|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1978) | Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1978
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID I Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil I Cáin Ioncaim | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1A) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £944.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 143 (préimheanna ar árachais iar-1916 agus ar íocaíochtaí áirithe eile) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3) (a) Is í an asbhaint a bhainfear as ioncam iomlán an éilitheora— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) más tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953, agus roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, a rinneadh an t-árachas nó an conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus sin le haon chuideachta árachais nó cara-chumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát agus á bhainistí agus á rialú ann, méid is comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, méid is comhionann le leath na préimhe a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, leath na suime a d'íoc sé nó a asbhaineadh as a thuarastal nó a stipinn. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás a n-éileoidh pearsa aonair faoiseamh faoin alt seo maidir le— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) árachas nó conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) lena mbaineann mír (a) (ii) agus a rinneadh roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) suim (is suim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b)) ar dlíodh den phearsa aonair, roimh asbhaint as a stipinn nó a thuarastal roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, agus a ndlitear de fós, í a íoc nó í a bhaint as a stipinn nó a thuarastal, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus go mbeidh aon chuid dá ioncam inchánach inchurtha faoi cháin de réir ceann amháin nó níos mó de na hard-rátaí, beidh sé i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha aige a laghdú sa dóigh nach mó é ná cóimhéid chomhiomlán an dá mhéid seo a leanas— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) méid na cánach ab iníoctha aige dá mba ionann an asbhaint óna ioncam iomlán maidir leis an árachas nó leis an gconradh nó leis an tsuim sin agus dhá thrian den phréimh a d'íoc sé nó, cibé acu é, den tsuim sin, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) méid is ionann agus cáin de réir an ráta chaighdeánaigh ar an séú cuid den phréimh a d'íoc sé maidir leis an árachas nó leis an gconradh nó, de réir mar a bheidh, den tsuim sin.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 193 (faoisimh phearsanta ar rogha a fheidhmiú go ndéanfar measúnachtaí ar leithligh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
3. —Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (aa) agus (f) i bhfo-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 138 agus 141 (seachas fo-alt (2)), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , agus faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , i gcomhréir leath má leath, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 143, 145, 151 agus 152, chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (bb) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 , sa chomhréir inar íoc siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,” agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(7) I gcás éifeacht a bheith le hiarratas faoi alt 197 maidir le bliain mheasúnachta, beidh éifeacht le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , maidir leis an mbliain sin, i ndáil le gach duine de na céilí lena mbaineann, ionann is dá mba éard é an chuid d'ioncam inchánach a shonraítear san alt sin atá le cur faoi cháin de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear ann (seachas an ráta a deirtear is inmhuirearaithe ar an iarmhar ioncaim inchánach) leath na coda a shonraítear amhlaidh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) I gcás ar lú an chuid d'ioncam inchánach céile is inchurtha faoi cháin de réir fho-alt (7) de réir ráta áirithe a shonraítear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , ná cuid an chéile eile agus gur lú ná an chuid (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí’ anseo feasta) d'ioncam inchánach a bhfuil an céile chéadluaite, de bhua fho-alt (7), inchurtha faoi cháin ina leith de réir an ráta sin, déanfar méid ioncam inchánach an chéile eile, atá de réir fho-alt (7), le cur faoi cháin de réir an ráta sin, a mhéadú an méid ar lú ioncam inchánach an chéile chéadluaite is inchurtha faoi cháin de réir an ráta sin ná an chuid iomchuí.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 236 (blianachtaí scoir —an saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
