|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Chorparáide i ndáil le Cuideachtaí Monaraíochta Airithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil III Cáin Chorparáide | |||
[EN] |
Cáin chorparáide a mhuirearú don bhliain airgeadais 1977 agus do bhlianta airgeadais dá éis sin. |
15. —Beidh éifeacht le halt 1 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “45 faoin gcéad” in ionad “50 faoin gcéad”. | ||
[EN] |
Leasú ar ailt 13 agus 37 (gnóchain inmhuirearaithe cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
16. —(1) Beidh éifeacht le hailt 13 (1) agus 37 (3) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí “a dó dhéag d'fhiche cúigithe” in ionad “48 faoin gcéad”. | ||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo na hailt sin 13 (1) agus 37 (3) (a), arna leasú le fo-alt (1), maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “a naoi déag de dhaichead cúigithe” in ionad “a dó dhéag d'fhiche cúigithe”. | |||
[EN] | (3) I gcás a mbeidh, faoin alt sin 13 (1), arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo, codáin éagsúla i bhfeidhm i gcodanna éagsúla de thréimhse chuntasaíochta— | |||
[EN] | (a) déanfar méid na ngnóchan inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta (arna ríomh de réir an ailt sin 13 (1), ach gan an laghdú codánach a shonraítear ann a dhéanamh) a chionroinnt ar na codanna sin, agus | |||
[EN] | (b) déanfar an cion do gach cuid a laghdú faoin alt sin 13 (1) an codán a bheidh i bhfeidhm sa chuid sin. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
17. —(1) Beidh éifeacht le halt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá ndéanfaí— | ||
[EN] | (a) “35 faoin gcéad” a chur in ionad “40 faoin gcéad” i bhfo alt (1), | |||
[EN] | (b) “20 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus | |||
[EN] | (c) tagairt do £10,000 a chur in ionad gach tagartha do £5,000 agus tagairt do £15,000 a chur in ionad gach tagartha do £10,000 i bhfo-alt (3). | |||
[EN] | (2) I gcás éifeacht a bheith, de bhua fho-alt (1), leis an alt sin 28 fara uasmhéideanna iomchuí íochtaracha agus uachtaracha i ndáil le codanna éagsúla den tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid cuideachta, déileálfar, chun críocha an ailt sin, leis na codanna sin ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha de chuid na cuideachta iad, agus déanfar brabúis agus ioncam (de réir brí an ailt sin 28 sa dá chás) na cuideachta don tréimhse chéadluaite a chionroinnt idir na codanna sin. | |||
[EN] | (3) (a) Leasaítear leis seo alt 28 (7) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “, agus chun na críche sin déileálfar le cuideachta mar chomhalta de ghrúpa agus déileálfar le hioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta ó chuideachta eile mar ioncam infheistíochta frainceáilte a tháinig ó chuideachtaí sa ghrúpa i gcás, agus amháin i gcás, dá mba íocaíocht den sórt dá dtagraítear in alt 105 (1) an t-ioncam sin, go n-íocfaí é gan cáin ioncaim a asbhaint nó go n-íocfaí amhlaidh é dá mbeadh sin roghnaithe ag na cuideachtaí” a chur isteach i ndiaidh “ó chuideachtaí sa ghrúpa”, agus tá an fo-alt sin (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
[EN] | (b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le hioncam infheistíochta frainceáilte a d'eascair sa bhliain 1976-77 nó a eascróidh i mblianta measúnachta dá éis sin. | |||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
18. —Beidh éifeacht le halt 79 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “30 faoin gcéad” in ionad “35 faoin gcéad”. | ||
[EN] |
Feidhm ailt 182 agus 184 (faoiseamh maidir le caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
19. —(1) I gcás ar sa bhliain airgeadais 1976 do chuid de thréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais 1977 do chuid eile di, déileálfar, chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha iad. | ||
[EN] | (2) I gcás a ndéileálfar, faoi fho-alt (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, glacfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith na coda lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta leithleach an chuid sin. | |||
[EN] | (3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi faoi fho-alt (1) mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1976, di go hiomlán, ionann is dá mba 30 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta 1976-77 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin. |