|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL G Athchóiriú) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL I Leachtú Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a Riaradh) |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL H Rannpháirtíocht a Fhoirceannadh | |
1. Más oibleagáid don rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid a bheidh fanta tar éis an fhritháirimh faoi Airteagal XXIV, Alt 2 (b) agus nach ndéanfar comhaontú socraíochta idir an Ciste agus an rannpháirtí foirceannaidh laistigh de shé mhí ó dháta an fhoirceanta, fuasclóidh an Ciste an iarmhéid sin de chearta tarraingthe speisialta ina thráthchodanna leathbhliantúla comhionanna laistigh de chúig bliana ar a fhad ó dháta an fhoirceanta. Fuasclóidh an Ciste an iarmhéid sin, mar a chinnfidh sé, (a) trí na méideanna a íoc leis an rannpháirtí foirceannaidh a rinne na rannpháirtithe a bhí fágtha a sholáthar don Chiste de réir Airteagal XXIV, Alt 5, nó (b) trína cheadú don rannpháirtí foirceannaidh a chearta tarraingthe speisialta a úsáid chun a airgeadra féin a fháil nó airgeadra is inúsáidte go héasca a fháil ó rannpháirtí a shonróidh an Ciste, an Cuntas Acmhainní Ginearálta, nó aon sealbhóir eile. | ||
2. Más oibleagáid don Chiste an oibleagáid a bheidh fanta tar éis an fhritháirimh faoi Airteagal XXIV, Alt 2 (b) agus nach ndéanfar comhaontú socraíochta laistigh de shé mhí ó dháta an fhoirceanta, urscaoilfidh an rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid sin ina tráthcodanna leathbhliantúla comhionanna laistigh de thrí bliana ó dháta an fhoirceanta nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an Ciste. Urscaoilfidh an rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid sin, mar a chinnfidh an Ciste, trí (a) airgeadra is inúsáidte go héasca a íoc leis an gCiste, nó (b) trí chearta tarraingthe speisialta a fháil de réir Airteagal XXIV, Alt 6, ón gCuntas Acmhainní Ginearálta nó trí chomhaontú le rannpháirtí a shonróidh an Ciste nó ó aon sealbhóir eile, agus na cearta tarraingthe speisialta sin a fhritháireamh i gcoinne na tráthchoda a bheidh dlite. | ||
3. Tiocfaidh tráthchodanna faoi 1 nó 2 thuas chun bheith dlite sé mhí tar éis dáta an fhoirceanta agus i gceann tréimhsí sé mhí dá éis sin. | ||
4. Má dhéantar Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a leachtú faoi Airteagal XXV laistigh de shé mhí ón dáta a fhoirceannfaidh rannpháirtí a rannpháirtíocht, déanfar an tsocraíocht idir an Ciste agus an rialtas sin de réir Airteagal XXV agus Sceideal I. |