4. —(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1A), (1B) agus (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 )— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1A) Faoi réir forálacha an ailt seo agus Sceideal 5, ní mó an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó agus cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear préimheanna maidir le conradh a ceadaíodh faoi alt 235A) ná 15 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin agus beidh ar áireamh, an oiread riamh is féidir é, ar an méid a asbhainfear préimheanna cáilitheacha i leith conarthaí a ceadaíodh faoi alt 235A. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (1B) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní mó an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh in aon bhliain mheasúnachta maidir le préimheanna cáilitheacha arna n-íoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A (cibé acu i leith préimhe amháin den sórt sin nó níos mó) ná 5 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin.”, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “(1B)” a chur in ionad “(1B) (b)” i mír (b) d'fho-alt 2), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Alt 23 (sochar comhchineáil: íosmhuirear cánach i leith úsáid feithicle) den Acht Airgeadais, 1976 . |
5. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 23 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil leis an mbliain 1978-79 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Faoiseamh pearsanta. |
6. —(1) I gcás a mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoin bhforáil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , agus le halt 6 den Acht Airgeadais, 1977 , faoi réir forálacha an ailt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Iocaíochtaí i leith leanaí tailidimíde. |
7. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1973 : | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “19.—(1) Bainfidh an t-alt seo le haon íocaíocht ón Aire Sláinte nó ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon phearsa aonair, nó i leith aon phearsa aonair, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair na pearsan aonair do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ioncam— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar íocaíocht é lena mbaineann an t-alt seo, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a eascraíonn chuig duine dá dtugtar, nó a dtugtar ina leith, íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo de bharr na híocaíochtaí sin nó an t-ioncam astu a infheistiú go hiomlán nó go páirteach, is ioncam ar díbhinní nó ioncam eile é a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, inchurtha faoi cháin faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1974 ) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna sin i ndáil le tuairisceáin a thabhairt ar ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon ioncam den chineál a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a d'eascair sé nó a eascróidh sé.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí. |
8. —(1) D'ainneoin nach sásaíonn pearsa aonair ceann den dá choinníoll, nó an dá choinníoll, atá leagtha amach i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) d'alt 34 den Acht Airgeadais, 1974 , beidh sé i dteideal faoiseamh a fháil faoin alt sin maidir le haon ús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó aon lá dá éis, ar aon iasacht a tugadh dó agus a caitheadh chun críche a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 34— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) más amhlaidh don chuideachta a bhfuarthas cuid dá gnáthscairchaipiteal nó, de réir mar a bheidh, dar tugadh an t-airgead ar iasacht— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur cuideachta í dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (a) den fho-alt sin (1) agus cuideachta a raibh an phearsa aonair ina fhostaí lánaimsire, ina fhostaí páirtaimsire, ina stiúrthóir lánaimsire nó ina stiúrthóir páirtaimsire i ndáil léi i gcaitheamh na tréimhse, arna tógáil san iomlán, ó caitheadh fáltais na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gur cuideachta í dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin (a) agus cuideachta phríobháideach a raibh an phearsa aonair, i gcaitheamh na tréimhse sin, ina stiúrthóir lánaimsire nó ina fhostaí lánaimsire i ndáil léi nó i ndáil le haon chuideachta a measfaí baint a bheith aici léi chun críocha an ailt sin 34, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) más rud é nach ndearna an chuideachta ná aon duine a bhfuil baint aige léi, i rith na tréimhse a shonraítear i mír (a) (i), aon iasacht ná airleacan airgid a thabhairt don phearsa aonair nó do dhuine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair seachas iasacht a tugadh nó airgead a airleacadh i ngnáthchúrsa gnó, ar chuid de airgead a thabhairt ar iasacht, a sheolann an chuideachta nó, de réir mar a bheidh, an duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I ndáil le haon íocaíocht nó íocaíochtaí úis ar aon iasacht nó iasachtaí a caitheadh— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ag fáil aon choda de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta seachas cuideachta phríobháideach, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt sin, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ag aisíoc aon iasachta nó iasachtaí eile a caitheadh chun críche a shonraítear i míreanna (a) agus (b), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ní thabharfar aon fhaoiseamh in aghaidh aon bhliana measúnachta de bhua an ailt seo ach amháin d'fhostaí lánaimsire nó do stiúrthóir lánaimsire de chuid na cuideachta ná ní thabharfar aon fhaoiseamh den sórt sin d'fhostaí ná do stiúrthóir den sórt sin ar an méid is mó an íocaíocht sin nó comhiomlán na n-íocaíochta sin, in aghaidh na bliana measúnachta sin, ná £2,000. