An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

18 1977

AN tACHT AIRGEADAIS, 1977

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 2.

CUID I

Leasuithe de dhroim Leasú ar Alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

1. I míreanna 1 agus 4 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ) de Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfear “£2,000” in ionad “£1,500” gach áit a bhfuil sé.

2. Cuirfear an Tábla seo a leanas in ionad an Tábla a ghabhann leis an mír sin 4—

Bliain Bhreithe

An tSuim

An Céatadán

  £

1916 nó 1917

2,133

16

1914 nó 1915

2,266

17

1912 nó 1913

2,400

18

1910 nó 1911

2,533

19

1909 nó aon bhliain roimhe sin

2,677

20

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach

Alt 5.

 

1. I ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1977-78 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 1 (1)—

(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ard-rátaí”,

“ciallaíonn ‘ard-rátaí’, i ndáil le cáin, na rátaí cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ;”,

(ii) cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh an mhínithe ar “duine éagumasaithe”:

“ciallaíonn ‘ráta tosaigh’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ;”,

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta laghdaithe”:

“ciallaíonn ‘ráta laghdaithe’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ;”,

(iv) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach”:

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ;”;

(b) in alt 153 (1), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (dd)—

“(dd) ní beidh sé i dteideal shochar na forála atá in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , trína mbeidh cuid d'ioncam inchánaithe inmhuirearaithe, in imthosca áirithe, de réir ráta nó rátaí is lú ná an ráta caighdeánach agus, dá réir sin, muirearófar cáin air de réir an ráta chaighdeánaigh i leith na coda sin dá ioncam inchánaithe a ndéanfaí, mura mbeadh sin, cáin a mhuirearú air ina leith de réir ráta nó rátaí is lú ná an ráta caighdeánach.”;

(c) in alt 497, in ionad “an ráta laghdaithe”—

(i) sa chéad áit a bhfuil sé, cuirfear “an ráta tosaigh nó an ráta laghdaithe”, agus

(ii) sa dara háit a bhfuil sé, cuirfear “an ráta tosaigh nó an ráta laghdaithe, de réir mar is iomchuí”;

(d) in alt 525 (1), cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (i):

“(i) in aon mheasúnacht a dhéanfar ar an bpearsa aonair, déileálfar leis mar dhuine a d'íoc cáin—

(a) de réir an ráta tosaigh ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta tosaigh,

(b) de réir an ráta laghdaithe ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta laghdaithe, agus

(c) de réir an ráta chaighdeánaigh ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta chaighdeánaigh nó na n-ard-rátaí;”.

 

2. I ndáil le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 66 (3) (b)—

(i) i bhfomhíreanna (i) agus (ii) cuirfear “de réir an ráta chaighdeánaigh nó na n-ard-rátaí” in ionad “de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe”,

(ii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (iii):

“(iii) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin, de réir mar a bheidh) ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta ab ísle ná an ráta caighdeánach, cáin de réir an íseal-ráta sin ar an méid a muirearaíodh de réir an íseal-ráta sin mar aon le cáin ar an méid céanna de réir ráta faoin gcéad ar cóimhéid le

D × E

______

F

i gcás—

arb é D an difríocht idir an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta agus an t-íseal-ráta faoin gcéad ar dá réir a muirearaíodh an méid agus, chun na críche sin, ciallaíonn ‘an t-íseal-ráta faoin gcéad’ an ráta ar dá réir a muirearaíodh cáin ar an méid, is é sin, ráta is lú ná an ráta caighdeánach,

arb é E an ráta feidhme faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘an ráta feidhme faoin gcéad’ do bhliain mheasúnachta méid arna chinneadh de réir na foirmle

B  ×  

100

___

A

i gcás an bhrí chéanna a bheith le A agus le B atá leo i bhfo-alt (2), agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus”,

(b) in alt 82 (6), trí—

(i) “de réir ráta is ísle ná an ráta caighdeánach” a chur in ionad “de réir an ráta laghdaithe”, agus

(ii) “den íseal-ráta sin” a chur in ionad “den ráta laghdaithe”.

CUID III

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Alt 6.

Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i bhfo-alt (1) cuirfear “£1,100” in ionad “£1,010” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£665” in ionad “£620” agus cuirfear “£1,215” in ionad “£1,125”, agus

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£665” in ionad “£620” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£735” in ionad “£685”.

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha i ndáil le Cáin Chorparáide

Alt 42.

 

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 58 (10), cuirfear “182 (faoiseamh i leith caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76),” isteach i ndiaidh “ailt”,

(b) in alt 109 (1) cuirfear “sa Chuid seo” in ionad “san alt sin”,

(c) in alt 176 (6) (a), scriosfar fomhír (iii),

(d) sa Chúigiú Sceideal, i mír 1 (6), cuirfear “mír” in ionad “alt”.

2. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1968 , trí “33” a chur in ionad “33 (2)” (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) in alt 37 (4).

3. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1972 , trí “33” a chur in ionad “33 (2)” i bhfo-alt (4) (a cuireadh isteach le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) d'alt 16.

4. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1973 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) d'alt 24, cuirfear “33” in ionad “33 (2)”,

(b) in alt 26, arna leasú le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

(i) cuirfear “(c)” in ionad “(e)”, agus

(ii) cuirfear “33” in ionad “33 (2)”.

5. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974 , trí “33” a chur in ionad “15 nó 33 (2)” (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) in alt 55 (4).

CUID V

Leasú ar Fhorálacha a Bhaineann le Faoiseamh i leith Méadú ar Stocluachanna

Alt 43.

 

1. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1975 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 31—

(i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'fho-alt (4):

“(b) Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.”,

(ii) i ndáil le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó aon lá dá éis, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (8) (a cuireadh isteach le halt 26 (1) (a) (iii) den Acht Airgeadais, 1976 ):

“(8) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta sa bhliain 1974-75 nó 1975-76, stocluach oscailte na cuideachta ná a stocluach dúnta, bainfear an bhreis (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann agus, chun críocha fho-alt (4) (a), is é an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin, an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ar mó méid an laghdaithe ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta ná an méadú ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann, go measfar, chun críocha an ailt seo, gur laghdú ar an stocluach sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile sin an bhreis agus bainfear í as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann, agus mar sin de;

(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo ar dhóigh a dhéanfadh difear do mhéid aon mheasúnachta don bhliain 1974-75;

(c) i gcás ar lú asbhaint (dá ngairtear an asbhaint is lú ' dá éis seo sa mhír seo) a bhfuil teideal ag cuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta sa bhliain 1975-76 a bheith á ríomh ná méid na hasbhainte (dá ngairtear ‘an asbhaint is mó’ dá éis seo sa mhír seo) a mbeadh, mura mbeadh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, teideal ag an gcuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta a éileamh, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1977, go ndéanfaí an asbhaint is mó le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, ach sa chás sin déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, seachas an t-alt seo, le luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais ar comhthráthach dá deireadh agus do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó a bheidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, mar luach arna laghdú méid is ionann agus breis na hasbhainte is mó ar an asbhaint is lú, agus áireofar, chun críocha alt 31A (8) (a), an méid sin mar mhéid a baineadh as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin.”,

(iii) cuirfear an fo-ait seo a leanas leis:

“(9) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó aon lá dá éis, ag seoladh trádála ar cuid di oibríochtaí trádála d'aon chineál dá luaitear sa mhíniú ar ‘trádáil’ i bhfo-alt (1) (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ anseo ina dhiaidh seo) agus ar oibríochtaí trádála eile an chuid eile di, measfar an chuideachta a bheith ag seoladh trádála ar oibríochtaí trádála cáilitheacha í go hiomlán nó go formhór, más rud é, agus amháin más rud é, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as díolacháin i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála cáilitheacha sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as na díolacháin go léir i gcúrsa a trádála sa tréimhse chuntasaíochta.”,

(b) in alt 31A (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht Airgeadais, 1976 )—

(i) sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta” i bhfo-alt (1), scriosfar “. dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976”,

(ii) cuirfear an coinníoll seo a leanas i ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (4) (a):

“Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh, in aon chás, méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná—

(I) i gcás deireadh a bheith le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin, agus

