|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil V Cánachas ar Ghnóchain Inmhuirearaithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Cáin Chorparáide i ndáil le Cuideachtaí Monaraíochta Airithe | |
[EN] |
Mínithe. |
20. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | tá le “ranníocóir fostaithe” agus le “ranníocaí fostaíochta” na bríonna céanna atá leo san Acht Leasa Shóisialaigh, 1952; | |
[EN] | ciallaíonn “tréimhse iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1977, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1979, di; | |
[EN] | ciallaíonn “tréimhse de chuid 1977” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain airgeadais 1977 di agus ciallaíonn aon abairt chomhréire ina bhfuil tagairt do 1978 nó do 1979 agus na focail “tréimhse de chuid” roimpi tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain 1978 nó 1979, cibé acu é, di; | |
[EN] | ciallaíonn “trádáil shonraithe” trádáil arb í go hiomlán, i ngach tréimhse iomchuí a ndéanfar éileamh ina haghaidh faoin gCaibidil seo, monarú earraí sa Stát: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) go measfar gurb éard é trádáil go hiomlán monarú earraí sa Stát i dtréimhse iomchuí más rud é nach lú an méid ab infhaighte ag an duine a sheolann an trádáil as earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála a dhíol sa tréimhse ná 90 faoin gcéad den méid iomlán ab infhaighte ag an duine as an díolachán go léir a rinneadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse, agus | |
[EN] | (b) i gcás— | |
[EN] | (i) dhá chuideachta a bheith ann, a ndéanann ceann acu earraí a mhonarú sa Stát agus an ceann eile iad a dhíol i gcúrsa a trádála, agus | |
[EN] | (ii) go sealbhaíonn ceann de na cuideachtaí breis agus 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile nó go sealbhaíonn daoine a bhfuil leas rialaithe acu i gcuideachta amháin, go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile, | |
[EN] | ansin, maidir leis na hearraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí sa Stát, go measfar, ar an gcuideachta eile dá ndíol i gcúrsa a trádála, gur mhonaraigh an chuideachta eile sin iad sa Stát. | |
[EN] |
Bliain chaighdeánach. |
21. —Ciallaíonn an bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an bhliain airgeadais 1976, agus beidh an bhliain chaighdeánach infheidhmithe i ndáil leis an trádáil shonraithe cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil shonraithe á seoladh, ar feadh na bliana caighdeánaí go léir nó ar feadh coda di, ag duine seachas an chuideachta a sheolann í sa tréimhse iomchuí nó go raibh codanna leithleacha den trádáil shonraithe á seoladh ag daoine éagsúla. |
[EN] |
Cionroinnt de dhroim cuid de thrádáil a aistriú. |
22. —I gcás aon athrú tarlú, an lú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis, dá dtagann cuid de thrádáil a aistriú chun aon duine, déanfar— |
[EN] | (a) an méid is infhaighte as earraí a monaraíodh sa Stát a dhíol sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe, agus | |
[EN] | (b) an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe go díreach nó go neamhdhíreach ag monarú earraí sa Stát sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe, | |
[EN] | a chionroinnt, maidir le haon tréimhse iomchuí ar inti nó roimpi a tharla an t-athrú, chun críocha míreanna (c) agus (d) d'alt 24, agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin i cibé slí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na himthosca go léir. | |
[EN] |
An chuid chomhréire de bhliain chaighdeánach. |
23. —I gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse de chuid 1977, is í an chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an tréimhse dar tosach tráth dhá mhí dhéag roimh an dáta dar tosach an tréimhse de chuid 1977 a dúradh agus dar críoch tráth dhá mhí dhéag roimh an dáta dar críoch an tréimhse de chuid 1977 a dúradh. |
[EN] |
An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe. |
24. —I gcás cuideachta a bhí ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976, d'éileamh agus do chruthú maidir le tréimhse de chuid 1977— |
[EN] | (a) go seolann sí trádáil shonraithe, | |
[EN] | (b) nach lú a hioncam arna ríomh chun críocha cánach corparáide ón trádáil shonraithe don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977 nó ar cuid di an tréimhse sin ná 95 faoin gcéad de mhéid iomlán a hioncaim arna ríomh amhlaidh don tréimhse chuntasaíochta sin, | |
[EN] | (c) nach lú iomlán an mhéid (is méid arna chinneadh de réir alt 25) as ar dhíol an chuideachta, sa tréimhse de chuid 1977, d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa na trádála sonraithe ná 105 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin, agus | |
[EN] | (d) nach lú an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa thrádáil shonraithe na cuideachta sa tréimhse de chuid 1977 ná 103 faoin gcéad den líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa na trádála sin, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, | |
[EN] | déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta atá comthráthach leis an tréimhse de chuid 1977 nó ar cuid den tréimhse sin í a ríomh, d'ainneoin forálacha ailt 1 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1977 agus chun na críche sin is é ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt sin. | |
[EN] |
Iomlán díolacháin a chinneadh. |
25. —Chun críocha alt 24 (c), is é an méid iomlán a dhíol an chuideachta sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa thrádáil shonraithe a sheolann sí an méid ab infhaighte as na hearraí sin a dhíol dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí an chuideachta agus ceannaitheoir na n-earraí agus gur díoladh na hearraí ar mheánmhéid na bpraghsanna ar a bhféadfaí iad a dhíol i gcúrsa na trádála sin sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin. |
[EN] |