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás a dtabharfar faoiseamh de bhua an ailt seo do phearsa aonair agus, maidir le haon iasacht nó airleacan airgid a tugadh dó nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, go measfar dá éis sin, de réir forálacha mhír (c) d'fho-alt (5) agus de bhua fhomhír (ii), (iii), (iv) nó (v) d'fho-alt (5) (c), nach i ngnáthchúrsa gnó a tugadh sin, déanfar aon fhaoiseamh a tugadh amhlaidh, nach dtabharfaí dá mba rud é, tráth an fhaoisimh a thabhairt, gur measadh amhlaidh maidir leis an iasacht nó leis an airleacan, a tharraingt siar agus déanfar cibé measúnachtaí nó measúnachtaí breise is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “fochuideachta 90 faoin gcéad” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “fostaí lánaimsire” agus “stiúrthóir lánaimsire”, i ndáil le cuideachta, fostaí nó stiúrthóir, cibé acu é, a bhfuil ceangal air a chuid ama go léir go substainteach a chaitheamh le seirbhís na cuideachta; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 107 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “fostaí páirtaimsire” agus “stiúrthóir páirtaimsire”, i ndáil le cuideachta, fostaí nó stiúrthóir, cibé acu é, nach bhfuil ceangal air a chuid ama go léir go substainteach a chaitheamh le seirbhís na cuideachta; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “cuideachta phríobháideach” an bhrí a shanntar dó le halt 33 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , agus mhír (b); | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tá baint ag duine le haon duine eile dar thug sé, seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sé agus ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht, aon iasacht nó airleacan airgid, agus le haon duine dar thug an duine eile sin aon iasacht nó airleacan airgid amhlaidh, agus mar sin de; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ní mheasfar iasacht a bheith tugtha, ná ní mheasfar airgead a bheith tugtha ar airleacan, i ngnáthchúrsa gnó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) má tugadh an iasacht nó má airleacadh an t-airgead ar théarmaí nach téarmaí iad atá réasúnta inchomórtais leis na téarmaí a d'fheidhmeofaí maidir leis an iasacht nó maidir le hairleacan an airgid sin ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an idirbheartaíocht le haghaidh na hiasachta nó airleacan an airgid, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) más rud é, an tráth a tugadh an iasacht nó a airleacadh an t-airgead, gurbh amhlaidh do na téarmaí go raibh fomhír (i) gan feidhm, go ndéanfar na téarmaí sin a athrú dá éis sin agus gurb amhlaidh do na téarmaí tar éis iad a athrú amhlaidh, i gcás feidhm a bheith acu an tráth a tugadh an iasacht nó a airleacadh an t-airgead, go mbeadh feidhm ag fomhír (i), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) má ligtear thar ceal aon ús is iníoctha ar an iasacht a tugadh nó ar an airgead a airleacadh, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) má bhíonn aon ús is iníoctha ar an iasacht a tugadh nó ar an airgead a airleacadh gan íoc laistigh de 12 mhí ón dáta a tháinig sé chun bheith iníoctha, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (v) má bhíonn an iasacht nó an t-airgead a airleacadh nó aon chuid den iasacht nó den airleacan airgid sin gan aisíoc laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh sé chun bheith inaisíoctha; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) beidh ar na cásanna ina measfar iasacht a bheith tugtha ag duine do dhuine éigin eile cás— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) ina ndeachaigh an duine eile sin i bhfiacha ag an duine sin, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) ina ndéanfar fiach a bheidh dlite den duine eile sin do thríú páirtí a shannadh don duine sin: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mbainfidh fomhír (i) le fiach a tabhaíodh i ndáil leis an duine sin do sholáthar earraí nó seirbhísí i ngnáthchúrsa a thrádála nó a ghnó mura faide ná sé mhí an creidmheas a tugadh nó mura faide é ná an creidmheas a thugann an duine sin de ghnáth; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) measfar gur cuideachta dá dtagraítear in alt 34 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1974 , cuideachta, seachas cuideachta phríobháideach, más cuideachta shealbhaíochta í agus go bhfuil cónaí uirthi sa Stát, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) measfar gur fostaí lánaimsire nó stiúrthóir lánaimsire de chuid cuideachta dá dtagraítear i mír (e) pearsa aonair más fostaí lánaimsire nó stiúrthóir lánaimsire é de chuid cuideachta is fochuideachta 90 faoin gcéad don chuideachta sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Faoiseamh ó cháin do phearsana aonair áirithe a chónaíonn sa Stát agus atá fostaithe sa Ríocht Aontaithe agus lena mbaineann an Coinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go comharaíoch sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe. |
