An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Chorparáide)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

Leasú ar alt 13 (mínithe (Caibidil II)) den Acht Airgeadais, 1974 , agus sceideal breise a chur ag gabháil leis an Acht sin.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 , trí na mínithe seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“ciallaíonn ‘rátaí’, i ndáil le pearsa aonair, méid an ráta contae, an ráta bhardasaigh nó an ráta eile is iníoctha ag an bpearsa aonair nó ag a bhanchéile i leith talamh feirmeoireachta a áitíonn sé ach ní fholaíonn sé aon mhéid d'aon ráta den sórt sin i leith aon fhoirgneamh ar an talamh nó a bhfuil sé féin nó a bhanchéile, de bhua alt 81 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i dteideal asbhainte ina leith le linn brabúis nó gnóchain is inchurta faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D a bheith á ríomh;

tá le ‘cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht’ an bhrí a shanntar dó leis an Tríú Sceideal.”.

(2) Déanfar an sceideal atá leagtha amach i gCuid IV den Chéad Sceideal a chur leis an Acht Airgeadais, 1974 .

Leasú ar alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974 .

13. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 , trí “£60” a chur in ionad “£75” i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £60 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

Leasú ar Caibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 .

14. —Maidir le measúnachtaí don bhliain 1978-79 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974

(a) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 19 go 21A:

“Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe.

19.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirearaithe i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(T - R) ×

V

___

10

i gcás—

arb é T an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain sin,

arb é R an méid a dhéanfaí an cháin is inmhuirearaithe don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ó fheirmeoireacht a laghdú de bhua alt 21A, dá mba nár achtaíodh an t-alt seo,

arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain sin ná £59.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £69 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.

Bonn measúnachta.

20.—(1) I gcás measúnacht i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith déanta, de réir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1978-79 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í), beidh sé i dteideal, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid a chinnfear de réir forálacha alt 21 agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht sin ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an fógra a tugadh don chigire, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh.

(2)  (a) Ní bheidh pearsa aonair i dteideal roghnú a dhéanamh mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1) d'aon bhliain mheasúnachta ar bliain mheasúnachta í díreach tar éis bliain mheasúnachta dar muirearaíodh cáin air i leith brabúis nó gnócháin ó fheirmeoireacht ar mhéid seachas méid a cinneadh de réir forálacha alt 21 mura rud é gur muirearaíodh amhlaidh é do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta chéadluaite.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ní thabharfar aird ar an mbliain 1977-78 ná ar bhlianta measúnachta roimhe sin.

(3) I gcás, maidir le bliain mheasúnachta, a ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí de réir fho-alt (1), muirearófar cáin air do gach ceann den dá bhliain mheasúnachta tar éis na bliana measúnachta sin de réir forálacha alt 21 mar atá feidhm acu i ndáil le muirearú cánach do gach ceann de na blianta sin faoi seach:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta—

(a) inar pearsa aonair lena mbaineann alt 16 an phearsa aonair, nó

(b) nach bhfuil an phearsa aonair, de bhua alt 15 (3), inchurtha faoi cháin ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht.

Bonn roghnach measúnachta.

20A.—(a) Más rud é, don bhliain 1978-79—

(i) go bhfuil pearsa aonair, de bhua alt 15, inchurtha faoi cháin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht,

(ii) nach mbeadh sé inchurtha faoi cháin amhlaidh mura mbeadh forálacha alt 13 den Acht Airgeadais, 1978 , agus

(iii) go ndéanfar measúnacht air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid a chinnfear de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

beidh sé i dteideal, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire, laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid is ionann agus méid na mbrabús nó na ngnóchan sin de chuid cibé ceann de na tréimhsí—

(I) an bhliain 1978-79,

(II) an bhliain 1978,

a shonróidh sé san fhógra sin don chigire.

(b) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí de réir mhír (a)—

(i) muirearófar cáin air don bhliain 1978-1979 ionann is dá mba chóimhéid lán-mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht de chuid na bliana roimh an mbliain 1978-79 a dúradh agus lánmhéid na mbrabús nó na ngnóchan sin de chuid cibé ceann de na tréimhsí a luaitear i mír (a) a shonróidh an phearsa aonair san fhógra a thabharfaidh sé faoin mír sin, agus

(ii) beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta a tugadh faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an fógra sin, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh.

Bonn barúlach measúnachta.

21.—(1) Pearsa aonair a mbeidh cáin le muirearú air do bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht ar mhéid a chinnfear de réir an ailt seo muirearófar amhlaidh é faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

(V×90)-W-C

i gcás—

arb V luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn sé don bhliain mheasúnachta,

arb é W méid iomlán na ndíolaíochtaí is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta le daoine, a fhostaítear mar bhuanfhostaithe chun an talamh sin a oibriú, i leith na hoibre sin, agus

arb é C méid iomlán na n-íocaíochtaí, seachas díolaíochtaí don bhliain mheasúnachta do chonraitheoirí talmhaíochta i leith obair thalmhaíochta a rinne siad ar an talamh sin.

(2) Le linn luacháil inrátaithe talún feirmeoireachta a áitíonn pearsa aonair a bheith á cinneadh chun críocha an ailt seo do bhliain mheasúnachta, ní chuirfear san áireamh, d'ainneoin forálacha alt 17, i ndáil le haon talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair, nó a áitíonn a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, ach an chuid sin de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitítear amhlaidh i gcomhpháirtíocht a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe sin an chomhréir chéanna a bheidh idir a scairsean nó a scairse, de réir mar is iomchuí, de bhrabúis nó de chaillteanais na comhpháirtíochta arna goionroinnt de réir téarmaí an chomhaontaithe comhpháirtíochta i dtaobh páirtiú na mbrabús nó na gcaillteanas agus brabúis nó caillteanais sin na comhpháirtíochta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le haon talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair. nó a áitíonn a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile mura mbeidh an duine eile sin nó aon duine de na daoine eile sin inchurtha faoi cháin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht.

