An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Idirbhearta Díolmhaithe i nDáil le Cumainn Talmhaíochta agus Cumainn Iascaigh)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 4.

CUID I

Leasuithe de dhroim leasú ar alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

Leasaítear leis seo Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) scriosfar Cuid I,

(b) in ionad mhír 4 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ) cuirfear an mhír seo a leanas:

“4. Faoi réir mhír 5, beidh éifeacht, i gcás pearsa aonair a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag alt 236 (1A), ach go gcuirfear in ionad na tagartha do 15 faoin gcéad tagairt don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún den Tábla.

AN TABLA

Bliain Bhreithe

An Céatadán

1916 nó 1917

16

1914 nó 1915

17

1912 nó 1913

18

1910 nó 1911

19

1909 nó aon bhliain roimhe

20

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Alt 6.

1. Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£1,730” in ionad “£1,100” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£865” in ionad “£665” agus cuirfear “£1,845” in ionad “£1,215”, agus

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£865” in ionad “£665” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£935” in ionad “£735”.

2. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974 , trí “£180” a chur in ionad “£145” agus “£80” a chur in ionad “£45” in alt 8.

CUID III

Foirmle chun cáin is iomchuí do dhíolaíochtaí pearsana aonair áirithe a chónaíonn sa Stát agus atá fostaithe sa Ríocht Aontaithe a chinneadh

Alt 9.

1. Is í an fhoirmle dá dtagraítear sa mhíniú in alt 9 (1) ar “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

A

_____

A + B

× C

i gcás—

arb é A méid díolaíochtaí (dá ngairtear “glandíolaíochtaí” anseo feasta) na pearsan aonair is inchuntha faoi cháin don bhliain mheasúnachta sin (lena n-áirítear, i gcás duine pósta, aon díolaíochtaí de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) tar éis an méid sin d'aon chaillteanas a bhaint astu a áirítear, faoi fhorálacha alt 307 (4) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar asbhaint as na díolaíochtaí sin.

arb é B méid comhiomlán ioncam na pearsan aonair, seachas díolaíochtaí, don bhliain mheasúnachta sin ó gach bunadh (lena n-áirítear, i gcás duine pósta, aon ioncam, seachas díolaíochtaí, de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid é de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) tar éis an méid sin d'aon cheann de na méideanna seo a leanas is inchurtha go díreach i leith gach bunaidh ar leithligh a bhaint as an ioncam ón mbunadh sin:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí;

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(iv) aon chaillteanas de réir brí alt 89 nó Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

arb é C an cháin is iníoctha ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula gcuirfear i gcuntas aon fhaoiseamh dá bhforáiltear le halt 9 agus aon fhaoiseamh dá bhforáiltear faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi na Comhaontuithe roimhe seo nó faoi alt 39 den Acht Airgeadais, 1977 .

2. Más rud é, i ndáil le haon phearsa aonair, go bhfolóidh na díolaíochtaí a áirítear in A san fhoirmle i mír l díolaíochtaí de chuid na pearsan aonair agus díolaíochtaí de chuid a bhanchéile, déanfar an cháin is iomchuí do dhíolaíochtaí gach duine díobh a chinneadh ar leithligh agus is é a bheidh ann méid a mbeidh idir é agus an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí an chomhréir chéanna atá idir glandíolaíochtaí gach duine díobh agus A réamhráite.

CUID IV

Sceideal le cur leis an Acht Airgeadais, 1974

Alt 12.

“AN TRIU SCEIDEAL

Cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht

1. Ciallaíonn ‘cáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht’, i ndáil le pearsa aonair atá, de bhua forálacha alt 15, inchurtha faoi cháin do bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, an méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

A

_____

A + B

× C

i gcás—

arb é A—

(a) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh ar mhéid a chinnfear le halt 21, an méid a chinnfear amhlaidh,

(b) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh faoi threoir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an méid a ríomhfar faoi threoir na bhforálacha sin, arna choigeartú faoi threoir forálacha mhír 2 agus aird á thabhairt ar fhorálacha alt 21A,

(c) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh faoi threoir forálacha alt 20A, an méid a ríomhfar faoi threoir na bhforálacha sin, arna choigeartú faoi threoir forálacha mhír 2 agus aird á thabhairt ar fhorálacha alt 21A,

arb é B ioncam na pearsan aonair, seachas ioncam a áirítear in A, don bhliain sin ó gach bunadh (lena n-áirítear ioncam de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid é de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) tar éis comhiomlán na méideanna a shonraítear i mír 3 a bhaint as an ioncam ó gach bunadh ar leithligh, agus

arb é C an méid cánach is inmhuirearaithe ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula gcuirtear i gcuntas aon fhaoiseamh dá bhforáiltear le halt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó le halt 19 nó 21A.

2. Más rud é, le linn A i mír 1 a bheith á chinneadh, go mbeidh méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht le coigeartú faoi threoir forálacha na míre seo, déanfar a gcomhiomlán seo a leanas de laghdú ar an méid sin—

(a) an oiread sin d'aon liúntas caipitiúil a bheidh le cur i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain a bheith á muirearú i leith cánach, agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas de réir brí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheidh le baint as na brabúis nó na gnóchain sin nó le fritháireamh ina gcoinne nó a mheastar a baineadh astu nó a fritháiríodh ina gcoinne.

3. Le linn B i mír 1 a bheith á chinneadh, is é an méid a bheidh le baint as an ioncam ó bhunadh áirithe, le linn an méid ioncaim ón mbunadh sin a bheidh le háireamh i B a bheith á ríomh comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an oiread sin de na méideanna seo a leanas atá le baint as an ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh, nó atá le lamháil le linn an t-ioncam sin a bheith á chur faoi cháin—

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí, agus

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas de réir brí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheidh le baint as an ioncam ón mbunadh sin nó le fritháireamh ina choinne nó a mheastar a baineadh as nó a fritháiríodh ina choinne.

4. Sa Sceideal seo tá le ‘liúntas caipitiúil’, ‘asbhaint i leith caiteachas’ agus ‘asbhaint i leith ranníocaí’ na bríonna céanna atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , agus tá le ‘feirmeoireacht’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil II de Chuid I.”.