An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IIII Clárú) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 2 An Bord Míochaine agus Déidliachta larchéime)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

CUID IV

Oideachas agus Oiliúint

CAIBIDIL 1

Feidhmeanna na Comhairle

Dualgais na Comhairle i ndáil le hoideachas agus oiliúint.

35. —Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle na nithe seo a leanas a dheimhniú di féin ó am go ham—

(a) oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna leighis a sholáth raíonn aon chomhlacht sa Stát dá dtugann an Chomhairle aitheantas chun na críche sin,

(b) na caighdeáin eolais theoiriciúil agus phraiticiúil is gá le haghaidh buncháilíochtaí,

(c) an oiliúint agus an taithí chliniciúil is gá chun deimhniú taithí a dheonú, agus

(d) leordhóthanacht agus oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna iarchéime a sholáthraíonn comhlachtaí dá dtugann an Chomhairle aitheantas chun críocha sainoiliúna leighis.

Feidhmeanna na Comhairle i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh oideachais agus oiliúna.

36. —(1) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint le haghaidh cáilíochta foirmiúla de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir a mbeidh glactha léi ag Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil leis an gcáilíocht sin.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint sa sainleigheas sa Stát de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir a mbeidh glactha léi ag Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le hoideachas agus oiliúint den sórt sin.

Buncháilíochtaí.

37. —(1) Is iad na cáilíochtaí a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na buncháilíochtaí arna ndeonú sa Stát a thabharfaidh teideal do dhuine bheith cláraithe sa chlár.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, ar mholadh ón gComhairle, forálacha an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le rialacháin faoin alt seo.

Comhlachtaí oiliúna agus cáilíochtaí chun críocha an Chláir de Shaineolaithe Liachta.

38. —(1) Féadfaidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, na speisialtachtaí a chinneadh dá dtabharfaidh sí aitheantas chun críche a feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle a shonrú, ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, teidil agus ainmniúcháin na gcáilíochtaí sa sainleigheas a dheonaítear sa Stát a d'fhéadfaí a cheangal chun a chumasú do dhuine é a chlárú sa Chlár de Shaineolaithe Liachta.

(3) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas sa Stát chun cruthúnas a thabhairt ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, aitheantas a tharraingt siar ó aon chomhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha aici de bhun fho-alt (3) den alt seo.

(5) Beidh ar na speisialtachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé speisialtachtaí a ainmneofar mar speisialtachtaí a bhaineann leis an Stát in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le sainleigheas.