|
||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL E Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL G Athchóiriú) |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL F Ainmniú | |
Is mar seo a leanas a bheidh na rialacha ainmniúcháin le linn na chéad bhonntréimhse: | ||
(a) Déanfar rannpháirtithe atá faoi réir a n-ainmnithe faoi Airteagal XIX, Alt 5 (a) (i), a ainmniú i leith méideanna a bhéarfaidh le himeacht ama gur comhionann na coibhnis idir sealbháin na rannpháirtithe de chearta tarraingthe speisialta de bhreis ar a nglan-leithroinnteanna carnacha agus a sealbháin oifigiúla óir agus iomlaoide coigríche. | ||
(b) An fhoirmle chun éifeacht a thabhairt do (a) thuas is foirmle de shórt a bheidh inti go ndéanfar rannpháirtithe atá faoi réir a n-ainmnithe a ainmniú: | ||
(i) ar comhréir lena sealbháin oifigiúla óir agus iomlaoide coigríche nuair is comhionann na coibhnis a thuairiscítear in (a) thuas; agus | ||
(ii) ar mhodh a laghdóidh de réir a chéile an difear idir na coibhnis a thuairiscítear in (a) thuas atá íseal agus na coibhnis atá ard. |