|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL D An Chomhairle) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL F Ainmniú) |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL E Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh | |
1. Toghfar na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin toghaí trí vótáil na Rialtóirí atá cáilithe chun vótála. | ||
2. Sa vótáil do na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a bheidh le toghadh, déanfaidh gach Rialtóir a bheidh cáilithe chun vótála na vótaí uile a bhfuil teideal aige chucu faoi Airteagal XII, Alt 5 (a) a chaitheamh d'aon duine amháin. Is iad na cúig dhuine dhéag is mó a gheobhaidh vótaí a bheidh ina Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ach ní mheasfar aon duine a bheith tofa a fuair níos lú ná ceathair faoin gcéad den líon iomlán vótaí (vótaí cáilithe) is féidir a chaitheamh. | ||
3. Nuair nach dtoghfar cúig dhuine dhéag sa chéad vótáil, déanfar an dara vótáil agus ní vótálfaidh ach (a) na Rialtóirí sin a vótáil sa chéad vótáil do dhuine nár toghadh, agus (b) na Rialtóirí sin a measfar faoi 4 thíos go ndearna na vótaí a chaitheadar do dhuine a toghadh na vótaí don duine sin a mhéadú thar naoi faoin gcéad de na vótaí cáilithe. Má tharlaíonn sa dara vótáil go mbeidh níos mó iarrthóirí ann ná an líon Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a bheidh le togadh, ní bheidh an duine a fuair an líon is lú vótaí sa chéad vótáil intofa. | ||
4. Le linn bheith á chinneadh an mbeidh sé le meas go ndearna na vótaí a chaith Rialtóir iomlán aon duine a mhéadú thar naoi faoin gcéad de na vótaí cáilithe, measfar go bhfolaíonn an naoi faoin gcéad, sa chéad áit, vótaí an Rialtóra is mó a chaith vótaí don duine sin, ansin vótaí an Rialtóra a chaith an dara méid is mó, agus mar sin de go sroichfear naoi faoin gcéad. | ||
5. Aon Rialtóir nach mór cuid dá vótaí a chomhaireamh chun iomlán vótaí aon duine a mhéadú thar cheathair faoin gcéad measfar gur chaith sé a vótaí uile don duine sin bíodh gur mó dá chionn sin iomlán na vótaí don duine sin ná naoi faoin gcéad. | ||
6. Mura mbeidh cúig dhuine dhéag tofa tar éis an dara vótáil, déanfar vótálacha eile de réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh cúig dhuine dhéag tofa, ach, tar éis ceithre dhuine dhéag a bheith tofa, féadfar an cúigiú duine déag a thoghadh trí ghnáth-thromlach na vótaí a bheidh fágtha agus measfar é a bheith tofa leis na vótaí sin go léir. |