán, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1963, Uimh. 33 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “Aer Lingus”, ach amháin sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, Aer Lingus Teoranta;

ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann Teoranta;

tá le “líon iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 23 den Acht seo;

ciallaíonn “caibidlí cómhargántaíochta” caibidlí idir aon fhostóir, aon eagraíocht fostóirí nó aon chomhlacht eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí ar thaobh amháin agus aon eagraíocht nó aon chomhlacht eile daoine atá ionadaitheach d'fhostaithe ar an taobh eile, is caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nó le coinníollacha oibre, fostaithe;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir brí alt 2 d'Acht 1963;

ciallaíonn “comhlacht ainmnithe” comhlacht lena mbaineann an tAcht seo (agus a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo);

ciallaíonn “toghchán” toghchán de bhun an Achta seo;

ciallaíonn “bliain toghcháin” bliain is bliain toghcháin de bhua alt 6 den Acht seo;

ciallaíonn “toghthóir”, i ndáil le toghchán, duine atá i dteideal faoin Acht seo vótáil sa toghchán;

ciallaíonn “fostaí”, i ndáil le comhlacht ainmnithe, duine atá fostaithe i gcáil lánaimsire ag an gcomhlacht faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta agus, chun críocha ailt 9 (4) (w) agus 10 den Acht seo, measfar gur fostaí de chuid Aer Lingus duine atá fostaithe sa cháil sin ag Aerlínte faoi chonradh den sórt sin;

tá le “liosta toghthóirí” an bhrí a shanntar dó le halt 9 (4) (w) den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an tAire Saothair;

ciallaíonn “lá ainmniúcháin”, faoi réir ailt 13 (6) agus 14 (3) den Acht seo, i ndáil le toghchán, an lá a shocróidh an tAire de bhun alt 6 (2) den Acht seo i leith an toghcháin;

ciallaíonn “gnáth-stiúrthóir” duine is stiúrthóir ar chuideachta ar comhlacht ainmnithe í agus atá ceaptha nó ainmnithe chun bheith ina stiúrthóir ar shlí seachas faoin Acht seo;

ciallaíonn “gnáth-chomhalta” duine is comhalta d'aon chomhlacht ainmnithe a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus atá ceaptha chun a bheith ina chomhalta den sórt sin ar shlí seachas faoin Acht seo;

tá le “lá vótaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (1) den Acht seo;

tá le “tréimhse vótaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “réamhvótaíocht” an bhrí a shanntar dó le halt 13 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “ceann comhairimh”, i ndáil le comhlacht ainmnithe, an duine arb é, chun críocha an Achta seo, maidir leis an gcomhlacht, an ceann comhairimh de thuras na huaire é de bhua alt 7 den Acht seo;

tá le “lá sonraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 15 (2) den Acht seo;

tá le “lá luaite” an bhrí a shanntar dó le halt 8 den Acht seo;

tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975.

An tAire iomchuí.

2. —Chun críocha an Achta seo is é an tAire iomchuí—

(a) i ndáil leis na comhlachtaí ainmnithe.

(i) maidir le Bord na Móna, Córas Iompair Éireann agus Bord Soláthair an Leictreachais, an Taoiseach.

(ii) maidir le Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta, an tAire Airgeadais,

(iii) maidir le Nítrigin Éireann Teoranta, an tAire Tionscail agus Tráchtála,

(iv) maidir le hAer Lingus agus leis an British and Irish Steam Packet Company Limited, an tAire Iompair agus Cumhachta, agus

(b) i ndáil le toghchán, an tAire Stáit arb é, de bhua an méid sin roimhe seo, an tAire iomchuí é i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán.

An lá ceaptha.

3. —(1) Féadfaidh an tAire i ndáil le gach comhlacht ainmnithe lá a cheapadh le hordú le bheith ina lá ceaptha chun críocha alt 6 den Acht seo agus féadfar an lá céanna a cheapadh amhlaidh i ndáil le gach comhlacht ainmnithe nó i ndáil le haon dá chomhlacht ainmnithe nó níos mó.

(2) Ní bhainfidh alt 4 (2) den Acht seo le hordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

Orduithe agus rialacháin i gcoitinne.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

(2) Faoi réir alt 3 (2) den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(4) I gcás a mbeartaítear ordú faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 3, a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Comhlachtaí lena mbaineann an tAcht.

5. —Baineann an tAcht seo le gach comhlacht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Bliain toghcháin agus lá ainmniúcháin.

6. —(1) Maidir le comhlacht ainmnithe is iad na blianta toghcháin chun críocha an Achta seo—

(a) an bhliain ar lá di an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 den Acht seo i ndáil leis an gcomhlacht, agus

(b) gach tríú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin.

(2) Tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Mheán Fómhair, déanfaidh an tAire, gach bliain is bliain toghcháin i ndáil le comhlacht ainmnithe, lá a shocrú le rialacháin i ndáil leis an gcomhlacht sin le bheith, chun críocha an Achta seo, ina lá ainmniúcháin an bhliain toghcháin sin, agus i gcás ar bliain toghcháin an bhliain chéanna maidir le dhá chomhlacht ainmnithe nó níos mó, féadfar an lá céanna a fhorordú i ndáil le gach ceann de na comhlachtaí ainmnithe sin nó le haon dá cheann nó níos mó díobh.

Ceann comhairimh.

7. —(1) Maidir le comhlacht ainmnithe, is é an ceann comhairimh chun críocha an Achta seo—

(a) rúnaí an chomhlachta nó, mura bhfuil aon rúnaí den sórt sin ann, an t-oifigeach don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna rúnaí don chomhlacht, nó

(b) in ionad an rúnaí nó an oifigigh sin, aon duine eile a mheasfaidh an rúnaí nó an t-oifigeach sin a bheith inniúil ar fheidhmeanna ceann comhairimh a chomhlíonadh agus a mbeidh glacadh leis—

(i) ag ceardchumann nó comhlacht eile daoine ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach ina leith go bhfuil sé aitheanta ag an gcomhlacht ainmnithe chun críocha caibidlí cómhargántaíochta agus go bhfuil sé ionadaitheach do thromlach fostaithe an chomhlachta, nó

(ii) ag dhá cheann nó níos mó de cheardchumainn nó de chomhlachtaí eile daoine ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach ina leith go bhfuil siad ionadaitheach i dteannta a chéile do thromlach na bhfostaithe sin agus ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht aitheanta amhlaidh.

