|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Cáin Rachmais | |
[EN] |
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Acht Cánach Rachmais, 1975 . |
49. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iontaobhas lánroghnach” i bhfo-alt (1)— |
[EN] | “ciallaíonn ‘iontaobhas lánroghnach’ aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas chun ioncam nó cuid d'ioncam na maoine a charnadh nó aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas le hioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur do shochar nó chun sochair, nó le cumhacht sin a chur do shochar nó chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh nó ioncam nó caipiteal nó cuid d'ioncam nó de chaipteal na maoine a bheith teoranta d'aon duine go ceann aon tréimhse ama seachas saol an duine sin agus chun críocha an mhínithe seo folaíonn ‘diúscairt’ aon diúscairt cibé acu trí ghníomhas nó trí uacht agus aon chúnant, comhaontú nó comhshocraíocht cibé acu le scríbhinn nó gan scríbhinn a rinneadh;”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 6 (rachmas inchánach cuideachta neamhthrádála príobháidí) den Acht Cánach Rachmais, 1975 . |
50. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)— |
[EN] | “(5) (a) Ní cuideachta neamhthrádála phríobháideach chun críocha an Achta seo comhlacht corpraithe lena mbaineann an fo-alt seo. | |
[EN] | (b) Baineann an fo-alt seo le comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chéad chomhlacht corpraithe sa mhír seo)— | |
[EN] | (i) atá faoi rialú ag comhlacht corpraithe nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach, nó | |
[EN] | (ii) arb é, ar an dáta luachála, margadhluach na maoine a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici ar an dáta sin margadhluach arb ionannas dó, go feadh cuid nach lú ná 90 faoin gcéad de, margadhluach scaireanna nó bintiúir i gcomhlacht corpraithe nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach agus atá faoi rialú ag an gcéad chomhlacht corpraithe.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 28 (comhaontuithe maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte) den Acht Cánach Rachmais, 1975 . |
51. —(1) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis— |
[EN] | “(6) (a) I gcás ar deimhin leis na Coimisinéirí gur íocadh cáin ar aon ghné le cáin rachmais i gcríoch lasmuigh den Stát i leith aon mhaoine (seachas maoin réadach sa Stát) faoi threoir aon dáta roimh dháta luachála ach laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta sin, féadfaidh siad liúntas a thabhairt i modh creidmheasa in aghaidh na cánach rachmais a bheidh dlite agus iníoctha ar an dáta sin i leith na maoine sin nó díolúine a thabhairt i leith na maoine sin maidir leis an dáta luachála sin. | |
[EN] | (b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i leith cáin rachmais a bheidh dlite agus iníoctha ar dháta luachála ach ní bheidh éifeacht leis i ndáil le cáin choigríche a mbeidh ordú faoin alt seo ina leith i bhfeidhm de thuras na huaire ina mbeidh socrú le haghaidh faoiseamh ó chánachas dúbailte.”. | |
[EN] | (2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1975. |