9. —(1) San alt seo agus i gCuid III den Chéad Sceideal— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “an Coinbhinsiún” an bhrí chéanna atá leis in alt 39 (5) den Acht Airgeadais, 1977 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “asbhaint i leith ranníocaí” agus “asbhaint i leith caiteachas” na bríonna céanna atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “díolaíochtaí”, i ndáil le haon bhliain, tuarastal, pá agus luach saothair eile dá sórt a fhaigheann pearsa aonair i leith fostaíocht a fheidhmítear sa Ríocht Aontaithe agus is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D don bhliain sin agus a mbaineann nó a mbainfeadh Airteagal 15 (1) nó 15 (3) den Choinbhinsiún leo dá mba sa bhliain 1977-78 a gheobhaidh nó a fuair an phearsa aonair iad amhlaidh; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “na sean-Chomhaontuithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 39(5) den Acht Airgeadais, 1977 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “glandíolaíochtaí” na díolaíochtaí dá ngairtear glandíolaíochtaí i gCuid III den Chéad Sceideal; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le haon phearsa aonair, d'aon bhliain mheasúnachta, an méid cánach a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach i gCuid III den Chéad Sceideal. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin i leith díolaíochtaí don bhliain 1977-78, beidh sé i dteideal faoiseamh don bhliain 1976-77 arb é a mhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) cóimhéid— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás pearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát agus nach raibh cónaí air sa Ríocht Aontaithe an bhliain 1976-77, leath na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1976-77, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás pearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe an bhliain 1976-77, leath na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1976-77, arna laghdú méid in ionannas cáin ar an gceathrú cuid de na glandíolaíochtaí de réir an ráta cánach Éireannaí is iomchuí dó nó de réir an ráta cánach Ríochta Aontaithe is iomchuí dó, cibé acu is lú, arna ríomh de réir na sean-Chomhaontuithe: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an logha ná an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1977-78. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ar i leith díolaíochtaí pearsan aonair agus i leith díolaíochtaí a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid iad faoi fhorálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an logha, is é an logha i leith díolaíochtaí gach duine díobh méid a mbeidh idir é agus an logha an chomhréir chéanna a bheidh idir glandíolaíochtaí gach duine díobh agus A san fhoirmle dá dtagraítear i bhfo-alt (1): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an logha i leith díolaíochtaí na pearsan aonair ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na pearsan aonair don bhliain 1977-78 agus nach mó an logha i leith díolaíochtaí a bhanchéile ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí a bhanchéile don bhliain 1977-78. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I gcás díolaíochtaí mná a bheith inchurtha faoi cháin don bhliain 1977-78, beidh sí i dteideal an logha i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith don bhliain 1976-77 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Beidh seiceadóirí nó riarthóirí eastát phearsa aonair a fuair bás sa bhliain 1976-77 i dteideal, i leith díolaíochtaí a bhanchéile ar measadh gur ioncam dá chuid iad don bhliain 1976-77 de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an logha a fháil a mbeadh teideal aige chuige mura mbeadh go bhfuair sé bás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) An logha atá dlite do bhean i leith díolaíochtaí a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith don bhliain 1976-77 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach tabharfar tosaíocht dó ar aon logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó méid comhiomlán an logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí dá cuid a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach agus i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mná sin don bhliain 1977-78 (lena n-áirítear aon díolaíochtaí a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Déanfar gach uile oiriúnú nó aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd) i bhfo-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(ddd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 9 den Acht Airgeadais, 1978 , i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin,”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Faoiseamh ó cháin do phearsana aonair áirithe a d'aistrigh ó fhostaíocht Stáit go dtí fostaíocht le daoine sonraithe áirithe. |