(2) Féadfaidh ceann comhairimh aon fheidhmeanna dá chuid, is feidhmeanna a bheidh forordaithe de thuras na huaire, a chomhlíonadh trí aon fhostaí eile de chuid an chomhlachta ainmnithe iomchuí nó trí aon duine eile a bheidh, i gceachtar cás, údaraithe go cuí aige i scríbhinn chuige sin.

(3) Ní bheidh an ceann comhairimh i dtoghchán i dteideal go n-ainmneofaí é mar iarrthóir, nó go n-ainmneodh sé iarrthóir, sa toghchán.

Lá luaite, etc.

8. —Déanfaidh an ceann comhairimh i dtoghchán, tráth nach déanaí ná an lá is seachtó lá roimh an lá ainmniúcháin, maidir leis an toghchán—

(a) lá a shocrú chun críocha alt 10 (2) den Acht seo, dá ngairtear an “lá luaite” san Acht seo agus ar lá é nach luaithe ná an séú lá is caoga ná nach déanaí ná an dóú lá is daichead roimh an lá arb é an lá ainmniúcháin é maidir leis an toghchán, agus

(b) an tréimhse nó na tréimhsí a shocrú a nglacfar le hainmniúcháin sa toghchán an lá ainmniúcháin sin,

ar choinníoll nach lú ná trí huaire a chloig an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a shocrófar amhlaidh.

Seoladh toghchán.

9. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, comórfar toghcháin de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) baint ghinearálta a bheith acu le toghcháin,

(b) baint a bheith acu le toghcháin a bhaineann le comhlacht ainmnithe áirithe nó le comhlachtaí áirithe den sórt a bheidh sonraithe sna rialacháin, nó

(c) baint a bheith acu le toghchán áirithe nó le toghcháin áirithe a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh—

(a) leis an Aire Stáit nó le gach Aire Stáit, de réir mar is iomchuí, arb é an tAire iomchuí é ó thaobh an chomhlachta ainmnithe lena mbainfidh na rialacháin, agus

(b) leis an gcomhlacht ainmnithe nó le gach comhlacht ainmnithe, de réir mar is iomchuí, lena mbainfidh na rialacháin.

(3) I gcás ar toghchán iomaíochta toghchán, tógfar an vótaíocht trí rúnbhallóid agus de réir phrionsabal na hionadaíochta cionúire.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas i ndáil le toghcháin :

(a) ainmniúcháin,

(b) iarrthóirí do tharraingt siar agus iarrthóirí d'fháil bháis,

(c) an nós imeachta i gcás gan aon iarrthóir a bheith ainmnithe,

(d) an líon iarrthóirí a chinneadh is féidir le comhlachtaí is comhlachtaí cáilithe chun críocha alt 11 den Acht seo a ainmniú de bhun an ailt sin i dtoghcháin,

(e) foirm an pháipéir bhallóide a úsáidfear,

(f) an tráth agus an modh le hiarraidh go n-eiseofar foirmeacha ainmniúcháin agus an tráth agus an modh a n-eiseofar na foirmeacha sin,

(g) na sonraí a bheidh i bpáipéir bhallóide,

(h) an modh chun foirmeacha ainmniúcháin agus páipéir bhallóide a chomhlánú agus a shíniú,

(i) an nós imeachta,

(i) chun na comhlachtaí a fhionnadh atá i dteideal iarrthóirí a ainmniú faoi alt 11 den Acht seo aon bhliain toghcháin,

(ii) chun na daoine a fhionnadh atá i dteideal a n-ainmneacha a bheith ar taifead ar liosta toghthóirí, agus

(iii) chun céannacht na ndaoine a shuíomh a bheidh ag moladh daoine lena n-ainmniú mar iarrthóirí i dtoghcháin, na ndaoine a bheidh ag vótáil in aon réamhvótaíocht nó vótaíocht eile faoin Acht seo agus na ndaoine a bheidh molta amhlaidh,

(j) dearbhuithe reachtúla a thógáil agus a ghlacadh i ndáil le céannacht—

(i) daoine a bheidh ag vótáil le linn réamhvótaíocht nó vótaíocht eile a bheith á tógáil faoin Acht seo, agus

(ii) daoine a bheidh molta amhlaidh lena n-ainmniú,

(k) an tréimhse nó na tréimhsí le linn uaire forordaithe (nach lú ná dhá uair déag a chloig an tréimhse sin nó comhiomlán na dtréimhsí sin) ina ndéanfar réamhvótaíochtaí nó vótaíochtaí eile i dtoghcháin,

(l) an tráth agus an modh chun páipéir bhallóide a eisiúint, tríd an bpost nó ar dhóigh eile, chuig daoine a bhfuil vótaí acu,

(m) an modh a dtabharfar fógra faoin méid seo a leanas, is é sin, an tráth nó na tráthanna agus an áit nó na háiteanna—

(i) a n-eiseofar páipéir bhallóide,

(ii) a dtógfar vótaíocht,

(iii) a bhféadfar iniúchadh a dhéanamh de bhun alt 10 (5) den Acht seo,

(n) na daoine a eiseoidh na foirmeacha ainmniúcháin agus na páipéir bhallóide,

(o) an tráth agus an modh chun foirmeacha ainmniúcháin comhlánaithe agus páipéir bhallóide (seachas páipéir phostbhallóide) a eisíodh i dtoghchán a chur chuig an gceann comhairimh,

(p) an tráth agus an modh chun páipéir phostbhallóide a eisíodh i dtoghchán a chur chuig an gceann comhairimh nó chuig duine éigin a bheidh údaraithe go cuí chun iad a ghlacadh thar a cheann,

(q) rúndacht vótála a choimeád,

(r) iniúchadh na bpáipéar ballóide ag an gceann comhairimh,

(s) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfaidh agus an modh a ndéanfaidh duine ag a bhfuil údarás páipéir phostbhallóide a ghlacadh thar ceann an cheann comhairimh na páipéir bhallóide sin a thabhairt ar ais don cheann comhairimh,

(t) coimeád páipéar ballóide agus an modh a ndiúscrófar iad tar éis an toghcháin,

(u) an tráth agus an modh chun vótaí a chomhaireamh,

(v) an ceann comhairimh do dhiúltú do pháipéir bhallóide agus do dhícheadú vótaí,

(w) maidir le gach comhlacht ainmnithe, liosta singil a ullmhú agus a chothabháil ar leithligh d'ainmneacha daoine atá i dteideal vótáil i dtoghcháin a bhaineann leis an gcomhlacht (is liosta dá ngairtear an “liosta toghthóirí” san Acht seo), agus an modh a mbeidh an liosta sin ar fáil lena iniúchadh ag fostaithe de chuid an chomhlachta,

(x) aon ní eile a bhaineann le seoladh toghchán.

