An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Rialacha i ndáil le Comhaltas agus Cruinnithe Chomhairle na nDochtúirí Leighis) Ar Aghaidh (AN CEATHRú SCEIDEAL)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

AN TRíú SCEIDEAL

Rialacha i ndáil leis an mBord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime

Seilbh Oifige

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.

Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

2. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Bhord a fhoirceannadh.

3. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Aire, ach ní ghlacfafidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí as a fháil.

Corrfholúntais

4. Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird, déanfaidh an Bord, le toiliú an Aire, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

Córam

5. Seachtar is córam do chruinniú den Bhord.

Cathaoirleach agus Leas Chathaoirleach

6. (1) Ceapfaidh an Bord ó am go ham duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord agus duine eile dá chomhaltaí chun bheith ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord.

(2) Sealbhóidh Cathaoirleach agus Leas-Cathaoirleach an Bhoird, de réir mar a bheidh, oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Bord tráth a cheaptha mura rud é—

(a) go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord,

(b) go n-éireoidh sé as oifig an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo.

(3) Féadfaidh Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis dó an fógra faoin éirí as a fháil.

Imeachtaí ag Cruinnithe

7. Faoi réir Airteagal 5 den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an Bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Bhord a gaireadh go cuí de réir dlí.