An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Chorparáide)

18 1977

AN tACHT AIRGEADAIS, 1977

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

Leasú ar alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974 .

9. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 , trí “£75” a chur in ionad “£100” i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £75 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

Leasú ar alt 16 (feirmeoireacht ag daoine áirithe) den Acht Airgeadais, 1974 .

10. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1974 , trí “(seachas pearsa aonair a shuífidh nár mhó ná £50 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth an bhliain mheasúnachta sin)” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) a scriosadh as fo-alt (1), agus tá an chuid den fho-alt, arna leasú amhlaidh, roimh mhír (b) leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

16.—(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “pearsa aonair lena mbaineann alt 16” pearsa aonair a bhfuil feirmeoireacht á seoladh aige i mbliain mheasúnachta agus—

(a) a bheidh, freisin, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht,

Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar ar bhrabúis feirmeoireachta áirithe.

11. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1974 :

“19.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirearaithe i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó—

(a) i gcás nach mó ná £75 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an deichiú cuid den cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht;

(b) i gcás inar mó ná £75 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an méid ar a dtiocfar tríd an gcáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht a iolrú ar chodán ar deich is ainmneoir dó agus arb é is uimhreoir dó an uimhir is comhionann leis an méid atá de bhreis ar £74 ag luacháil inrátaithe na talún a bhí ar áitiú amhlaidh.

(2) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht, maidir le pearsa aonair, an méid sin den cháin ab iníoctha, mura mbeadh forálacha an ailt seo, i leith ioncam iomlán na pearsan aonair a bhfuil idir é agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht atá ar áireamh san ioncam iomlán sin agus an t-ioncam iomlán sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £84 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.”.

Brabúis feirmeoireachta a mheasúnú do 1977-78.

12. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) d'alt 21:

“(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith, de bhua alt 15, inchurtha faoi cháin don bhliain 1977-78 i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, is de réir forálacha an ailt seo agus, faoi réir alt 21A, ní faoi threoir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a chuirfear faoi cháin é don bhliain sin.

(2) I gcás pearsa aonair a bheith le cur faoi cháin de réir forálacha an ailt seo, muirearófar é faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

(V × 65)-R-W

i gcás

arb é V luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige don bhliain 1977-78,

arb é R méid na rátaí is iníoctha aige don bhliain sin i ndáil leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige amhlaidh, agus

arb é W méid iomlán na ndíolaíochtaí is iníoctha aige don bhliain sin le daoine, a bhí fostaithe mar bhuanfhostaithe chun an talamh sin a oibriú, i leith na hoibre sin.

(3) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfar aon asbhaint faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim as an méid a chinnfear faoi fho-alt (2).

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur buanfhostaí de chuid pearsan aonair duine más rud é maidir leis an bpearsa aonair sin—

(i) go bhfuil sé cláraithe mar fhostóir faoi na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ),

(ii) go bhfuil, i ndáil leis na díolaíochtaí go léir a d'íoc sé sa bhliain 1977-78 leis an duine sin, forálacha na Rialachán sin comhlíonta aige, agus

(iii) go bhfuil ranníocaí fostaíochta (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) íoctha aige i leith an duine sin in aghaidh na tréimhse nó na dtréimhsí a bhí an duine sin ar fostú aige an bhliain sin, agus

(b) ní dhéanfar díolaíochtaí is iníoctha ag pearsa aonair le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair sin a chur i gcuntas chun críche na foirmle i bhfo-alt (2) ach amháin sa mhéid gur in airgead a íoctar na díolaíochtaí leis an duine sin.”, agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Achomhairc in aghaidh measúnachtaí faoi alt 21

21A.—(1) Beidh pearsa aonair arb éagóir leis measúnacht a rinneadh air faoi alt 21 i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta sin ar an bhforas gur rogha leis go muirearófaí cáin air don bhliain 1977-78 i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar mhéid—

(a) arna chinneadh de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(b) ar cóimhéid le méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin don bhliain sin:

Ar choinníoll, i gcás pearsa aonair a roghnóidh go muirearófaí cáin air de réir mhír (b) agus ar muirearaíodh cáin air don bhliain 1976-77 i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, nach mbeidh feidhm, maidir leis an mbliain 1977-78, ag alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , ná ag alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le haon innealra nó gléasra cáilitheach (de réir brí na n-alt sin) a soláthraíodh le húsáid chun críocha féirmeoireachta san eatramh idir an bhonn-tréimhse (de réir brí Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) don bhliain 1976-77 agus an bhonn-tréimhse (de réir na brí réamhráite) don bhliain 1977-78.

(2) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair achomharc agus rogha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), déanfar na leasuithe sin go léir ar an meastachán a áiritheoidh gur de réir na rogha sin a mhuirearófar cáin air.”.

Feidhm alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976 , ar mheasúnachtaí faoi alt 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 .

13. —Beidh éifeacht le halt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le measúnacht arna déanamh de bhua alt 21 den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá gcuirfí an coinníoll seo a leanas leis an míniú ar “an méid sonraithe cánach”—

“Ar choinníoll, agus d'aineoinn forálacha fho-alt (2), i gcás measúnacht i leith cánach ar cáin, í, nó a fholaíonn aon mhéid cánach, a bhaineann leis na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht, arna muirearú de réir forálacha alt 21 den Acht Airgeadais, 1974 , go gciallaíonn ‘an méid sonraithe cánach’, i ndáil le haon tráthchuid cánach is iníoctha ar dháta roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, an cháin a measúnaíodh agus is iníoctha sa tráthchuid sin;”.

Méadú ar na liúntais maidir le caiteachas caipitiúil áirithe.

14. —(1) I gcás duine lena mbaineann alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ), do thabhú caiteachas caipitiúil lena mbaineann an t-alt seo, an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis, ar caiteachas é a bhfuil sé i dteideal liúntas a éileamh ina leith faoin alt sin, déanfar an liúntas a bheidh le tabhairt in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas nó aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt le linn an liúntas a bheith á éileamh aige, agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme a tugadh faoin alt sin 22 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a tabhaíodh ag déanamh fálta, bóithre, clós gabhann nó draenacha nó ag aithinmheachan talún.