Ceart vótála, etc.

10. —(1) I gcás a mbeidh iomaíocht i dtoghchán, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí iomchuí agus ar duine é, an lá a bheidh socraithe chun an réamhvótaíocht nó vótaíocht eile a thógáil sa toghchán, is fostaí de chuid an chomhlachta ainmnithe lena mbaineann an toghchán i dteideal vóta amháin sa vótaíocht, agus ní bheidh daoine seachas na daoine réamhráite i dteideal vótáil i réamhvótaíocht ná i vótaíocht eile faoin Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, gach duine is fostaí don chomhlacht ainmnithe iomchuí an lá luaite—

(a) agus nach bhfuil faoi bhun ocht mbliana déag d'aois an lá sin, agus

(b) ar fostaí den sórt sin é le tréimhse leanúnach nach giorra na bliain a chríochnaigh díreach roimh an lá sin,

beidh sé i dteideal a ainm a bheith ar taifead sa liosta toghthóirí a bheidh ullmhaithe agus á chothabháil ag an gceann comhairimh agus ar iarratas chuige sin a bheith déanta déanfaidh an ceann comhairimh, ar bheith deimhin dó go gcomhlíonann an duine sin ceanglais míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, ainm an duine a thaifeadadh ar an liosta sin.

(3) I gcás a ndéanfar toghchán, ní bheidh duine i dteideal iarratas a dhéanamh de bhun fho-alt (2) den alt seo chun an cheann comhairimh tráth ar bith an lá arb é an lá ainmniúcháin é maidir leis an toghchán, agus i gcás iomaíocht a bheith sa toghchán, beidh an duine sin, ina theannta sin, ó theideal amhlaidh ar feadh na tréimhse dar tosach an lá i ndiaidh an lae ainmniúcháin sin agus dar críoch,

(a) i gcás a ndéanfar réamhvótaíocht de bhun an Achta seo agus go mbeidh tromlach na vótaí sa réamhvótaíocht in aghaidh dul ar aghaidh níos faide leis an toghchán, an lá a fhionnfar toradh na réamhvótaíochta, agus

(b) in aon chás eile, an lá a chuirfidh an ceann comhairimh, de bhun alt 12 (5) den Acht seo, ainmneacha aon iarrthóirí a toghadh sa toghchán in iúl don Aire iomchuí.

(4) Dearbhaítear leis seo nach bhforléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar dhuine vótáil i dtoghchán nó a ainm a bheith ar taifead ar liosta toghthóirí a bheidh ullmhaithe agus á chothabháil faoin Acht seo ar an aonchúis go bhfuil an duine ar fostú ag comhlacht ainmnithe ar iasacht chuig comhlacht nó chuig duine eile.

(5) Féadfaidh aon fhostaí de chuid comhlachta ainmnithe an liosta toghthóirí iomchuí a iniúchadh de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chuige sin faoi alt 9 den Acht seo.

Iarrthóirí a ainmniú agus tacú leo.

11. —(1) Féadfaidh aon cheardchumann nó aon chomhlacht eile daoine is comhlacht cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le toghchán, aon tráth i rith na tréimhse nó na dtréimhsí a bheidh socraithe ag an gceann comhairimh de bhun alt 8 den Acht seo chun ainmniú cháin sa toghchán a ghlacadh, féadfaidh sé daoine a mholadh, de réir fho-alt (2) den alt seo, lena n-ainmniú mar iarrthóirí sa toghchán arb amhlaidh do gach duine díobh,

(a) gur fostaí é don chomhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán, agus

(b) nach lú ná ocht mbliana déag ná nach mó ná cúig bliana is seasca d'aois é an lá arb é an lá luaite é i ndáil leis an toghchán, agus

(c) gur fostaí é don chomhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán an lá sin le tréimhse leanúnach nach giorra ná trí bliana a chríochnaigh díreach roimh an lá sin.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh comhlacht cáilithe iarrthóir a mholadh i dtoghchán lena ainmniú de réir rialacháin faoi alt 9 (4) (d) den Acht seo nó féadfaidh dhá chomhlacht cháilithe nó níos mó é a mholadh i gcomhpháirt le chéile lena ainmniú de réir na rialachán sin; ar choinníoll nach mbeidh comhlacht cáilithe i dteideal sa toghchán iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú ar a chonlán féin agus iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht cáilithe eile nó le comhlachtaí cáilithe eile.

(3) Is i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar ainmniúchán i dtoghchán agus cuirfear é go dtí an ceann comhairimh ar an modh forordaithe.

(4) Nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán, déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir, rialú ar bhailíocht gach ainmniúchán a fuair sé, agus más deimhin leis, agus amháin más deimhin leis, nach bhfuil an duine lena mbaineann an t-ainmniúchán cáilithe lena ainmniú mar iarrthóir sa toghchán nó nach bhfuil an páipéar ainmniúcháin déanta amach nó sínithe i gceart, nó go bhfuil an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo sáraithe ag comhlacht cáilithe i ndáil leis an duine, rialóidh sé go bhfuil an t-ainmniúchán neamhbhailí agus is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc an cinneadh sin.

(5) (a) Féadfaidh comhlacht cáilithe, seachas comhlacht cáilithe a ainmneoidh iarrthóir i dtoghchán i gcomhpháirt nó ar dhóigh eile, le comhaontú an chomhlachta cháilithe nó na gcomhlachtaí cáilithe a d'ainmnigh an t-iarrthóir, fógra a thabhairt don cheann comhairimh, laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, go dtacaíonn an comhlacht leis an iarrthóir sa toghchán.

(b) I gcás a dtabharfar, de bhun an ailt seo, fógra cuí don cheann comhairimh i dtoghchán go dtacaíonn comhlacht cáilithe le hiarrthóir sa toghchán, ansin, i gcás a mbeidh vótaíocht sa toghchán agus faoi réir an t-iarrthóir a bheith ainmnithe go cuí, cuirfear an tacaíocht sin in iúl ar an modh forordaithe sna páipéir bhallóide iomchuí.

(6) I ndáil le toghchán, is comhlacht cáilithe chun críocha an ailt seo ceardchumann nó aon chomhlacht eile daoine más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil, an lá ainmniúcháin, an ceardchumann nó an comhlacht eile aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcomhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán.

