An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Oideachas agus Oiliúint) Ar Aghaidh (CUID V Feidhmiúlacht chun Cleachtadh)

4 1978

ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

CAIBIDIL 2

An Bord Míochaine agus Déidliachta larchéime

An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a bhunú.

39. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, comhlacht ar a dtabharfar an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, nó sa Bhéarla the Postgraduate Medical and Dental Board (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhalladh.

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an mBord—

(a) beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt;

(b) ní dhiúscróidh an Bord talamh ná maoin ach amháin le toiliú an Aire;

(c) soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe;

(d) féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt faoi chomhair chaiteachais an Bhoird;

(e) (i) féadfaidh an Bord cibé coistí a cheapadh is oiriúnach leis agus féadfaidh sé feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choiste den sórt sin;

(ii) féadfaidh an Bord daoine nach comhaltaí den Bhord a cheapadh ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin mír seo;

(f) féadfaidh an Bord, faoi réir forálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil;

(g) bainfidh an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an mBord.

Feidhmeanna an Bhoird.

40. —Is iad feidhmeanna an Bhoird:—

(a) forbairt oideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta a chur ar aghaidh agus na forbairtí sin a chomhoirdniú;

(b) comhairle a thabhairt don Aire, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí a shonraítear in ailt 9 (1) (a), 9 (1) (b), 9 (1) (c), 9 (1) (d) agus 9 (1) (e) den Acht seo, agus le cibé comhlachtaí eile a mheasann an Bord is iomchuí, i dtaobh na n-ábhar ar fad, lena n-áirítear ábhair airgeadais, a bhaineann le forbairt agus comhoirdniú oideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta;

(c) treoir ghairme a sholáthar do lia-chleachtóirí cláraithe agus d'fhiaclóirí cláraithe.

Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.

41. —Feidhmeoidh an Bord cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo, a shannfaidh an tAire dó ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an mBord i ndáil le hoideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta.

Comhaltas an Bhoird.

42. —(1) Cúig chomhalta is fiche arna gceapadh ag an Aire a bheidh ar an mBord—

(a) ar duine ag a bhfuil taithí phraiticiúil nó eolas speisialta ar na hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird gach duine díobh,

agus

(b) ar lia-chleachtóirí cláraithe nó fiaclóirí cláraithe líon nach lú ná fiche comhalta díobh.

(2) Sula gceapfaidh an tAire aon duine chun an Bhoird, rachaidh sé i gcomhairle—

(a) leis an gComhairle,

(b) le Bord na bhFiaclóirí,

(c) leis na comhlachtaí iomchuí, agus

(d) le haon eagraíocht atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach sa Stát do lia-chleachtóirí cláraithe nó d'fhiaclóirí cláraithe.

(3) San alt seo ciallaíonn “na comhlachtaí iomchuí” aon chomhlacht nó eagraíocht a shonraítear in ailt 9 (1) (a), 9 (1) (b), 9 (1) (c), 9 (1) (d) nó 9 (1) (e) den Acht seo nó aon chomhlacht nó eagraíocht dá dtugann an Chomhairle aitheantas de bhun alt 38 (3) den Acht seo.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

43. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as cistí a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin.

Feidhm an Achta maidir leis an mBord.

44. —Bainfidh ailt 8 (2), 8 (3), 12, 14, 18, 19, 20, 21, 22, 23 agus 24 den Acht seo, agus bainfidh Rialacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 agus 19 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, leis an mBord agus chun na críche sin forléireofar aon tagairt sna hailt sin agus sna Rialacha sin don Chomhairle mar thagairt don Bhord agus forléireofar aon tagairt iontu d'Uachtarán nó do Leas-Uachtarán na Comhairle mar thagairt do Chathaoirleach nó do Leas-Chathaoirleach an Bhoird, de réir mar a bheidh.