|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Rachmais) | Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1978
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Cáin Fháltas Caipitiúil | |
[EN] |
Leathnú ar alt 55 (airceadail áirithe a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
39. —(1) Bainfidh alt 55 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , mar a bhaineann sé leis na hairceadail a shonraítear san alt sin, le teach nó gairdín sa Stát nach sealbhaítear chun críocha trádála agus— |
[EN] | (a) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne, | |
[EN] | (b) a raibh saoráidí réasúnacha lena bhféadfadh daoine den phobal breathnú orthu ar fáil ina leith ó dháta an Achta seo a rith go dtí dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta, nó le linn na dtrí bliana díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta, agus | |
[EN] | (c) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal breathnú orthu, | |
[EN] | faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin d'fho-alt (1) (b) nó (c) den alt sin a fhorléiriú mar thagairt do mhír (c) den fho-alt seo agus faoi réir aon mhodhnuithe eile is gá. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás arb é dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta. | |
[EN] |
Leasú ar alt 57 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
40. —(1) Leasaítear leis seo alt 57 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3): |
[EN] | “(2) Beidh urrúis, nó aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ) de chuid scéime iontaobhais aonad, a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht a glacadh an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, díolmhaithe ó cháin (agus ní chuirfear an céanna i gcuntas le linn cáin ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir céanna a bheith á ríomh) más rud é, agus amháin más rud é, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí— | |
[EN] | (a) go raibh na hurrúis nó na haonaid ar áireamh sa diúscairt go leanúnach ar feadh tréimhse ón dáta réamhráite go dtí dáta an bhronntanais nó dáta na hoidreachta, nó go leanúnach ar feadh tréimhse trí bliana díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta, agus, chun críocha na míre seo, measfar, maidir le haon tréimhse díreach roimh dháta na diúscartha a raibh na hurrúis nó na haonaid ar úinéireacht thairbhiúil go leanúnach ag an diúscróir ar a feadh, gur tréimhse nó cuid de thréimhse í díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta a raibh siad ar áireamh go leanúnach sa diúscairt ar a feadh; | |
[EN] | (b) go raibh na hurrúis nó na haonaid ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht— | |
[EN] | (i) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus | |
[EN] | (ii) ar an dáta luachála; agus | |
[EN] | (c) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an deontaí nó ar an gcomharba ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, | |
[EN] | agus beidh feidhm, chun críocha an fho-ailt seo, ag forálacha alt 19 (6) mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) (a) i gcás nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an diúscróir ar dháta na diúscartha nó ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta.”. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht, agus measfar nach raibh éifeacht riamh, leis an alt seo ach amháin i ndáil le hurrúis nó aonaid ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht i gcás arb é an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis sin dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta. | |
[EN] |
Athrú ar na rátaí cánach. |
41. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , maidir le bronntanais inchánach agus oidhreachtáin inchánach arna nglacadh an lú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, tríd an gCuid atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid II. |
[EN] |
Leasú ar alt 36 (tuairisceáin a sheachadadh) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
42. —(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)— |
[EN] | “(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas— | |
[EN] | (a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, ná méid is ionann agus 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a mbeidh, ar dháta an bhronntanais sin, cáin inmhuirearaithe maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais, | |
[EN] | (b) I gcás a mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin roimhe sin ó dhiúscróir an chéanna agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh, | |
[EN] | (c) i gcás a mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin roimhe sin ó dhiúscróir an chéanna agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas go léir a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is mó ná méid a shonraítear i mír (a), nó | |
[EN] | (d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh.”. | |
[EN] | (2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1976. | |
[EN] |
Leasú ar alt 41 (cáin agus ús ar cháin a íoc) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
43. —Beidh éifeacht le halt 41 (2) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , ina fheidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, ionann is dá gcuirfí “1.25 faoin gcéad” in ionad “aon go leith faoin gcéad”. |
[EN] |
Leasú ar alt 53 (bronntanais bheaga a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 . |
44. —Beidh éifeacht le halt 53 (1) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , maidir le tréimhsí iomchuí dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “£500” in ionad “£250”. |