10. —Chun logha cánach (ar comhréir leis an logha dá bhforáiltear le halt 16 den Acht Airgeadais, 1976 ) a dheonú i gcás pearsa aonair a raibh aige féin nó ag a bhanchéile, i mbliain mheasúnachta roimh an mbliain 1976-77, post mar státseirbhíseach nó fostaíocht i slí bheatha sceidealta agus a ndearna duine a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo é féin nó a bhanchéile a fhostú dá éis sin, ach sin roimh an mbliain sin 1976-77, achtaítear leis seo mar a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (1) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair arb amhlaidh dó féin, nó dá bhanchéile, sa tréimhse iomchuí— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go raibh aige nó aici post nó fostaíocht mar a dúradh (post nó fostaíocht dá ngairtear “an chéad fhostaíocht” anseo feasta), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur scoir sé nó sí den chéad fhostaíocht a bheith aige nó aici, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gur thosaigh sé nó sí, díreach tar éis an scoir sin, d'fhostaíocht (dá ngairtear “an dara fostaíocht” anseo feasta) a bheith aige nó aici le duine a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, tabharfar faoiseamh ó cháin arb é a mhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) cóimhéid leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear “an bhliain scoir” anseo feasta) ar scoir sé féin nó a bhanchéile, cibé acu é, den chéad fhostaíocht a bheith aige nó aici, nó, más mó iad, don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain sin: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an logha ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta agus an dara fostaíocht don bhliain scoir, nó, más mó, nach mó é ná an cháin is iomchuí do dhíolaíochtaí an dara fostaíocht don bhliain mheasúnachta díreach tar éis na bliana sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar an logha a thabharfar de bhua forálacha an ailt seo a lamháil sa bhliain scoir trína fhritháireamh in aghaidh na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás arb ionann an logha agus leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta don bhliain díreach roimh an mbliain scoir, go ndéanfar é a lamháil trína fhritháireamh in aghaidh na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , modhnaithe mar is gá, chun méid an logha a bheidh le tabhairt faoin alt seo a chinneadh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “státseirbhíseach” an bhrí chéanna atá leis in Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, agus dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “slí bheatha sceidealta” an bhrí chéanna atá leis in Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Déanfar gach uile choigeartú nó aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (dd) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) d'fho-alt (2)— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , nó faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1978 , i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a) den alt sin 16 den Acht Airgeadais, 1976 .”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Teorainneacha ama i ndáil le measúnú ar ionadaithe pearsanta agus le himeachtaí ina n-aghaidh. |
11. —(1) Leasaítear leis seo alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Ní dhéanfar aon mheasúnacht faoin alt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, i gcás arb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus ní dhéanfar aon mheasúnacht den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás a dtaiscfidh an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú nó a seachadfaidh sé mionnscríbhinn bhreise faoi alt 38 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás a ndlífidh an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn bhreise a sheachadadh faoin alt sin 38, agus go mbeidh sin curtha in iúl dó ag na Coimisinéirí Ioncaim ach nár sheachaid sé an mhionnscríbhinn bhreise sin an bhliain mheasúnachta a fuair an duine éagtha bás, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | go bhféadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh tráth ar bith sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin nó a seachadadh nó a seachadfar an mhionnscríbhinn bhreise.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 504 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2) Ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh de bhua fho-alt (1) in aghaidh seiceadóir nó riarthóir duine tráth nach mbeidh, de bhua fho-alt (2) d'alt 211, an seiceadóir nó an riarthóir sin inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe faoin alt sin i leith cáin ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair nó a d'fhaibhrigh chun an duine sin roimh a bhás.”. |