28 1977


Uimhir 28 de 1977


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ) (UIMH. 2), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AIRÍ STÁIT A CHEAPADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN NÍ SIN. [6 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Airí Stáit a cheapadh.

1. —(1) Féadfaidh an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh, deichniúr daoine ar a mhéid, is comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, a cheapadh chun bheith ina nAirí Stáit ag Ranna Stáit, agus féadfaidh sé tráth ar bith, ar mholadh an Taoisigh, Aire Stáit a cheapfar amhlaidh a chur as oifig.

(2) Duine a cheapfar chun bheith ina Aire Stáit ní fhanfaidh sé i seilbh oifige ach fad a fhanfaidh sé ina chomhalta de Theach den Oireachtas, ach Aire Stáit a bheidh in oifig ar dháta Dháil Éireann a lánscor fanfaidh sé i seilbh oifige go dtí go mbeidh comharba an Taoisigh a bhí in oifig ar an dáta sin ceaptha.

(3) Má éiríonn an Taoiseach as oifig tráth ar bith, measfar Aire Stáit a bheith éirithe as oifig freisin, ach fanfaidh sé i mbun a dhualgas go dtí go gceapfar comharba an Taoisigh.

(4) Déanfar Aire Stáit a cheapfar faoin alt seo a shannadh trína cheapachán chun gníomhú mar Aire Stáit ag Roinn Stáit.

Cumhachtaí agus dualgais Airí Rialtais a tharmligean chun Airí Stáit.

2. —(1) Is dleathach don Rialtas, le hordú a dhéanfar ar iarratas ó Aire Rialtais, cumhachtaí agus dualgais uile an Aire Rialtais sin faoi aon Acht áirithe nó aon chumhacht nó dualgas reachtúil áirithe de chuid an Aire Rialtais sin a tharmligean chun Aire Stáit a sannadh chun na Roinne Stáit ar a bhfuil an tAire Rialtais i gceannas.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le tarmligean chun Aire Stáit faoin alt seo, is é sin le rá:—

(a) féadfaidh an Rialtas tráth ar bith an tarmligean a chúlghairm ar iarratas ón Aire Rialtais ar ar iarratas uaidh a rinneadh é nó gan aon iarratas den sórt sin,

(b) beidh deireadh leis an tarmligean ar cheachtar de na teagmhais seo a leanas, nó iad araon, tarlú, is é sin le rá, an tAire Rialtais ar ar iarratas uaidh a rinneadh an tarmligean sin do scor (seachas trí éirí as oifig lena mbaineann Airteagal 28.11.1° den Bhunreacht) de bheith ina Aire Rialtais a mbaineann an tarmligean lena chumhachtaí agus a dhualgais nó an tAire Stáit ar chuige a rinneadh an tarmligean do scor de bheith ina Aire Stáit a sannadh chun na Roinne Stáit ar a bhfuil an tAire Rialtais sin i gceannas,

(c) oibreoidh an tarmligean, fad a bheidh feidhm aige, le gach ceann de na cumhachtaí agus na dualgais reachtúla a tarmligeadh leis an tarmligean a thabhairt agus a dhílsiú don Aire Stáit ar chuige a rinneadh an tarmligean,

(d) beidh gach cumhacht agus dualgas reachtúil a tharmligfear leis an tarmligean infheidhmithe ag an Aire Stáit sin, agus comhlíonfaidh sé iad, ina ainm féin ach sin faoi réir mhaoirseacht agus rialú ginearálta an Aire Rialtais ar ar iarratas uaidh a rinneadh an tarmligean agus faoi réir aon choinníollacha nó sriantachtaí a bheidh luaite sa tarmligean,

(e) leanfaidh gach cumhacht nó dualgas a tharmligfear leis an tarmligean de bheith, d'ainneoin an tarmligin, dílsithe don Aire Rialtais ar ar iarratas uaidh a rinneadh an tarmligean ach beidh sé dílsithe amhlaidh i gcomhthráth leis an Aire Stáit sin agus sa dóigh go bhféadfaidh an tAire Rialtais sin nó an tAire Stáit sin an céanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, agus

(f) ní chealóidh ná ní mhaolóidh an tarmligean freagracht an Aire Rialtais ar ar iarratas uaidh a rinneadh é do Dháil Éireann nó mar chomhalta den Rialtas i ndáil leis na cumhachtaí agus na dualgais reachtúla a tarmligeadh leis sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

Feidhmiú achtachán.

3. —Déanfar na tagairtí in alt 17 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , agus in ailt 4 agus 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , d'Aire agus d'Aire atá ina cheann ar Roinn Stáit a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'Aire Stáit agus do Rúnaí Parlaiminte.

Leasú ar an Acht Léiriúcháin, 1937 .

4. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht Léiriúcháin, 1937 , maidir leis an Acht seo agus le hAchtanna ón Oireachtas a rithfear tar éis dáta an Achta seo a rith agus le hionstraimí (de réir brí an Achta Léiriúcháin, 1937 ) a dhéanfar go hiomlán nó go páirteach faoi aon Acht den sórt sin tar éis dáta an Achta seo a rith, trí “Aire Rialtais” a chur in ionad “Aire Stáit” i mír 18 agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

18.—Ciallaíonn an abairt “Aire Rialtais” comhalta den Riaghaltas go gcúram Roinne Stáit air.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

5. —Leasaítear leis seo an tAcht Cosanta, 1954 , trí “an tAire Stáit ag an Roinn Cosanta” a chur in ionad “Rúnaí Parlaiminte an Aire Chosanta” in alt 11 (2) agus tá an t-alt sin 11 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Is iad a bheas ar an gComhairle dhá chomhalta shibhialta, eadhon, an tAire Stáit ag an Roinn Cosanta agus Rúnaí na Roinne Cosanta, agus trí chomhalta míleata, eadhon, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

Aisghairm.

6. —Aisghairtear leis seo alt 7 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , agus ailt 8 agus 9 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 .

Gearrtheideal, forléiriú, lua agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977, mar aon ní amháin agus folóidh an comhlua, na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977, an tAcht seo.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Rialtas, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18 .

An tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925

1925, Uimh. 24 .

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38 .

An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924

1924, Uimh. 16 .

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939

1939, Uimh. 36 .

Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977