|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Feidhmiúlacht chun Cleachtadh) | Ar Aghaidh (AN CHéAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear) |
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
[EN] |
Comhshocraíochtaí le daoine cabhrú leis an gComhairle. |
56. —Féadfaidh an Chomhairle comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a fheidhmiú le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an gComhairle nó le haon choiste dá cuid chun aon chuid dá feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. |
[EN] |
Cláir a fhoilsiú. |
57. —(1) Déanfaidh an Chomhairle cóipeanna d'aon chlár a bheidh á chothabháil aici a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol i gceann tréimhsí nach faide ná cúig bliana agus, gach bliain nach ndéanfar aon chlár a chló agus a fhoilsiú, déanfaidh an Chomhairle forlíonadh do gach clár den sórt sin a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chomhairle an chóip is déanaí a foilsíodh de gach clár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus aon fhorlíontaí dó a chur ar fáil, gach tráth, le hiniúchadh ag aon duine, le linn uaire oifige, ina hoifig, agus déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon bhoird sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 , cóip agus forlíontaí den sórt sin a chur ar fáil, gach tráth, le hiniúchadh ag aon duine, le linn uaire oifige, i gceanncheathrú an bhoird sláinte. | |
[EN] |
Tagairtí do lia-chleachtóir cláraithe a fhorléiriú. |
58. —Déanfar gach tagairt do lia-chleachtóir cláraithe atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt do dhuine atá cláraithe sa chlár. |
[EN] |
Daoine i dteideal deimhnithe liachta a shíniú. |
59. —Gach deimhniú ar gá chun aon chríche le haon Acht nó faoi aon Acht atá i bhfeidhm de thuras na huaire (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis a ritheadh é) é a bheith sínithe ag lia, ag máinlia, ag ceadúnach liachta agus máinliachta nó ag aon lia-chleachtóir eile, ní mór, ar an gclár a bhunú nó dá éis sin, é a bheith sínithe ag duine a bheidh cláraithe sa chlár agus ní bheidh aon bhailíocht ná éifeacht le haon deimhniú den sórt sin a dhéanfaidh duine nach mbeidh cláraithe amhlaidh a shíniú ar an gclár a bhunú nó dá éis sin. |
[EN] |
Toirmeasc ar dhaoine neamhchláraithe do ghnóthú táillí i leith seirbhísí liachta. |
60. —Ní bheidh aon duine i dteideal, ar dháta an chláir a bhunú ná dá éis sin, táille nó muirear a ghnóthú in aon imeachtaí dlí i leith nó ar chuntas aon chomhairle liachta nó máinliachta a thug sé, nó aon fhreastal liachta nó máinliachta nó aon obráid mháinliachta a rinne sé, nó aon chógais a d'ordaigh agus a sholáthraigh sé, mura raibh an duine sin cláraithe sa chlár an dáta a tugadh an chomhairle nó a rinneadh an freastal nó an obráid sin nó a ordaíodh agus a soláthraíodh na cógais sin, de réir mar a bheidh. |
[EN] |
Cionta agus pionóis i ndáil leis an gclár. |
61. —(1) Is cion ag duine— |
[EN] | (a) aon dearbhú bréagach a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis a thabhairt chun clárú a fháil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle faoin Acht seo, nó cabhrú agus neartú le haon dearbhú bréagach den sórt sin a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis den sórt sin a thabhairt, nó | |
[EN] | (b) a thabhairt le fios go bréagach gur lia-chleachtóir cláraithe é agus gan é cláraithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Duine a sháróidh forálacha fho-alt (1) den alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | |
[EN] |
Feidhmeanna i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach. |
62. —Feidhmeoidh an Chomhairle cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire di ó am go ham i ndáil le haon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, agus a bhaineann le cleachtadh na míochaine, a chur i ngníomh. |
[EN] |
Feidhmeanna breise a shannadh don Chomhairle. |
63. —Feidhmeoidh an Chomhairle cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo, a shannfaidh an tAire di ó am go ham i ndáil le hoideachas agus oiliúint leighis nó le hábhair eile a bhaineann le cleachtadh na míochaine agus leis na daoine atá ag gabháil don chleachtadh sin. |
[EN] |
Tagairtí in achtacháin etc. do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis. |
64. —Déanfar gach tagairt do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Chomhairle. |
[EN] |
Rialacháin. |
65. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon chuid d'fhorálacha an Achta seo. |
[EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (2) den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le hoiriúnuithe. |
66. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnú nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin. |
[EN] |
Orduithe áirithe do leanúint i bhfeidhm. |
67. —D'ainneoin Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfaidh aon ordú a rinneadh faoi alt 26 den Acht sin d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith leis go dtí go bhfoirceannfar é le hordú ón Rialtas faoin alt seo. |
[EN] |
Comhaontú do leanúint i bhfeidhm. |
68. —(1) D'ainneoin Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfaidh an comhaontú a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis go dtí go ndéanfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, a dhearbhú go scoirfidh an comhaontú sin a dúradh d'éifeacht a bheith leis de bhun comhaontú idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a mheasfaidh an tAire is gá a bheith in ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo. | |
[EN] |
Feidhmeanna comhairleacha ginearálta na Comhairle. |
69. —(1) Is feidhm de chuid na Comhairle an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a tionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a bheidh sannta don Chomhairle faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Is feidhm de chuid na Comhairle treoir a thabhairt do lucht ghairm an leighis i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil. | |
[EN] | (3) Is feidhm de chuid na Comhairle eolas a thabhairt don phobal i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle a mbeadh suim i gcoitinne iontu. |