|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Mál | |
[EN] |
Athrú ar an dleacht máil ar cheadúnais driogairí agus ar cheadúnais bríbhéirí. |
44. —(1) D'ainneoin aon ní i Scála 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act, 1910, muirearófar, toibheofar agus íocfar de réir £50 an dleacht a fhorchuirtear le halt 43 den Acht sin ar an gceadúnas a bhainfidh driogaire biotáille amach gach bliain. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i Scála 2 den Chéad Sceideal sin, muirearófar, toibheofar agus íocfar de réir £50 an dleacht a fhorchuirtear le halt 43 den Acht sin ar an gceadúnas a bhainfidh bríbhéir beorach chun a díola amach gach bliain. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh forálacha 3 agus 4 de na forálacha dá dtagraítear sa Chéad Sceideal sin mar Fhorálacha a bhaineann le Ceadúnais Monaróirí, le ceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le ceadúnais a dheonófar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó dá éis. | |
[EN] |
Laghdú ar an lacáiste ar bheoir a ghrúdófar as gránaigh bhailebhraichte. |
45. —Beidh éifeacht le halt 41 den Acht Airgid, 1932 , i ndáil le beoir a grúdaíodh an bhliain dar tosach an lú lá d'Iúil, 1977, ionann is dá mba thagairt do ráta aon phunt amháin an bairille caighdeánach an tagairt atá san alt sin (de bhua alt 6 den Acht Airgeadais, 1955 ) do ráta dhá phunt an bairille caighdeánach. |
[EN] |
Aistarraingt ar bheoir. |
46. —Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá de Mheán Fómhair, 1977, an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975) a ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach de réir £60.595 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear in alt 36 (2) den Acht Airgeadais, 1976 . |