An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL Rátaí Cánach Fáltas Caipitiúil)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

AN DARA SCEIDEAL

Idirbhearta Díolmhaithe i nDáil le Cumainn Talmhaíochta agus Cumainn Iascaigh

Alt 18.

CUID I

Cumainn talmhaíochta

1. (a) Na hearraí seo a leanas a mhórdhíol—

(i) bainne

uibheacha

mil

torthaí úra agus glasraí úra (lena n-áirítear prátaí úra)

grán

síolta

beostoc

éanlaith chlóis

olann

líon

bláthanna

i gcás, maidir leis an gcumann a dhíolann an tráchtearra—

(A) gurb é táirgeoir an tráchtearra é, nó

(B) go gceannaíonn sé an tráchtearra óna tháirgeoir nó ó chumann talmhaíochta a cheannaigh ón táirgeoir sin é;

(ii) im

uachtar

cáis

bainne lom

púdar bainne

meadhg

púdar meidhg

lachtós

im-ola

cáiséin

grabhróg sheacláide

torthaí próiseáilte agus glasraí próiseáilte (lena n-áirítear prátaí próiseáilte)

feoil

seithí

crúba

adharca

miodamas

i gcás ar cumann talmhaíochta táirgeoir an tráchtearra;

(iii) ábhair bheatha d'ainmhithe (ach gan grán, glasraí, bainne, bainne lom, púdar bainne, meadhg ná púdar meidhg a áireamh)

drugaí agus ábhair leighis d'ainmhithe

leasacháin

fiailnimheanna agus feithidnimheanna

ábhair leasaithe le sadhlas a dhéanamh

boscaí agus ábhair phacáistithe eile do tháirgí talmhaíochta

pár agus salann do tháirgeadh ime

saic agus sreangán ceanglóra

trealamh uachtarlainne agus déirí

trealamh triomaithe gráin

innealra feirme (lena n-áirítear comhpháirteanna agus boinn)

breosla d'innealra feirme

ábhair thógála agus fhálaithe lena n-úsáid d'aontoisc in oibreacha a mbíonn ceannaitheoirí na n-ábhar sin cáilithe chun deontais ina leith faoi Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha atá á hoibriú ag an Roinn Talmhaíochta.

(b) I bhfomhír (a) ciallaíonn “táirgeoir”—

(i) i ndáil le bainne, an duine ar leis an t-ainmhí óna bhfaightear an bainne agus tá brí dá réir leis i ndáil le huibheacha, le mil agus le holann,

(ii) i ndáil le torthaí úra, an duine a fhásann na torthaí agus tá brí dá réir leis i ndáil le glasraí úra (lena n-áirítear prátaí úra), grán, síolta, líon agus bláthanna,

(iii) i ndáil le beostoc, an duine a phóraíonn nó a thógann an beostoc agus tá brí dá réir leis i ndáil le héanlaith chlóis,

(iv) i ndáil le him, an cumann a dhéanann an t-im agus tá brí dá réir leis i ndáil le táirgí eile bainne, agus

(v) i ndáil le torthaí próiseáilte, an cumann a phróiseálann na torthaí agus tá brí dá réir leis i ndáil le glasraí próiseáilte (lena n-áirítear prátaí próiseáilte), feoil, seithí, crúba, adharca agus miodamas.

2. Aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar—

curadóireacht nó fómhar a dhéanamh (lena n-áirítear sadhlas a dhéanamh) faoi chonradh

domhaintreabhadh

aoileach a leathadh

barraí a spréáil

móin a bhaint

barraí nó grán a thriomú, a mheilt nó a stóráil ar coimisiún

cumann talmhaíochta do phacáistiú nó do phróiseáil táirgí bainne ar coimisiún thar ceann cumainn eile den sórt céanna

leasacháin, grán, olann nó beostoc a dhíol ar coimisiún

torthaí nó glasraí a stóráil, a phacáil, a ghrádú nó a phróiseáil

cumann talmhaíochta do stóráil táirgí bainne thar ceann

cumainn eile den sórt céanna

táirgí feirme a iompar

beostoc a inseamhnú go saorga, a cheantáil nó a mheá

péarslaí a scriosadh

saic a fhruiliú

bolcthainceanna cuisnithe bainne a léasú

CUID II

Cumainn iascaigh

1. Aon cheann acu seo a leanas a mhórdhíol—

iasc úr

iasc próiseáilte

tráchtearraí nó cóngair a úsáidtear chun iasc a ghabháil.

2. Ceachtar de na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil—

iasc a cheantáil

iasc a iompar.