An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHéAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) Ar Aghaidh (AN TRíú SCEIDEAL Rialacha i ndáil leis an mBord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha i ndáil le Comhaltas agus Cruinnithe Chomhairle na nDochtúirí Leighis

Seilbh Oifige

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Chomhairle oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.

2. Ní shealbhóidh aon duine oifig mar chomhalta den Chomhairle ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha cúig bliana.

Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

3. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Chomhairle a cheap sé féin a fhoirceannadh.

4. Féadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-eirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí-as a fháil.

5. Scoirfidh duine a ceapadh trina thoghadh de bheith ina chomhalta den Chomhairle nuair a scoirfidh sé de bheith ina lia-chleachtóir cláraithe ag gabháil do chleachtadh na míochaine.

Corrfholúntais

6. (a) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle, seachas na comhaltaí a ceapadh trína dtoghadh, cuirfidh an Chomhairle é sin in iúl láithreach don chomhlacht nó don údarás a cheap an duine sin agus déanfaidh an comhlacht nó an t-údarás sin, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

(b) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle a ceapadh trína dtoghadh, déanfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, duine a chomhthoghadh a bheidh, de bhun forálacha an Achta seo, cáilithe chun a thofa chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a chomhthoghfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

Córam

7. Seachtar is córam do chruinniú den Chomhairle; ar choinníoll gur deichniúr an córam i gcás cruinniú den Chomhairle a mbeidh ar chlár na hoibre ainm lia-chleachtóra chláraithe a scriosadh as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, nó lia-chleachtóir cláraithe a chur ar fionraí as aon chlár den sórt sin, nó coinníollacha a chur ag gabháil le lia-chleachóir cláraithe do leanúint de bheith cláraithe.

Cruinnithe

8. Tionólfaidh an Chomhairle ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain agus féadfaidh sí cibé cruinnithe eile a thionól is gá lena dualgais a chomhlíonadh.

Uachtarán agus Leas-Uachtarán

9. (1) Toghfaidh an Chomhairle ó am go ham duine dá comhaltaí chun bheith ina Uachtarán ar an gComhairle agus duine eile dá comhaltaí chun bheith ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle.

(2) Sealbhóidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán na Comhairle, de réir mar a bheidh, oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Chomhairle tráth a cheaptha, mura rud é—

(a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den Chomhairle,

(b) go n-éireoidh sé as oifig Uachtaráin nó Leas-Uachtaráin, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo,

(c) go ndéanfaidh an Chomhairle le rún, dá vótálfaidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle agus a ndéanfar fógra seacht lá ar a laghad go bhfuiltear chun é a mholadh a thabhairt do gach comhalta den Chomhairle, a cheapadh mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán a fhoirceannadh.

(3) Féadfaidh Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle éirí as a oifig mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis don Chomhairle an fógra faoin éirí as a fháil.

(4) Aon uair a tharlóidh, le linn Uachtarán nó Leas-Uachtarán don Chomhairle a bheith á thoghadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh.

Imeachtaí ag Cruinnithe

10. Ní bheidh imeachtaí na Comhairle neamhbhailí mar gheall ar aon fholúntas nó folúntais i measc a comhaltaí nó mar gheall ar aon éalaing ar na ceapacháin chun na Comhairle nó ar cháilíochtaí aon chomhalta di.

11. Féadfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm ar a thionsonamh féin nó nuair a iarrfar air é sin a dhéanamh le foréileamh a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle.

12. (1) Má dhiúltaíonn Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm tar éis foriarratas chuige sin a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den Chomhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm láithreach.

(2) Mura ndéanfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle, gan diúltú amhlaidh, cruinniú den Chomhairle a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis foriarratas chuige sin a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den Chomhairle, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den Chomhairle a ghairm.

13. Trí lá glan ar a laghad roimh gach cruinniú den Chomhairle, déanfar fógra a bheidh sínithe ag Uachtarán nó ag Leas-Uachtarán na Comhairle, de réir mar a bheidh, nó, más comhaltaí den Comhairle a ghairfidh an cruinniú, a bheidh sínithe ag na comhaltaí sin, agus a inseoidh tráth agus ionad an chruinnithe a sheoladh chuig gach comhalta den Chomhairle: más comhaltaí den Chomhairle a ghairfidh an cruinniú, sonróidh an fógra ag gairm an chruinnithe an gnó a dhéanfar ag an gcruinniú.

14. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é Uachtarán na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is é Leas-Uachtarán na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh agus nach mbeidh Leas-Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Leas-Uachtaráin folamh, toghfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

15. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe uile na Comhairle a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chéad chruinnithe eile na miontuairiscí sin.

16. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí go leir a bheidh i láthair ag cruinniú den Chomhairle a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.

17. Faoi réir Airteagail 7 agus 9 (4) den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Chomhairle a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair na Comhairle a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Chomhairle a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Chomhairle a gaireadh go cuí de réir dlí.

18. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den Chomhairle (seachas toghadh an Uachtaráin nó an Leas-Uachtaráin), beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin.

19. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, féadfaidh an Chomhairle buan-orduithe a dhéanamh chun a himeachtaí a rialáil agus na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.