An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL I Leachtú Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a Riaradh) Ar Aghaidh (SCEIDEAL K Leachtú a Riaradh)

19 1977

AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977

SCEIDEAL J

Socrú Cuntas le Comhaltaí a Eireoidh As

1. Socrófar cuntais maidir leis an gCuntas Acmhainní Ginearálta de réir 1 go 6 den Sceideal seo. Beidh d'oibleagáid ar an gCiste go n-íocfaidh sé le comhalta a éireoidh as méid is comhionann lena chuóta, móide aon mhéideanna eile a bheidh dlite dó den Chiste, lúide aon mhéideanna a bheidh dlite don Chiste, lena n-áirítear táillí a d'fhaibhrigh tar éis an dáta a d'éirigh sé as; ach ní dhéanfar aon íocaíocht go ceann sé mhí tar éis dáta an éirí-as. In airgeadra an chomhalta sin a d'éirigh as a dhéanfar íocaíochtaí, agus chun na críche sin féadfaidh an Ciste sealbháin d'airgeadra an chomhalta sa Chuntas Eisíoca Speisialta nó sa Chuntas Infheistíochta a aistriú chun an Chuntais Acmhainní Ginearálta mar mhalairt ar a chóimhéid sin d'airgeadraí comhaltaí eile sa Chuntas Acmhainní Ginearálta a roghnóidh an Ciste le comhthoiliú uathu.

2. Mura leor sealbháin an Chiste d'airgeadra an chomhalta a d'éirigh as chun an glammhéid a íoc a bheidh dlite den Chiste, íocfar an t-iarmhéid in airgeadra is inúsáidte go héasca, nó ar cibé cuma eile ar a gcomhaontófar. Mura ndéanfaidh an Ciste agus an comhalta a d'éirigh as comhaontú laistigh de shé mhí ó dháta an éirí-as, déan far an t-airgeadra sin a bheidh ag an gCiste a íoc laithreach leis an gcomhalta sin a d'éirigh as. Déanfar aon iarmhéid a bheidh dlite a íoc ina dheich dtráthchodanna leathbhliantúla in imeacht na gcúig bliana ina dhiaidh sin. Íocfar gach tráthchuid díobh sin, de réir mar is rogha leis an gCiste, in airgeadra de chuid an chomhalta a d'éirigh as a fuarthas tar éis dó éirí as nó in airgeadra is inúsáidte go héasca.

3. Má mhainníonn an Ciste aon tráthchuid a íoc a bheidh dlite de réir na míreanna sin roimhe seo, beidh de theideal ag an gcomhalta a d'éirigh as a cheangal ar an gCiste an tráthchuid a íoc in aon airgeadra a bheidh ag an gCiste ach amháin aon airgeadra a mbeidh dearbhaithe faoi Airteagal VII. Alt 3 go bhfuil sé gann.

4. Más mó sealbháin an Chiste d'airgeadra comhalta a d'éirigh as ná an méid a bheidh dlite dó, agus mura gcomhaontófar ar an modh socraithe cuntas laistigh de shé mhí ó dháta an éirí-as, beidh d'oibleagáid ar an iarchomhalta an t-airgeadra breise sin a fhuascailt in airgeadra is inúsáidte go héasca. Déanfar an fhuascailt de réir na rátaí ar a ndíolfadh an Ciste na hairgeadraí sin an tráth a d'éirigh an comhalta as an gCiste. Déanfaidh an comhalta a d'éirigh as an fhuascailt a chríochnú laistigh de chúig bliana ó dháta an éirí-as, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an Ciste, ach ní bheidh de cheangal air níos mó a fhuascailt, in aon tréimhse leath-bhliana, ná an deichiú cuid de shealbháin bharrachais an Chiste dá airgeadra ar dháta an éirí-as móide fáltais bhreise den airgeadra i rith na tréimhse leath-bhliana sin. Mura ndéanfaidh an comhalta a d'éirigh as an oibleagáid sin a chomhlíonadh féadfaidh an Ciste an méid airgeadra ba cheart a fhuascailt a leachtú go hordúil ar aon mhargadh.

5. Aon chomhalta ar mian leis airgeadra comhalta a d'éirigh as a fháil gheobhaidh sé é trína cheannach ón gCiste, go feadh an oiread a bheidh teacht ag an gcomhalta sin ar acmhainní ginearálta an Chiste agus go feadh an oiread a bheidh an t-airgeadra sin ar fáil faoi 4 thuas.

6. Ráthaíonn comhalta a d'éirigh as an t-airgeadra a dhiúscrófar faoi 4 agus 5 thuas a bheith inúsáidte gan srian i gcónaí chun earraí a cheannach nó chun suimeanna a íoc a bheidh dlite dó nó do dhaoine ina chríocha. Cúiteoidh sé leis an gCiste aon chaillteanas de bharr an difir idir luach a airgeadra i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta ar dháta an éirí-as agus an luach a fuair an Ciste i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta ar dhiúscairt a dhéanamh faoi 4 agus 5 thuas.

7. Má bhionn comhalta a d'éirigh as i bhfiacha ag an gCiste de thoradh idirbhearta a rinneadh tríd an gCuntas Eisíoca Speisialta faoi Airteagal V, Alt 12 (f) (ii), glanfar an féichiúnas de réir téarmaí an fhéichiúnais.

8. Má bhíonn airgeadra an chomhalta a d'éirigh as i seilbh an Chiste sa Chuntas Eisíoca Speisialta nó sa Chuntas infheistíochta, féadfaidh an Ciste an méid d'airgeadra an chomhalta a d'éirigh as a bheidh fágtha i ngach cuntas tar éis úsáid a bhaint as faoi 1 thuas a mhalartú go hordúil ar aon mhargadh ar airgeadraí comhaltaí, agus coimeádfar sa chuntas sin na fáltais ón méid i ngach cuntas a mhalartú. Bainfidh mír 5 thuas agus an chéad abairt de 6 thuas le hairgeadra an chomhalta a d'éirigh as.

9. Má bhíonn oibleagáidí de chuid an chomhalta a d'éirigh as i seilbh an Chiste sa Chuntas Eisíoca Speisialta de bhun Airteagal V, Alt 12 (h), nó sa Chuntas Infheistíochta, féadfaidh an Ciste iad a shealbhú go dtí an dáta aibíochta nó iad a dhiúscairt roimhe sin. Bainfidh mír 8 thuas le fáltais dí-infheistíochta den sórt sin.

10. Má leachtaítear an Ciste faoi Airteagal XXVII, Alt 2 laistigh de shé mhí ón dáta a d'éirigh an comhalta as déanfar na cuntais idir an Ciste agus an rialtas sin a shocrú de réir Airteagal XXVII. Alt 2 agus Sceideal K.