|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Cáin Rachmais) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[EN] | |||||||
[EN] |
CUID III Dleachtanna Stampa | ||||||
[EN] |
Faoiseamh ó dhleacht stampa ar chonarthaí áirithe. |
47. —(1) San alt seo ciallaíonn “conradh” conradh a bheidh déanta roimh an lú lá d'Eanáir, 1979, chun foirgneamh ar íocadh dleacht stampa go cuí ina leith faoi fhorálacha alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 , a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú. | |||||
[EN] | (2) In aon chás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh an foirgniú, an t-athrú nó an méadú go léir lena mbaineanna conradh idir an 26ú lá d'Eanáir, 1977, agus an 31ú lá de Nollaig, 1978, aisíocfaidh siad méid iomlán na dleachta stampa sin a íocadh ar an ionstraim nó ar na hionstraimí ina bhfuil an conradh. | ||||||
[EN] | (3) In aon chás ina ndearnadh cuid den fhoirgniú, den athrú nó den mhéadú lena mbaineann conradh, ach nach ndearnadh é go léir, idir an 26ú lá d'Eanáir, 1977, agus an 31ú lá de Nollaig, 1978, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid na dleachta stampa sin a íocadh ar an ionstraim nó ar na hionstraimí ina bhfuil an conradh ar a | ||||||
| |||||||
[EN] | stampa a íocadh amhlaidh | ||||||
[EN] | i gcás— | ||||||
[EN] | arb é A an chuid den fhoirgniú, den athrú nó den mhéadú a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur idir na dátaí réamhráite a rinneadh í, agus | ||||||
[EN] | arb é B méid iomlán an fhoirgnithe, an athraithe nó an mhéadaithe lena mbaineann an conradh. | ||||||
[EN] | (4) Déanfar éileamh ar aisíoc dleachta faoin alt seo i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó lá an chonartha a chríochnú nó ón 31ú lá de Nollaig, 1978, cibé lá acu is luaithe, agus déanfar an t-aisíoc, más ann, ar an ionstraim nó na hionstraimí agus iad stampáilte go cuí faoin alt sin 50 a thabhairt ar aird. | ||||||
[EN] |
Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa. |
48. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ná iníoctha maidir le haon tíolacadh, aistriú nó ligean a rinne Alfred Lane Beit agus Clementine Mabel Beit, nó ceachtar díobh, chuig the Alfred Beit Foundation (a corpraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , an 23ú lá de Mhárta, 1976). |