An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cánachas ar Ghnóchain Inmhuirearaithe) Ar Aghaidh (CUID II Mál)

18 1977

AN tACHT AIRGEADAIS, 1977

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Forléiriú ar thagairtí do leanbh, do mhac agus d'iníon sna hAchtanna Cánach agus san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

36. —Chun críocha na nAchtanna Cánach agus an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mura léir a mhalairt d'intinn—

(a) folaíonn tagairtí in aon cheann de na hAchtanna sin do leanbh (lena n-áirítear tagairtí do mhac nó d'iníon) tagairtí—

(i) do leasleanbh, agus

(ii) do leanbh a uchtaíodh—

(I) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó

(II) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, sa Stát,

agus

(b) measfar an gaol idir leanbh dá dtagraítear i mír (a) (ii) agus aon duine eile, nó idir daoine eile, a bheadh ann dá mba leanbh é a rugadh don uchtóir nó do na huchtóirí de phósadh dleathach a bheith idir an leanbh sin agus an duine eile sin, nó idir na daoine eile sin, agus measfar deireadh a bheith le gaol aon linbh den sórt sin agus aon duine a bhí ann sular uchtaíodh amhlaidh é,

agus forléireofar “uchtleanbh” de réir an ailt seo.

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú don tréimhse go 1 Aibreán, 1979.

37. —Chun na liúntais chaipitiúla dá bhforáiltear leis na hailt a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a bhuanú i leith na tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1977, go dtí an 1ú lá d'Aibreán, 1979, beidh éifeacht leis na hailt sin (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán. 1979, gach tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1977.

AN TABLA

Alt 251, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 254, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 264, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 265, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 22, an tAcht Airgeadais, 1971

Alt 26, an tAcht Airgeadais, 1971 .

Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973 .

38. —Leasaítear leis seo alt 8 (1) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1979” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ), agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

8.—(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1979, ag ceannach loinge nua.

Forálacha i ndáil leis an gCoinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go comharaíoch sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe.

39. —(1) (a) Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, i gcás duine a bheith inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide faoi Chás III de Sceideal D ar ioncam is díbhinn a bhfuil an duine i dteideal creidmheasa cánach ina leith faoi Airteagal 11 (2) (b) den Choinbhinsiún, áireofar méid an chreidmheasa cánach san ioncam is inmhuirearaithe amhaidh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “díbhinn” díbhinn de réir Airteagal 11 (4) den Choinbhinsiún a íocadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.

(2) (a) I gcás—

(i) duine a bheith inmhuirearaithe, don bhliain mheasúnachta 1976-77, i leith cánach ioncaim faoi Chás III de Sceideal D maidir le hioncam a d'eascair sa Ríocht Aontaithe (dá ngairtear “an t-ioncam sin” anseo feasta), agus

(ii) go ndéantar an cháin is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin a ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, agus

(iii) é a bheith inmhuirearaithe i leith cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe don bhliain mheasúnachta sin maidir leis an ioncaim sin arna ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain sin,

tabharfar, faoi réir forálacha mhír (b), faoiseamh ó cháin ioncaim a muirearaíodh sa mheasúnacht don bhliain 1976-77 maidir le cáin ioncaim sin na Ríochta Aontaithe.

(b) Beidh san fhaoiseamh a thabharfar faoi mhír (a) an méid céanna a bheadh ann, agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha céanna a mbeadh sé faoina réir, ionann is dá mba chreidmheas é ab inlamhála faoi chomhshocraíochtaí ag a mbeadh feidhm dlí de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe ab inmhuirearaithe ar an ioncam sin agus a áireofaí sa mheasúnacht dá mba sa bhliain 1976-77 a d'eascair an t-ioncam sin:

Ar choinníoll nach mó an faoiseamh ná an méid cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír (a) (iii).

(c) Maidir le míreanna (a) agus (b)—

(i) beidh feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim ar thuarastail, pá agus luach saothair eile den sórt sin lena mbaineann Airteagal 15 den Choinbhinsiún faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar tagairtí do 1976-77 mar thagairtí do 1977-78, agus

(ii) ní bheidh feidhm acu i ndáil le luach saothair ná le pinsin lena mbaineann Airteagal 18 den Choinbhinsiún.

(3) Chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún beidh éifeacht leis na hAchtanna Cánach d'aon bhliain a bheidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm faoi réir na modhnuithe atá leagtha amach i mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) (a) Le linn alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann atá cláraithe faoi na hachtacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Ríocht Aontaithe agus atá ar comhréir le hAchta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, ní chuirfear i gcuntas ach amháin costais bhainistí is inchurtha i leith gnó saoil a bhaineann le conarthaí árachais a rinneadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.

(b) Le linn alt 43 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann dá dtagraítear i mír (a), eisiafar ó na dliteanais, arb é B san alt sin 43 (3) a meánmhéid, aon dliteanais i leith sealbhóirí polasaithe a d'eascair ó chonarthaí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an mhír seo difear don chomhréir ar faoina treoir a dhéanfar faoiseamh faoi alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith costais bhainistí a ríomh de bhua alt 47 (2) den Acht sin.

(c) Forléireofar an fo-alt seo agus Cuid III den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar aon ní amháin.

(5) San alt seo agus in alt 54—

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe chun cánachas dúbailte a sheachaint agus chun cosc a chur le himghabháil fioscach maidir le cánacha ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla, agus an Prótacal do leasú an Choinbhinsiúin, a bhfuil an dá cheann díobh leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus ar Ghnóchain Chaipitiúla) (An Ríocht Aontaithe), 1976 (I.R. Uimh. 319 de 1976);

ciallaíonn “na sean-Chomhaontuithe” na Comhaontuithe atá leagtha amach—

(a) sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 ,

(b) i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 , agus

(d) san Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975 (I.R. Uimh. 143 de 1975),

agus an Prótacal atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973 .

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le blianta measúnachta áirithe.

40. —(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann an dá bhliain mheasúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann an dá bhliain sin.

(2) Déanfar an tagairt don ráta caighdeánach i mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) den alt sin 31 a fhorléiriú, i ndáil leis an mbliain 1976-77, mar thagairt don ráta caighdeánach cánach arna mhéadú 10 faoin gcéad den ráta sin.

Leasú ar alt 171 (forléiriú ar thagairtí do cháin ioncaim arna híoc trí asbhaint agus do aisíoc) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

41. —(1) Leasaítear leis seo alt 171 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “(seachas in ailt 3, 8 agus 151)” a chur isteach i ndiaidh “sna hAchtanna Cánach”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo agus measfar éifeacht a bheith leis amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976.

Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le cáin chorparáide.

42. —Déantar leis seo, le héifeacht maidir le gach bliain airgeadais iomchuí ó thosach na bliana airgeadais 1974 amach—

(a) na hachtacháin a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 5 de Chuid IV den Chéad Sceideal a leasú mar a shonraítear sa Chuid sin, agus

(b) na hachtacháin eile a shonraítear sa Chuid sin a leasú le haghaidh cánach corparáide mar a shonraítear amhlaidh,

agus bainfidh mír 50 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis na leasuithe a shonraítear amhlaidh mar a bhaineann sí leis na leasuithe dá dtagraítear sa mhír sin.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

43. —Beidh éifeacht le forálacha Chuid V den Chéad Sceideal chun ailt 31 agus 31A den Acht Airgeadais, 1975 , agus an Tríú agus an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , a leasú.