An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

CUID VII

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1977” alt 52 den Acht Airgeadais. 1977;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúila” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1977 ach “£10,069,854” a chur in ionad “£7,071,680”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1977 ach “£6,356,614” a chur in ionad “£7,071,680”.

(4) Déanfar suim £13,577,065 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978.

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is fiche nach mó ná £8,739,850 in aon bhliain airgeadais áirithe a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Us ar chánacha neamhíoctha.

46. —(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirearaithe faoi—

(a) alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 ,

(b) ailt 129 agus 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(c) alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970 ,

(d) alt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971 ,

(e) alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

(f) ailt 145 agus 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirearaithe d'aon mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith, nó dáta dá éis sin, nó d'aon chuid de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dhlitear a íoc nó a chur ar aghaidh ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis, beidh an t-ús sin, d'ainneoin forálacha alt 28 den Acht Airgeadais, 1975 , inmhuirearaithe de réir ráta 1.25 faoin gcéad do gach mí nó do gach cuid de mhí in ionad an ráta a shonraítear sna hailt sin agus beidh éifeacht leis na hailt sin ionann is dá gcuirfí an ráta réamhráite in ionad na rátaí a shonraítear sna hailt sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide nó cáin bhreisluacha, de réir mar is iomchuí.

Na Coimisinéirí Ioncaim do nochtadh faisnéise áirithe do dhaoine áirithe.

47. —(1) Baineann an t-alt seo le haon mhuirear a fhorchuirtear ar airgead poiblí, is muirear le haghaidh faoisimh faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1976.

(2) I gcás muirear lena mbaineann an t-alt seo a bheith le déanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó aon oifigeach arna údarú acu chun na críche sin, i ndáil le teideal duine (dá ngairtear “an t-éilitheoir” anseo feasta) chun an fhaoisimh réamhráite a bhunú, d'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó faoi aon achtachán eile, faisnéis den sórt a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a nochtadh d'aon duine a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin, is faisnéis i dtaobh an éilitheora a theastóidh ón duine sin nó ó na daoine sin le linn teideal an éilitheora chun an fhaoisimh a luaitear san alt seo a bheith á bhreithniú.

(3) Sa Tábla a ghabhann leis an alt seo tá an bhrí chéanna le “áitiú” atá leis in alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 , agus tá an bhrí chéanna le “údarás rátúcháin” atá leis in alt 73 den Acht Airgeadais, 1974 .

AN TABLA

An duine dá dtabharfar faisnéis

An fhaisnéis a thabharfar

(1)

(2)

An rúnaí nó an cléireach, nó duine ag gníomhú sa cháil sin, d'údarás rátúcháin nó aon oifigeach don Aire Comhshaoil a bheidh údaraithe aige chun críche an ailt seo.

Faisnéis a bhaineann leis an éilitheoir d'áitiú talún agus luacháil inrátaithe na talún sin.

Céimniú féich a ráthaigh an Stát.

48. —Dearbhaítear leis seo, chun deireadh a chur le hamhras, go mbeidh, agus go measfar go raibh riamh, aon dliteanais de chuid an Aire Airgeadais, nó de chuid aon Aire Rialtais eile, maidir le ráthaíochtaí a thug an tAire Airgeadais, nó aon Aire Rialtais eile le toiliú an Aire Airgeadais, faoi Acht ón Oireachtas, go n-aisíocfar go cuí airgead a fuair daoine eile ar iasacht, ar chéim pari passu ar gach slí le dliteanais an Aire Airgeadais maidir le hurrúis a bunaíodh agus a eisíodh faoi alt 54 (1) den Acht Airgeadais, 1970 .

Leasú ar alt 54 (an tAire Airgeadais do bhunú agus d'eisiúint urrús) den Acht Airgeadais, 1970 .

49. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970

(a) trí “nó a eiseoidh an tAire Airgeadais faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt seo” i bhfo-alt (2), agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970 ):

“(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, urrúis a bhunaigh agus a d'eisigh sé faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas a cheannach ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist agus a chealú.