(7) I gcás a mbeidh, i dtoghchán, díospóid—

(a) i dtaobh an comhlacht cáilithe i ndáil leis an toghchán nó nach ea ceardchumann nó comhlacht eile daoine,

(b) i dtaobh an líon iarrthóirí a fhéadfaidh comhlacht cáilithe, chun críocha an ailt seo, a mholadh sa toghchán faoin alt seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo nó a fhéadfaidh dhá chomhlacht cháilithe nó níos mó a mholadh amhlaidh i gcomhpháirt faoin alt seo nó faoi rialacháin den sórt sin,

cinnfidh an ceann comhairimh an díospóid agus is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc an cinneadh sin.

(8) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, san alt seo ciallaíonn “comhlacht cáilithe” comhlacht daoine is comhlacht cáilithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

An nós imeachta tar éis ainmnithe.

12. —(1) Más rud é i dtoghchán—

(a) i gcás a ndéanfaidh an ceann comhairimh de bhun alt 8 den Acht seo tréimhse a shocrú a nglacfar le hainmniúcháin lena linn, díreach tar éis an tréimhse sin do dhul in éag. nó

(b) i gcás a socróidh an ceann comhairimh dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin amhlaidh, díreach tar éis an ceann is deireanaí de na tréimhsí sin do dhul in éag,

nach mó an líon iarrthóirí a bheidh ainmnithe go cuí ná an líon is iomchuí i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe áirithe, dearbhóidh an ceann comhairimh láithreach gach iarrthóir díobh sin, nó i gcás nach mbeidh ach iarrthóir amháin mar sin ann, an t-iarrthóir sin, a bheith tofa chun a cheaptha faoi alt 15 den Acht seo ag an Aire Stáit arb é an tAire iomchuí é i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe sin; ach más mó an tráth sin an líon iarrthóirí a bheidh ainmnithe amhlaidh ná an líon iomchuí sin cuirfidh an ceann comhairimh an toghchán ar atráth chun vótaíocht a thógáil de bhun an Achta seo lá áirithe, is lá nach luaithe ná an seachtú lá tar éis an lae ainmniúcháin agus dá ngairtear an “lá vótaíochta” san Acht seo, a shocróidh sé tráth an atrátha, nó i rith tréimhse is faide ná lá amháin ach nach faide ná cúig lá a socrófar amhlaidh an chéad lá díobh agus ar lá é nach luaithe ná an seachtú lá sin, agus an “tréimhse vótaíochta” a ghairtear den tréimhse sin san Acht seo.

(2) I gcás nach mbeidh aon iarrthóir ainmnithe go cuí i dtoghchán an tráth dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ní rachaidh an ceann comhairimh ar aghaidh níos faide leis an toghchán agus cuirfidh sé, a luaithe is féidir, in iúl i scríbhinn don Aire iomchuí nár ainmníodh go cuí aon iarrthóir sa toghchán agus nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh leis an toghchán.

(3) I gcás a gcuirfear toghchán ar atráth chun vótaíocht a thógáil, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin :

(a) i gcás a socrófar lá vótaíochta de bhun an ailt seo maidir leis an toghchán, tógfar an vótaíocht an lá sin agus ní dhéanfar postvótáil, agus

(b) i gcás tréimhse vótaíochta a bheith socraithe amhlaidh, tógfar an vótaíocht le linn na tréimhse sin ach ní fhéadfar vótaí, seachas postvótaí, a chaitheamh ach le linn na tréimhse lá áirithe a cheapfaidh an ceann comhairimh chun críocha na míre seo an tráth a shocróidh sé an tréimhse vótaíochta.

(4) Má chuirtear toghchán ar atráth chun vótaíocht a thógáil, tabharfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis an atrátha agus ar cibé modh is iomchuí leis, fógra—

(a) faoin lá vótaíochta nó faoin tréimhse vótaíochta, de réir mar is iomchuí,

(b) faoin áit nó na háiteanna agus faoin lá nó na laethanta a bhféadfar, agus faoi na huaire a chloig ar lena linn a fhéadfar, vótaí, seachas postvótaí, a chaitheamh,

(c) i gcás tréimhse vótaíochta a bheith socraithe i ndáil leis an toghchán, faoin áit a nglacfaidh an ceann comhairimh nó a nglacfar thar a cheann, nó faoin tréimhse ar lena linn agus roimh éag di a ghlacfaidh sé nó a ghlacfar thar a cheann, páipéir phostbhallóide, agus

(d) faoi ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí mar a bheidh taifeadta ina bhfoirmeacha ainmniúcháin, agus na moltóirí,

agus is é dualgas an cheann comhairimh cibé boscaí ballóide, páipéir bhallóide agus nithe eile a sholáthar agus cibé daoine a cheapadh agus cibé bearta agus nithe eile a dhéanamh is gá chun an vótaíocht a thógáil go héifeachtach de réir an Achta seo.

(5) Cuirfidh an ceann comhairimh i dtoghchán in iúl i scríbhinn, a luaithe is féidir, don Aire iomchuí cé acu a cuireadh nó nár cuireadh toghchán ar atráth chun vótaíocht a thógáil agus,

(a) i gcás nach mbeidh an toghchán curtha ar atráth amhlaidh, cuirfidh sé an tráth céanna ainmneacha aon iarrthóirí a dearbhaíodh de bhun fho-alt (1) den alt seo a bheith tofa in iúl don Aire iomchuí, agus

(b) i gcás an toghchán a bheith curtha ar atráth amhlaidh, cuirfidh sé, a luaithe is féidir tar éis an vótaíocht a thógáil, ainmneacha aon iarrthóirí a toghadh sa toghchán in iúl amhlaidh freisin don Aire sin.

Ní rachfar ar aghaidh le toghcháin i gcúinsí áirithe.