Comharbas trádála. |
26. —I gcás cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” dá éis seo san alt seo) nach raibh ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976, teacht i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta eile ar an dáta sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an chuideachta chomharbais ag seoladh trádála ar an dáta sin. |
[EN] |
Dleachtanna agus cáin bhreisluacha a eisiamh. |
27. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, ach amháin mar a bhfuil feidhm ag fo-alt (2), is amhlaidh don méid is infhaighte ag duine as earraí a dhíol in aon tréimhse— |
[EN] | (a) go measfar é a bheith laghdaithe méid aon dleachta a bheidh íoctha nó iníoctha ag an duine i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh ar áireamh ann aon mhéid i leith cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar na hearraí a dhíol. | |
[EN] | (2) Chun críocha alt 25 is amhlaidh do mheánmhéid na bpraghsanna ar a bhféadfadh cuideachta earraí a dhíol— | |
[EN] | (a) gurb é meánmhéid na bpraghsanna sin é arna chinneadh tar éis aon mhéid a bhaint as na praghsanna atá ar áireamh sna praghsanna sin i leith aon dleachtanna a d'íoc an chuideachta, nó ab iníoctha aici, i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh ar áireamh ann aon mhéid i leith cháin bhreisluacha ab inmhuirearaithe ar na hearraí a dhíol. | |
[EN] |
Idirbhearta idir daoine comhlachaithe. |
28. —(1) I gcás cuideachta a dhéanfaidh éileamh faoin gCaibidil seo (dá ngairtear “an ceannaitheoir” dá éis seo san fho-alt seo) do cheannach earraí ó dhuine eile (dá ngairtear “an díoltóir” dá éis seo san fho-alt seo) agus— |
[EN] | (a) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go bhfuil rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus | |
[EN] | (b) gur díoladh na hearraí ar phraghas níos lú ná an praghas ba dhóigh a rachaidís dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe, | |
[EN] | ansin déanfar ioncam nó caillteanas an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach, ionann is dá mba gur dhíol an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a rachaidís dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart. | |
[EN] | (2) I gcás cuideachta a dhéanfaidh éileamh faoin gCaibidil seo (dá ngairtear “an díoltóir” dá éis seo san fho-alt seo) do dhíol earraí le duine eile (dá ngairtear “an ceannaitheoir” dá éis seo san fho-alt seo) agus— | |
[EN] | (a) go bhfuil rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an ceannaitheoir, go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus | |
[EN] | (b) gur díoladh na hearraí ar phraghas níos mó ná an praghas ba dhóigh a rachaidís dá mba pháirithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart. | |
[EN] | ansin, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach (lena n-áirítear an Chaibidil seo), déanfar aon mhéid is infhaighte as na hearraí a dhíol agus ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh ionann is mba gur dhíol an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a rachaidís dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart. | |
[EN] | (3) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |
[EN] | (4) Féadfaidh an cigire, trí fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a sheolann trádáil shonraithe cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 24 ionann is dá mbeadh na hábhair a gceanglaítear leis an bhfógra sin cruthúnas a thabhairt orthu ar áireamh na faisnéise nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo. | |
[EN] |
Tréimhsí cuntasaíochta leithleacha do chuideachtaí beaga, etc. |
29. —(1) Más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta— |
[EN] | (a) go muirearófar cáin chorparáide de réir 25 faoin gcéad ar aon chuid d'ioncam cuideachta, agus | |
[EN] | (b) gur sa bhliain airgeadais 1977 do chuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais 1978 don chuid eile di, | |
[EN] | déileálfar, chun críocha ailt 28, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha iad. | |
[EN] | (2) I gcás a ndéileálfar, faoi fho-alt (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, glacfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith na coda lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta leithleach an chuid sin. | |
[EN] | (3) I gcás cáin chorparáide a mhuirearú, maidir le tréimhse chuntasaíochta, de réir 25 faoin gcéad ar ioncam iomlán cuideachta nó ar chuid dá hioncam— | |
[EN] | (a) ní bheidh éifeacht le forálacha alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an tréimhse de chuid 1977 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í, agus | |
[EN] | (b) beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir leis an tréimhse de chuid 1977 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1976-77 agus don bhliain 1977-78. | |
[EN] |
Oibríochtaí mianadóireachta agus foirgníochta a eisiamh. |
30. —Ní bheidh feidhm ag alt 24 i ndáil le cáin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam de chuid cuideachta a sheolann trádáil arb éard í go hiomlán nó go páirteach— |
[EN] | (a) aon oibríochtaí mianadóireachta chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil, de réir brí alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún, nó | |
[EN] | (b) aon oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ). | |
[EN] |
Feidhm alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
31. —Beidh feidhm ag alt 63 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , modhnaithe mar is gá, chun críocha na Caibidle seo mar atá feidhm aige chun críocha Chuid IV den Acht sin. |
[EN] |
Achomhairc. |
32. —Beidh ábhar achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc ann maidir le haon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo mar a bheadh ábhar achomairc ann in aghaidh measúnachta cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc. |