(6) Déanfaidh an tAire Airgeadais na praghsanna ar a bhféadfaidh sé urrúis a cheannach faoi fho-alt (5) den alt seo a shocrú ar leibhéil is ionann, dar leis, agus margadh-phraghas cóir ar na hurrúis sin na laethanta a dhéantar na díolacháin sin.”.

An Ród-Chiste a fhoirceannadh.

50. —(1) (a) Aisghairtear leis seo ailt 2 agus 3 den Roads Act, 1920.

(b) Measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1978, ach ní dhéanfaidh sí difear do ghníomhú fho-alt (5) den alt sin 3 a mhéid a bhaineann sé leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, íocaíochtaí a bheadh le déanamh as an Ród-Chiste mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo déanfar iad ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(b) Aon aisíocaíochtaí a bheidh le déanamh ar aon mhéid a íocadh i leith na ndleachtanna a forchuireadh leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , déanfar iad as fáltais na ndleachtanna sin de réir mar a ordóidh an tAire Comhshaoil.

(3) Coimeádfar sa Phríomh-Chiste airgead a bheadh, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, le híoc isteach sa Ród-Chiste as an bPríomh-Chiste, agus íocfar isteach sa Phríomh-Chiste airgead eile a bheadh, mura mbeadh an fo-alt seo, le híoc isteach sa Ród-Chiste.

(4) (a) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le rialacháin, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh maidir le haon reacht nó le haon ionstraim faoi reacht a bheidh i bhfeidhm tráth an Achta seo a rith agus a bhainfidh le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an t-alt seo nó dá ndéanann an t-alt seo difear is dealraitheach dó a bheith riachtanach le go bhféadfaidh an reacht nó an ionstraim sin éifeacht a bheith leis nó léi de réir an ailt seo.

(b) Rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta i ndáil le cúnamh do thíortha forásacha.

51. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, thar ceann an Stáit, conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta a dhéanamh i ndáil le bearta dar cuspóir cabhrú le tíortha agus críocha dá ngairtear tíortha agus críocha forásacha sa tuarascáil bhliantúil is deireanaí ó Chathaoirleach Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a foilsíodh roimh dháta an chonartha iomchuí.

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo sa dóigh gur mó ná £10,000,000 méid nó méid comhiomlán an airgid a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta, mar aon leis na méideanna (más ann) a d'íoc an tAire sin roimhe sin faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta agus nár aisíocadh leis.

(3) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead nach foláir don Aire Airgeadais a íoc faoi chomhair suimeanna a bheidh le híoc aige faoi fho-alt (1) den alt seo.

(4) I gcás nach mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi fho-alt (3) den alt seo i leith conarthaí ráthaíochta aisíoctha leis an Aire Airgeadais laistigh de chúig bliana ó dháta an airleacain, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an méid a bheidh fágtha gan aisíoc amhlaidh.

(5) Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais as conarthaí ráthaíochta agus as conarthaí iasachta a rinneadh de bhun fho-alt (1) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “conarthaí ráthaíochta” conarthaí faoina mbeidh an Stát faoi dhliteanas maidir leis na hoibleagáidí airgeadais a thabhaigh lucht faighte iasachtaí faoi théarmaí na n-iasachtaí;

ciallaíonn “conarthaí iasachta” conarthaí faoi chomhair iasachtaí faoina n-airleacann an Stát na hiasachtaí go léir nó cuid de na hiasachtaí, go díreach nó trí eagraíocht idirnáisiúnta ar comhalta di an Stát.

Aisghairm.

52. —(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh na Coda sin.

(b) Measfar gur tháinig mír (a) i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1978.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin i ndáil le beoir a grúdaíodh nó a ghrúdófar an lú lá d'Iúil, 1978, nó dá éis.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

53. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

54. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le Custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Finance Act, 1894, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Achta Cánach Rachmais, 1975 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(8) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1978.

(9) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.