13. —(1) Más rud é i dtoghchán go bhfaighidh an ceann comhairimh sa tréimhse seacht lá dar tosach an lá luaite—

(a) ó cheardchumann nó ó chomhlacht eile daoine ar deimhin leis an gceann comhairimh,

(i) i gcás baint a bheith ag an toghchán le hAer Lingus, go bhfuil sé aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcuideachta sin nó ag Aerlínte agus go bhfuil sé ionadaitheach do chúig déag faoin gcéad ar a laghad d'fhostaithe na gcuideachtaí sin, ar fostaithe iad atá i dteideal vótáil sa toghchán, nuair a dhéantar líon na bhfostaithe atá ar fostú acu agus atá i dteideal amhlaidh a shuimiú le chéile,

(ii) i gcás baint a bheith ag an toghchán le haon chomhlacht ainmnithe eile, go bhfuil sé aitheanta chun na gcríocha sin ag an gcomhlacht ainmnithe sin agus go bhfuil sé ionadaitheach do chúig déag faoin gcéad ar a laghad d'fhostaithe an chomhlachta sin atá i dteideal vótáil sa toghchán, nó

(b) ó gach ceann de dhá cheardchumann nó de dhá chomhlacht eile daoine nó níos mó ar deimhin leis an gceann comhairimh iad a bheith ionadaitheach i dteannta a chéile do chúig déag faoin gcéad ar a laghad de na fostaithe sin agus ar deimhin leis an gceann comhairimh maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht sin aitheanta amhlaidh,

iarratas i scríbhinn á iarraidh air gan dul ar aghaidh leis an toghchán, déanfaidh sé, chun a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil tromlach na ndaoine atá i dteideal vótáil sa toghchán i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán, a shocrú go dtógfar láithreach vótaíocht faoin alt seo (is vótaíocht dá ngairtear “réamhvótaíocht” san Acht seo) agus lá, nó tréimhse is faide ná lá amháin ach nach faide ná cúig lá, a cheapadh arb é an lá nó an tréimhse laethanta, cibé acu é, is luaithe chun an vótaíocht a thógáil.

(2) Is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc cinneadh ó cheann comhairimh i dtaobh ceardchumann nó comhlacht eile daoine a bheith i dteideal i gcás áirithe iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le réamhvótaíocht :

(a) bainfidh alt 9 (seachas fo-alt (3)) agus alt 12 (3) den Acht seo leis an vótaíocht mar a bhaineann siad le vótaíocht a thógáil i dtoghchán,

(b) beidh gach duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán maidir leis an gcomhlacht ainmnithe iomchuí i dteideal vótáil sa vótaíocht,

(c) is trí rúnbhallóid a thabharfar na vótaí sa vótaíocht agus is páipéar (dá ngairtear páipéar ballóide san alt seo) a bheidh i mballóid gach vótálaí,

(d) is san fhoirm fhorordaithe a bheith gach páipéar ballóide sa vótaíocht,

(e) aon pháipéar ballóide—

(i) nach mbeidh aon vóta ar aon chor curtha air, nó

(ii) nach mbeidh an vóta curtha air i slí a léireoidh cé acu a aontaíonn nó nach n-aontaíonn an vótálaí leis an toghchán iomchuí a dhéanamh, nó

(iii) ar a mbeidh vótaí tugtha i bhfabhar agus in aghaidh an toghchán iomchuí a dhéanamh, nó

(iv) ar a mbeidh aon ní scríofa nó marcáilte as a bhféadfaí an vótálaí a aithint,

beidh sé neamhbhailí agus ní chomhairfear é.

(4) A luaithe is féidir tar éis réamhvótaíocht a thógáil, comhairfidh an ceann comhairimh na vótaí a taifeadadh ar na páipéir bhallóide agus gheobhaidh sé amach líon na vótaí a tugadh tríothu i bhfabhar an toghchán iomchuí a dhéanamh agus líon na vótaí a tugadh tríothu in aghaidh an toghchán sin a dhéanamh agus taifeadfaidh sé gach líon díobh faoi seach.

(5) I gcás tromlach na vótaí i réamhvótaíocht a bheith in aghaidh dul ar aghaidh níos faide leis an toghchán iomchuí, ní rachaidh an ceann comhairimh, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ar aghaidh níos faide leis an toghchán, agus cuirfidh sé, a luaithe is féidir, in iúl i scríbhinn don Aire agus don Aire iomchuí nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh níos faide leis an toghchán.

(6) I gcás a ndéanfar réamhvótaíocht agus go mbeidh cuid nach lú ná leath de líon na vótaí sa vótaíocht i bhfabhar dul ar aghaidh níos faide leis an toghchán iomchuí, rachaidh an ceann comhairimh ar aghaidh leis an toghchán agus féadfaidh sé, más cuí leis, lá ainmniúcháin nua a shocrú in ionad an lae ainmniúcháin a socraíodh roimhe sin i ndáil leis an toghchán agus i gcás lá ainmniúcháin a shocrú de bhun an fho-ailt seo, is é an lá sin, agus ní hé an lá a socraíodh roimhe sin faoi alt 6 den Acht seo, an lá ainmniúcháin chun na gcríocha a bhaineann leis an toghchán iomchuí agus leis an Acht seo, a mhéid a bhaineann sé leis an toghchán sin.

Imeachtaí i gcás cur isteach a dhéanamh ar ainmniú nó ar vótaíocht nó nach féidir dul ar aghaidh leis.

14. —(1) Más deimhin le ceann comhairimh i dtoghchán—

(a) nach féidir, mar gheall ar thrasnaíl, dul ar aghaidh le hainmniú iarrthóirí ná le réamhvótaíocht nó vótaíocht eile a dhéanamh nó a chríochnú, nó

(b) nach féidir, mar gheall ar chúinsí eile nach bhfuil aon neart aige orthu, dul ar aghaidh leis an ainmniú sin ná le haon vótaíocht den sórt sin a dhéanamh nó a chríochnú,

cuirfidh sé ar atráth, agus más gá sin cuirfidh sé ar atráth arís, an t-ainmniú sin nó an vótaíocht go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé is iomchuí a chuirfidh ar a chumas, ar bheith éagtha di, dul ar aghaidh leis an ainmniú nó leis an vótaíocht nó, de réir mar is iomchuí, an céanna a chríochnú.

(2) I gcás a ndéanfaidh an ceann comhairimh i dtoghchán ainmniú iarrthóirí nó réamhvótaíocht nó vótaíocht eile a chur ar atráth de bhun an ailt seo, cuirfidh sé an t-atráthú in iúl i scríbhinn, a luaithe is féidir, don Aire, agus tabharfaidh sé faisnéis mar an gcéanna don Aire Stáit arb é an tAire iomchuí é maidir leis an gcomhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán.

(3) I gcás a gcuirfear ainmniú iarrthóirí ar atráth faoin alt seo, measfar gurb é an lá a chríochnófar an t-ainmniú tar éis an atrátha an lá ainmniúcháin chun na gcríocha a bhaineann leis an toghchán iomchuí agus leis an Acht seo, a mhéid a bhaineann sé leis an toghchán.

Comhaltaí agus stiúrthóirí a cheapadh faoin Acht.

