|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL A CUÓTAÍ (Milliúin de dhollair na Stát Aontaithe)) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL C Parluachanna) |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL B Forálacha Eatramacha maidir le hAthcheannach, Suibscríobhanna Breise a Ioc, Or, agus Nithe Airithe a Bhaineann le hOibríochtaí | |
1. Déanfar oibleagáidí athcheannaigh a d'fhaibhrigh de bhun Airteagal V, Alt 7 (b) roimh dháta an dara leasú ar an gComhaontú seo agus a bheidh gan ghlanadh ar an dáta sin a ghlanadh tráth nach déanaí ná an dáta nó na dátaí nár mhór na hoibleagáidí a bheith glanta de réir forálacha an Chomhaontaithe seo roimh an dara leasú. | ||
2. Glanfaidh comhalta le cearta tarraingthe speisialta aon oibleagáid ór a íoc leis an gCiste d'athcheannach nó mar shuibscríobh a bheidh gan íoc dáta an dara leasú ar an gComhaontú seo, ach féadfaidh an Ciste a fhorordú gur féidir na híocaíochtaí sin a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach in airgeadraí comhaltaí eile a shonróidh an Ciste. Déanfaidh neamhrannpháirtí oibleagáid nach mór a íoc i gcearta tarraingthe speisialta de bhun na forála seo a ghlanadh le hairgeadraí comhaltaí eile a shonróidh an Ciste. | ||
3. Chun críocha 2 thuas beidh ceart tarraingthe speisialta amháin comhionann le 0.888 671 gram d'ór glan, agus cinnfear an méid airgeadra is iníoctha faoi 2 thuas ar an mbonn sin agus ar bhonn luach an airgeadra i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta dáta an ghlanta. | ||
4. Déanfar airgeadra de chuid an chomhalta a bheidh i seilbh an Chiste de bhreis ar sheachtó a cúig faoin gcéad de chuóta an chomhalta ar dháta an dara leasú ar an gComhaontú seo agus nach mbeidh faoi réir a athcheannaigh faoi 1 thuas a athcheannach de réir na rialacha seo a leanas: | ||
(i) Déanfar sealbháin de thoradh ceannaigh a athcheannach de réir an bheartais i ndáil le húsáid acmhainní ginearálta an Chiste faoina ndearnadh an ceannach. | ||
(ii) Déanfar sealbháin eile a athcheannach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dáta an dara leasú ar an gComhaontú seo. | ||
5. Is de réir Airteagal V, Alt 7 (i) a bheidh athcheannach faoi 1 thuas nach mbeidh faoi réir 2 thuas, a bheidh athcheannach faoi 4 thuas, agus a bheidh aon sonrú airgeadraí faoi 2 thuas. | ||
6. Na rialacha agus na rialacháin, na rátaí, na nósanna imeachta agus na cinntí uile a bheidh in éifeacht ar dháta an dara leasú ar an gComhaontú seo leanfaidh siad in éifeacht go dtí go n-athrófar iad de réir forálacha an Chomhaontaithe seo. | ||
7. A mhéid a bheidh comhshocraíochtaí ar comhéifeacht le (a) agus (b) thíos gan chomhlánú roimh dháta an dara leasú ar an gComhaontú seo, déanfaidh an Ciste | ||
(a) suas le 25 mhilliún unsa d'ór glan a bheidh ina sheilbh an 31 Lúnasa, 1975 a dhíol leis na comhaltaí sin ba chomhaltaí ar an dáta sin agus a chomhaontóidh é a cheannach, i gcomhréir lena gcuótaí ar an dáta sin. Déanfar an díol le comhalta faoin bhfomhír seo (a) mar mhalairt ar a airgeadra agus ar phraghas is comhionann tráth an díola le ceart tarraingthe speisialta amháin in aghaidh 0.888 671 gram d'ór glan, agus | ||
(b) suas le 25 mhilliún unsa d'ór glan a bheidh ina sheilbh an 31 Lúnasa, 1975 a dhíol chun leasa comhaltaí forásacha ba chomhaltaí ar an dáta sin, ar choinníoll, áfach, go ndéanfar an chuid d'aon bhrabúis nó bhreisluach den ór a fhreagraíonn don chomhréir idir cuóta an chomhalta sin an 31 Lúnasa, 1975 agus iomlán cuótaí na mBallstát uile ar an dáta sin a aistriú go díreach go dtí gach comhalta den sórt sin. Beidh feidhm ag na ceanglais faoi Airteagal V, Alt 12 (c) go rachadh an Ciste i gcomhairle le comhalta, go bhfaigheadh sé comhthoiliú comhalta. nó go malartódh sé airgeadra comhalta ar airgeadraí comhaltaí eile in imthosca áirithe maidir le hairgeadra a fuair an Ciste de thoradh ór a dhíol faoin bhforáil seo, seachas é a dhíol le comhalta mar mhalairt ar a airgeadra féin, agus a cuireadh sa Chuntas Acmhainní Ginearálta. | ||
Ar ór a dhíol faoin mír seo 7, cuirfear sa Chuntas Acmhainní Ginearálta an méid de na fáltais sna hairgeadraí a fuarthas ba chomhionann tráth an díola le ceart tarraingthe speisialta amháin in aghaidh 0.888 671 gram d'ór glan agus coimeádfar ar leithligh ó acmhainní ginearálta an Chiste sócmhainní eile a bheidh i seilbh an Chiste faoi chomhshocraíochtaí de bhun (b) thuas. Aistreofar chun an Chuntais Eisíoca Speisialta sócmhainní a bheidh fós faoi réir a ndiúscartha ag an gCiste ar dheireadh a bheith le comhshocraíochtaí de bhun (b) thuas. |