(II) i gcás deireadh a bheith le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin tar éis gach uile laghdú ar ioncam don tréimhse sin a dhéanamh de bhua ailt 16 agus 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tar éis gach uile asbhaint agus breisiú don tréimhse sin a dhéanamh de bhua alt 14 den Acht sin,

(ii) gurb é an t-ioncam trádála de chuid na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh an t-ioncam sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin gCúigiú Sceideal, agus

(iii) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis sin.”,

(iii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'fho-alt (4):

“(b) Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.”,

(iv) i ndáil le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-alt (7):

“(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1977, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid arna chinneadh de réir na foirmle

A + B - C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála do na tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a bheith á ríomh,

arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua forálacha alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976 , le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do na tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(8)  (a) Baineann an fo-alt seo—

(i) le haon mhéid a bheadh, faoi alt 31 (8), le baint as an méadú ar stocluach cuideachta ach nár asbhaineadh amhlaidh, agus

(ii) le haon mhéid nach n-áirítear, mar gheall ar an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (7), mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta.

(b) Déanfar méid lena mbaineann an fo-alt seo—

(i) más méid é dá dtagráitear i mír (a) (i), a bhaint as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta is luaithe a tharlóidh an méadú sin, agus

(ii) más méid é dá dtagraítear i mír (a) (ii), a bhaint as an méadú ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a tharlóidh méadú den sórt sin,

agus is é, chun críocha fho-alt (4) (a), an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll—

(I) i gcás ar mó aon mhéid lena mbaineann an fo-alt seo ná méid an mhéadaithe ar stocluach as a bhfuil sé le baint, go measfar gur laghdú ar stocluach sa tréimhse chuntasaíochta inar tharla an méadú sin an bhreis agus bainfear í as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile ina mbeidh méadú ar stocluach agus mar sin de;

(II) i gcás ar lú asbhaint (dá ngairtear ‘an asbhaint is lú’ dá éis seo sa mhír seo) a mbeidh teideal ag cuideachta chuici faoin alt seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith á ríomh, ná méid na hasbhainte dá ngairtear ‘an asbhaint is mó’ dá éis seo sa mír seo) a mbeadh, mura mbeadh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, teideal ag an gcuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta a éileamh, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1977, go ndéanfaí an asbhaint is mó le linn a hioncam trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, ach sa chás sin déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach, seachas an t-alt seo, le luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais ar comhthráthach dá deireadh agus do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó a beidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar luach arna laghdú méid is ionann agus breis na hasbhainte is mó ar an asbhaint is lú, agus áireofar, chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, an méid sin mar mhéid a baineadh as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin.

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

Ar chionníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid arna chinneadh de réir na foirmle

D + E - F

i gcás—

arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal, faoi fhorálacha an ailt seo, a dhéanamh le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh,

arb é E méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal, faoi fhorálacha alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976 , a dhéanamh le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus

arb é F comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(10) I gcás a dtarlóidh, i dtréimhse chuntasaíochta, go scoirfidh cuideachta de thrádáil a sheoladh nó go scoirfidh sí de bheith ina cónaí sa Stát nó go scoirfidh sí de bheith laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith trádála, measfar, chun críocha fho-ailt (7) agus (9), gur nialas stocluach dúnta na cuideachta.

(11) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, ag seoladh trádála ar cuid di oibríochtaí trádála d'aon chineál dá luaitear sa mhíniú ar ‘trádáil’ i bhfo-alt (1) (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ anseo ina dhiaidh seo) agus ar oibríochtaí trádála eile an chuid eile di, measfar an chuideachta a bheith ag seoladh trádála ar oibríochtaí trádála cáilitheacha í go hiomlán nó go formhór más rud é, agus amháin más rud é, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as díolacháin i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála cáilitheacha sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as na díolacháin go léir i gcúrsa a trádála sa tréimhse chuntasaíochta.”,

(c) sa Tríú Sceideal—

(i) i mír 1 (1)—

(I) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, an laghdú ar stocluach na cuideachta” isteach i ndiaidh “an méadú ar stocluach na cuideachta”, agus

(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (8)” isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”,

(ii) i mír 2—

(I) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fho-mhír (1):