15. —(1) I gcás a gcuirfidh ceann comhairimh i dtoghchán ainmneacha iarrthóirí a toghadh nó a dearbhaíodh a bheith tofa sa toghchán in iúl d'Aire Stáit de bhun alt 12 (5) den Acht seo, déanfaidh an tAire Stáit sin, a luaithe is féidir, ceapachán faoin alt seo i leith gach duine de na hiarrthóirí sin agus i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe ar maidir leis a rinneadh an toghchán.

(2) Is i scríbhinn a bheidh ceapachán faoin alt seo agus sonróidh an ceapachán an comhlacht ainmnithe ar i ndáil leis a rinneadh é agus an lá ar a mbeidh agus óna mbeidh, agus an tréimhse ar lena linn a bheidh, éifeacht leis (is lá dá ngairtear an “lá sonraithe” san Acht seo).

(3) Oibreoidh ceapachán faoin alt seo do cheapadh an duine ar ina leith a rinneadh é,

(a) i gcás an ceapachán a dhéanamh i leith aon cheann de na comhlachtaí ainmnithe seo a leanas, is é sin, Bord na Móna, Córas Iompair Éireann, nó Bord Soláthair an Leictreachais, ina chomhalta den chomhlacht ainmnithe ar ina leith a rinneadh an ceapachán, agus

(b) i gcás an ceapachán a dhéanamh i leith comhlacht ainmnithe is cuideachta, ina stiúrthóir ar an gcomhlacht.

Measfar folúntas i gcomhlacht ainmnithe tarlú i gcúinsí áirithe.

16. —I gcás a dtarlóidh idir an tráth a dhéanfaidh an ceann comhairimh dearbhú faoi alt 12 den Acht seo nó an t-am a fhionnfar toradh toghcháin, de réir mar is iomchuí, agus,

(a) i gcás ar cuideachta an comhlacht ainmnithe iomchuí, an lá a thiocfaidh bord an chomhlachta le chéile den chéad uair tar éis an dearbhaithe nó na fionnachtana sin,

(b) in aon chás eile, an lá a thiocfaidh an comhlacht le chéile den chéad uair dá éis sin,

go bhfaighidh iarrthóir a toghadh i dtoghchán bás nó go scoirfidh sé de bheith ina fhostaí don comhlacht ainmnithe lena mbaineann an toghchán nó, de bhua an Achta seo, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe chun a cheaptha ag an Aire iomchuí de bhun alt 15 den Acht seo, ansin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas :

(c) i gcás nach ndearna an tAire sin ceapachán de bhun an ailt sin 15 maidir leis an iarrthóir ón tráth a rinneadh an dearbhú sin nó a fionnadh an toradh sin, ní bheidh feidhm ag an alt sin 15 sa chás áirithe agus dá réir sin ní dhéanfar an ceapachán sin,

(d) i gcás a ndearnadh ceapachán den sórt sin, scoirfidh an ceapachán d'éifeacht a bheith leis agus, dá réir sin, ní rachaidh an t-iarrthóir i mbun oifige mar chomhalta den chomhlacht ainmnithe iomchuí, nó mar stiúrthóir air, ar scór an cheapacháin, agus

(e) i gceachtar cás, measfar, maidir le folúntas i measc na gcomhaltaí den chomhlacht ainmnithe iomchuí, nó na stiúrthóirí ar an gcomhlacht ainmnithe iomchuí, a fhéadfar a cheapadh de bhun an ailt sin 15, gurb é an lá díreach i ndiaidh an lae a luaitear i mír (a) nó (b), de réir mar is iomchuí, den alt seo, a tharla sé.

Téarmaí oifige comhaltaí nó stiúrthóirí a cheapfar faoin Acht, etc.

17. —(1) Tosóidh téarma oifige duine lena mbaineann ceapachán faoin alt 15 den Acht seo mar chomhalta de chomhlacht ainmnithe nó mar stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe an lá a shonrófar sa cheapachán mar lá sonraithe.

(2) Críochnóidh téarma oifige comhalta de chomhlacht ainmnithe, nó stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe, a cheapfar faoin Acht seo ar dheireadh a bheith leis an tréimhse a mbeidh éifeacht lena linn leis an gceapachán iomchuí faoi alt 15 den Acht seo, mura n-éagfaidh sé, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin.

(3) Beidh comhalta de chomhlacht ainmnithe nó stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe a cheapfar faoin Acht seo cáilithe, faoi réir forálacha an Achta seo, lena ainmniú mar iarrthóir agus lena thoghadh i dtoghchán.

Luach saothair, etc. comhaltaí nó stiúrthóirí a cheapfar faoin Acht.

18. —(1) I gcás a mbeidh an luach saothair nó an liúntas le haghaidh caiteachas is iníoctha le comhalta de chomhlacht ainmnithe nó le stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe á chinneadh ag an gcomh lacht, ní chuirfidh an comhlacht san áireamh gur faoin Acht seo, nó nach faoin Acht seo, de réir mar a bheidh, a ceapadh an comhalta nó an stiúrthóir.

(2) Duine a cheapfar de bhun an Achta seo chun bheith ina chomhalta de chomhlacht ainmnithe nó ina stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe agus ar dualgais nach dualgais lánaimsire a dhualgais mar chomhalta nó mar stiúrthóir den sórt sin, ní bhainfidh aon laghdú dó sa luach saothair agus sna liúntais ar chuí dó súil a bheith aige sin a fháil mar fhostaí don chomhlacht dá mba nár chomhalta nár chomhalta ná stiúrthóir den sórt sin é.

Comhaltaí nó stiúrthóirí a ceapadh faoin Acht d'éirí as oifig agus a chur as oifig.

19. —(1) Féadfaidh comhalta de chomhlacht ainmnithe nó stiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe a ceapadh faoin Acht seo éirí as oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire iomchuí agus beidh éifeacht leis an éirí as amhail ar an dáta agus ón dáta a gheobhaidh an tAire sin an litir.

(2) I gcás cumhacht a bheith ag Aire Stáit gnáthchomhalta de chomhlacht ainmnithe nó gnáthstiúrthóir ar chomhlacht ainmnithe a chur as oifig, beidh an chumhacht chéanna aige comhalta den chomhlacht, nó stiúrthóir ar an gcomhlacht, a cheap sé faoin Acht seo a chur as oifig, agus i gcás nach mbeidh an chumhacht duine a chur as oifig infheidhmithe ach amháin le toiliú nó le ceadú Aire Stáit eile, is faoi réir an toilithe nó an cheadaithe sin a bheidh an chumhacht a thugtar don Aire Stáit leis an alt seo infheidhmithe.

Stiúrthóirí Aerlínte nó comhaltaí de chomhlachtaí ainmnithe nó stiúrthóirí ar chomhlachtaí ainmnithe do nochtadh leasanna áirithe.

20. —(1) I gcás aon ábhar acu seo a leanas a bheith i dtrácht ag cruinniú d'Aerlínte nó de chomhlacht ainmnithe, is é sin :

(a) comhshocraíocht inar páirtí an chuideachta nó an comhlacht nó comhshocraíocht den sórt sin a bheidh beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó leis an gcomhlacht nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin a bheidh beartaithe,

ansin, aon chomhalta den chuideachta nó den chomhlacht, nó aon stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar an gcomhlacht, a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh, ar shlí seachas ina cháil mar chomhalta nó mar stiúrthóir den sórt sin nó mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don chuideachta nó don chomhlacht (cibé acu an Bainisteoir Ginearálta, an Bainisteoir nó aon ainm eile a thugtar air), leas aige, in aon slí, díreach nó neamhdhíreach, san ábhar, nochtfaidh sé ag an gcruinniú don chuideachta nó don chomhlacht go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní vótálfaidh sé ar chinneadh i ndáil leis an ábhar, agus, i gcás a nochtfar leas de bhun an ailt seo, taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe áirithe agus fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ábhar lena mbaineann an nochtadh ní dhéanfar an comhalta nó an stiúrthóir a rinne an nochtadh a áireamh ar an gcóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú.

(2) I gcás a n-éireoidh ceist ag cruinniú d'Aerlínte nó de chomhlacht ainmnithe i dtaobh ar mhainneachtain nó nár mhainneachtain ag comhalta den chéanna nó ag stiúrthóir ar an gcéanna ceanglais fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh iompar áirithe aige, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh agus, i gcás a gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, taifeadfar sonraí an chinnte i miontuairiscí an chruinnithe.

(3) Ní bhainfidh alt 194 d'Acht 1963 le stiúrthóir ar Aerlínte nó ar chomhlacht ainmnithe.

Dícháilíochtaí.

21. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh feidhm, maidir le ceapadh daoine faoi alt 15 nó 22 den Acht seo agus le daoine a cheapfar amhlaidh ina gcomhaltaí de chomhlacht ainmnithe nó ina stiúrthóirí ar chomhlacht ainmnithe, ag na dícháilíochtaí a oibríonn, ar leith ón Acht seo, de thuras na huaire, le duine a chosc ar bheith, nó lena chur faoi deara go scoirfidh duine de bheith, ina ghnáthchomhalta den chomhlacht nó ina ghnáthstiúrthóir air, agus aon duine a bheidh dícháilithe mar gheall ar aon dícháilíocht den sórt sin, ansin, fad a bheidh sé dícháilithe amhlaidh,

(a) beidh sé dícháilithe dá réir sin chun a cheaptha mar chomhalta den chomhlacht, nó mar stiúrthóir ar an gcomhlacht, faoin Acht seo, agus

(b) ina theannta sin, beidh sé dícháilithe chun a ainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán a bhaineann leis an gcomhlacht sin.

(2) Ní dhéanfaidh comhlacht ainmnithe is cuideachta a airteagail chomhlachais a athrú lena shocrú, amhail idir gnáthstiúrthóirí ar an gcomhlacht agus stiúrthóirí eile ar an gcomhlacht, go n-oibreoidh dícháilíochtaí difriúla chun a chur faoi deara go scoirfidh duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht de bheith ina stiúrthóir den sórt sin.

Corrfholuntais.

22. —(1) I gcás a dtarlóidh folúntas (dá ngairtear “corrfholúntas” san alt seo) sa líon iomchuí comhaltaí de chomhlacht ainmnithe nó sa líon iomchuí stiúrthóirí ar chomhlacht ainmnithe de dhroim comhalta nó stiúrthóir den sórt sin d'fháil bháis nó d'éirí as oifig nó bheith dícháilithe de bhua alt 21 den Acht seo, nó de dhroim gan aon iarrthóir, nó líon iarrthóirí ba lú ná an líon folúntas a bhí le líonadh, a bheith ainmnithe sa toghchán deiridh a bhain leis an gcomhlacht, nó de dhroim alt 16 den Acht seo, féadfaidh an tAire iomchuí duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(2) Le linn don Aire iomchuí duine a cheapadh chun corrfholúntas a líonadh, beidh, i gcás a ndearnadh vótaíocht sa toghchán deiridh roimhe sin a bhain leis an gcomhlacht ainmnithe áirithe, aird aige ar an vótaíocht sin sula ndéanfaidh sé an ceapachán.

(3) Duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh beidh sé, mura n-éagfaidh sé, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, i seilbh oifige go ceann a mbeidh gan chaitheamh den tréimhse a mbeadh an comhalta nó an stiúrthóir ba bhun leis an bhfolúntas i seilbh oifige ar a feadh dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir.

Féadfar an líon comhaltaí de chomhlacht ainmnithe nó de stiúrthóiri ar chomhlacht ainmnithe a athrú lena fhoráil nach lú ná trian an líon comhaltaí nó stiúrthóirí den sórt sin a cheapfar faoin Acht.

1927, Uimh. 27 .

1933, Uimh. 31 .

1973, Uimh. 6 .

1946, Uimh. 10 .

1950, Uimh. 12 .

1965, Uimh. 5 .

1966, Uimh. 4 .

23. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire maidir le haon chomhlacht ainmnithe, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais agus, i gcás ar Aire Stáit seachas an tAire sin an tAire iomchuí maidir leis an gcomhlacht, leis an Aire Stáit eile sin, a fhoráil le hordú gurb é, ar agus ó lá a shocrófar leis an ordú, an líon comhaltaí den chomhlacht nó, de réir mar is iomchuí, an líon stiúrthóirí ar an gcomhlacht, is é sin le rá, an líon a chuimsíonn,

(i) na comhaltaí den chomhlacht nó na stiúrthóirí ar an gcomhlacht a fhéadfar a cheapadh faoin Acht seo,

agus

(ii) na gnáthchomhaltaí den chomhlacht nó na gnáthstiúrthóirí ar an gcomhlacht,

cibé líon a shonrófar san ordú.

(b) Is é an líon comhaltaí nó stiúrthóirí a shonrófar in ordú faoin alt seo cibé líon is cuí leis an Aire ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus d'fheidhmeanna an chomhlachta ainmnithe lena mbaineann an t-ordú.