“(1A) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an laghdú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 de réir na foirmle

A (O-C)

_______

N

i gcás—

na bríonna céanna a bheith le A, O, C agus N atá leo i bhfomhír (1):

Ar choinníoll, in aon chás a mbeidh an tréimhse chuntasaíochta a luaitear in alt 12 (8) den Acht Airgeadais, 1976 , ar áireamh i dtreoirthréimhse na cuideachta, go gcinnfear an laghdú ar an stocluach in aon tréimhse chuntasaíochta atá ar áireamh sa treoirthréimhse sin ionann is dá mba é N (in ionad seasamh don uimhir míonna sa treoirthréimhse) an uimhir míonna sa tréimhse ó thosach na treoirthréimhse go dtí deireadh na tréimhse cuntasaíochta a luaitear amhlaidh.”, agus

(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, ina mbeidh laghdú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1A)” i bhfomhír (2) i ndiaidh “de réir fhomhír (1),”,

(d) sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1975 (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht Airgeadais, 1976 )—

(i) i mír 1 (1)—

(I) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, an laghdú ar stocluach na cuideachta” isteach i ndiaidh “an méadú ar stocluach na cuideachta”, agus

(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (7)” isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”,

(ii) i mír 2—

(I) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (1):

“(1A) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an laghdú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A de réir na foirmle

A (O-C)

_______

N

i gcás—

na bríonna céanna a bheith le A, O, C agus N atá leo i bhfomhír (1):

Ar choinníoll, in aon chás a mbeidh an tréimhse chuntasaíochta a luaitear in alt 31A (10) ar áireamh i dtreoirthréimhse na cuideachta, go gcinnfear an laghdú ar an stocluach in aon tréimhse chuntasaíochta atá ar áireamh sa treoirthréimhse sin ionann is dá mba é N (in ionad seasamh don uimhir míonna sa treoirthréimhse) an uimhir míonna sa tréimhse ó thosach na treoirthréimhse go dtí deireadh na tréimhse cuntasaíochta a luaitear amhlaidh.”, agus

(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, ina mbeidh laghdú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1A)” i bhfomhír (2) i ndiaidh “de réir fhomhír (1),”.

2. Leasófar alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) i bhfo-alt (3) cuirfear “1977-78” in ionad “1976-77”,

(b) déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa bhliain 1976-77, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh ná méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh faoin alt seo le linn a ioncam trádála do na tréimhsí cuntasaíochta dar chríoch dáta sa bhliain 1975-76 a bheith á ríomh.

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis:

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid a chinnfear de réir na foirmle

D-E

i gcás—

arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh faoi fhorálacha an ailt seo le linn a ioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, agus

arb é E comhiomlán na méideanna a áiríodh faoi fhorálacha an ailt seo mar fháltais trádála de chuid na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(7) I gcás éifeacht don bhliain 1977-78 a bheith le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta—

(a) ní bheidh an duine i dteideal faoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , don bhliain 1978-79 ná d'aon bhliain dá éis sin maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1977,

(b) ní bheidh an duine i dteideal faoiseamh faoi alt 311 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , don bhliain 1976-77 ná d'aon bhliain roimhe sin maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil, agus

(c) ní bheidh feidhm ag forálacha alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag forálacha an ailt sin arna gcur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil arb éard é, nó a meastar gurb éard é, liúntas caipitiúil, nó cuid de liúntas caipitiúil, don bhliain 1977-78 agus nár tugadh lánéifeacht dó an bhliain sin toisc nach raibh brabúis ná gnóchain inmhuirearaithe ann don bhliain sin nó toisc gan dóthain brabús nó gnóchan inmhuirearaithe a bheith ann don bhliain sin.

(8) I gcás a dtarlóidh, i dtréimhse chuntasaíochta, go scoirfidh duine de thrádáil a sheoladh nó go scoirfidh sé de bheith ina chónaí sa Stát nó go scoirfidh sé de bheith laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith trádála, measfar, chun críocha fho-ailt (5) agus (6), gur nialas stocluach dúnta an duine.

(9) Bainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le trádáil a sheolann comhpháirtíocht mar a bhaineann siad le trádáil a sheolann duine.”.