(2) Socrófar le hordú faoin alt seo líon (dá ngairtear an “líon iomchuí” san Acht seo) comhaltaí den chomhlacht ainmnithe, nó, de réir mar is iomchuí, an líon stiúrthóirí ar an gcomhlacht ainmnithe, lena mbaineann an t-ordú a bheidh, de thuras na huaire, ceaptha faoin Acht seo, agus is é an líon a shocrófar amhlaidh,

(a) i gcás ar iolrú ar thrí an líon a shonróidh an tAire san ordú de bhun fho-alt (1) den alt seo, an tríú cuid den líon a shonrófar amhlaidh, agus

(b) i gcás nach iolrú den sórt sin an líon a shonrófar amhlaidh, an líon comhaltaí nó stiúrthóirí, de réir mar is iomchuí, díreach os cionn an líon arb é an tríú cuid é den líon a shonrófar amhlaidh.

(3) I gcás a mbaineann ordú faoin alt seo le comhlacht ainmnithe lena mbaineann achtachán a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, forléireofar an t-achtachán agus beidh éifeacht leis de réir an ordaithe.

(4) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, alt 2 (3) den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , mír 3 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Déantóireachta Siúicre, 1933 (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1973 ), alt 8 (1) den Acht Forbartha Móna, 1946 , alt 6 (1) (b) den Acht Iompair, 1950 , alt 8 (1) den Acht um an British and Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965, agus alt 12 (1) d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 .

Féadfar a cheangal ar chomhlachtaí ainmnithe fógra a thabhairt d'fhostaithe faoi fhorálacha áirithe.

24. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar chomhlacht ainmnithe lena mbaineann na rialacháin cibé forálacha díobh seo a leanas nó iad araon a chur in iúl dá bhfostaithe ar mhodh forordaithe, is é sin le rá :

(a) na forálacha sin den Acht seo a shonrófar sna rialacháin,

(b) na forálacha sin de rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo (ar leith ón alt seo) a shonrófar amhlaidh,

agus féadfaidh baint a bheith ag rialacháin faoin alt seo le gach comhlacht ainmnithe nó le cibé comhlacht nó comhlachtaí ainmnithe a shonrófar sna rialacháin.

Córaim comhlachtaí ainmnithe.

25. —(1) D'ainneoin na n-achtachán atá i bhfo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire iomchuí, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire, córam a shocrú le hordú—

(a) do chruinniú de bhord comhlachta ainmnithe is cuideachta,

(b) do chruinniú de chomhlacht ainmnithe nach cuideachta,

agus i gcás a ndéanfaidh an tAire iomchuí ordú faoin alt seo maidir le comhlacht ainmnithe lena mbaineann aon achtachán den sórt sin, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, forléireofar an t-achtachán agus beidh éifeacht leis de réir an ordaithe.

(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, alt 6 (2) den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , alt 14 (3) den Acht Forbartha Móna, 1946 , alt 9 (3) den Acht Iompair, 1950 , agus alt 8 (8) den Acht um an British and Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965.

Meabhráin agus airteagail chomhlachais comhlachtaí ainmnithe áirithe a athrú.

26. —Déanfaidh gach comhlacht ainmnithe is cuideachta cibé bearta is gá faoi Acht 1963 chun a mheabhrán agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo nó le haon ordú faoi alt 23 nó 25 den Acht seo a bhaineann leis an gcomhlacht.

Costas toghchán.

27. —(1) Is é an comhlacht ainmnithe lena mbainfidh toghchán a iompróidh costais agus caiteachais an toghcháin (lena n-áirítear na costais agus na caiteachais a bhainfidh le réamhvótaíocht a thógáil) seachas caiteachais a thabhóidh iarrthóirí thar a gceann féin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh gach ní nó aon ní díobh seo a leanas :

(a) an tslí a ndéanfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a dhéanfaidh, ceann comhairimh a chuntais a thíolacadh,

(b) an tslí a ndéanfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a dhéanfaidh, daoine ag a mbeidh éilimh de bhua an ailt seo a n-éilimh a thíolacadh,

(c) díospóidí a bhreithniú.

Aerlínte.

1966, Uimh. 4 .

28. —(1) I gcás a ndéanfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta ceapachán faoi alt 15 nó 22 den Acht seo i ndáil le hAer Lingus, déanfaidh sé, an tráth céanna, an duine áirithe a cheapadh ina stiúrthóir ar Aerlínte.

(2) I gcás a gceapfar duine faoin alt seo ina stiúrthóir ar Aerlínte, is é a théarma oifige mar stiúrthóir den sórt sin a théarma oifige mar stiúrthóir ar Aer Lingus, agus dá réir sin i gcás a scoirfidh an duine de bheith ina stiúrthóir ar Aer Lingus scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina stiúrthóir ar Aerlínte.

(3) I gcás duine is stiúrthóir ar Aerlínte a ceapadh de bhun an ailt seo do scor de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina stiúrthóir ar Aer Lingus.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , maidir le stiúrthóir ar Aerlínte a cheapfar de bhun an ailt seo, agus déanfar fo-alt (6) den alt sin 12 a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir forálacha an ailt seo.

(5) Bainfidh ailt 18 agus 19 den Acht seo le duine a cheapfar faoin alt seo mar a bhaineann siad le daoine arna gceapadh ar shlí seachas de bhun an Achta seo.

(6) D'ainneoin alt 12 (2) d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , féadfaidh an tAire, chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, a fhoráil le hordú gurb é líon stiúrthóirí Aerlínte, amhail ar agus ó lá a shocrófar leis an ordú, cibé líon a shonrófar san ordú, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, forléireofar an t-alt sin 12 (2) agus beidh éifeacht leis de réir an ordaithe.

(7) Déanfaidh Aerlínte cibé bearta is gá faoi Acht 1963 chun a mheabhrán agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo nó le haon ordú faoin alt seo.

Caiteachais.

29. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire Stáit eile ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cosaint.

30. —I gcás duine is ranníocóir fostaithe de réir brí na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, a cheapadh ina chomhalta nó ina stiúrthóir faoi alt 15, 22 nó 28 den Acht seo, ní scoirfidh sé de bhíthin amháin an cheapacháin sin de bheith ina ranníocóir den sórt sin.

Aisghairm.

31. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas :

(a) alt 10 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ,

(b) alt 12 den Acht Forbartha Móna, 1946 , agus

(c) alt 7 (6) (c) den Acht Iompair, 1950 .

Gearrtheideal.

32. —Féadfar an tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 , a ghairm den Acht seo.