(3) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfar aon asbhaint, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, as an méid a chinnfear faoi fho-alt (1).

(4) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘conraitheoir talmhaíochta’ duine a dhéanann obair thalmhaíochta ar thalamh feirmeoireachta;

ciallaíonn ‘obair thalmhaíochta’ obair is cuid dhílis de shaothrú talún feirmeoireachta nó de shábháil toradh na talún sin agus folaíonn sé earraí nó ainmhithe a iompar isteach ar an talamh sin nó amach as ach ní fholaíonn sé aon obair a bhfuil asbaint i leith a costais toirmiscthe de bhua forálacha alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 110 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) measfar duine a bheith ina bhuanfhostaí de chuid pearsa aonair do bhliain mheasúnachta más rud é, maidir leis an bpearsa aonair sin—

(I) go bhfuil sé cláraithe mar fhostóir faoi na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ),

(II) go bhfuil forálacha na Rialachán sin comhlíonta aige i ndáil leis na díolaíochtaí go léir a d'íoc sé i gcaitheamh na bliana sin leis an duine sin, agus

(III) (A) go bhfuil ranníocaí fostaíochta (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) íoctha aige i leith an duine sin in aghaidh na tréimhse nó na dtréimhsí a raibh an duine sin ar fostú aige ar a feadh nó ar a bhfeadh an bhliain sin, nó

(B) i gcás gan na ranníocaí fostaíochta sin a bheith iníoctha ag an bpearsa aonair i leith an duine sin toisc gur fostaíocht a shonraítear i rialacháin nó le rialacháin faoi Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, fostaíocht an duine sin, go raibh an duine sin fostaithe aige ar bhonn lánaimsire ar feadh na bliana chun an talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair sin a oibriú, gur íoc sé pá leis an duine sin i leith na fostaíochta sin agus gur chomhlíon sé, i ndáil leis an duine sin, na horduithe rialaithe fostaíochta faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, a bhí i bhfeidhm an bhliain sin agus a mbeadh feidhm acu dá mba oibrí talmhaíochta (de réir brí an Achta Caidrimh Thionscail, 1976 ) an duine;

agus

(ii) ní dhéanfar díolaíochtaí is iníoctha ag pearsa aonair le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair sin a chur i gcuntas chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1) ach amháin sa mhéid gur in airgead a íoctar na díolaíochtaí leis an duine sin.

(5) I gcás measúnacht i leith cánach arb éard í nó ar a n-áirítear cáin a bhaineann le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, a mhuirearaítear de réir forálacha an ailt seo, a bheith á dhéanamh ar phearsa aonair roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht sin i leith cánach, déanfaidh an cigire—

(a) le linn an mheasúnacht a bheith á dhéanamh aige, meastachán ar luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin agus ar mhéid aon íocaíochta don bhliain sin a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1), agus

(b) le linn aon mheastachán den sórt sin a bheith á dhéanamh aige, aird chuí a thabhairt—

(i) ar luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth i rith na bliana measúnachta díreach roimhe sin, agus

(ii) ar mhéid aon íocaíochtaí a chuirfí i gcuntas chun críocha W nó C san fhoirmle i bhfo-alt (1) dá mba é méid na n-íocaíochtaí sin a íocadh don bhliain mheasúnachta díreach roimhe sin an méid a bheidh le cur i gcuntas.

(6) I gcás meastachán a bheith déanta faoi fho-alt (5) agus gan fógra achomhairc in aghaidh na measúnachta i leith cánach a bheith tugtha, ach go soláthróidh an phearsa aonair lena mbaineann, laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana measúnachta, sonraí chun críocha V, W agus C san fhoirmle i bhfo-alt (1), déanfar aon choigeartuithe is gá sa mheasúnacht ag féachaint don difríocht idir méid ceart na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht is inmhuirearaithe de réir forálacha an ailt seo agus méid na mbrabús nó na ngnóchan a muirearaíodh sa mheastachán, agus aisíocfar aon mhéid cánach a ró-íocadh.

(7) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D don bhliain mheasúnachta sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó aon chíos nó aon fháltas i leith aon éasúna i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige, beidh feidhm ag fo-alt (1) don bhliain mheasúnachta maidir leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú amhlaidh ach gan an chuid sin a áireamh as ar eascair na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ar lú an cíos nó an fáltas sin, ag féachaint do na luachanna a bheidh i réim san am, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an idirbheartaíocht le haghaidh an léasa nó na héasúna.

(8) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin maidir leis an duine sin chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha). 1968.

Creidmheas i leith rátaí.

21A.—(1) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) déanfar an méid cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin a laghdú méid na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil díreach roimh an mbliain mheasúnachta sin;

(b) le linn na brabúis nó na gnóchain don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh, ní asbhainfear aon suim i leith rátaí:

Ar choinníoll nach mó an méid dá mbeidh an cháin is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta le laghdú faoin bhfo-alt seo ná an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás pearsa aonair lena mbaineann alt 16, agus (ar leith ó mhír (b) d'fho-alt (1)) ní bheidh feidhm aige in aon chás lena mbaineann alt 19.”,

(b) trí “go muirearófar” a chur in ionad “go roghnóidh sé go muirearófaí” i mír (a) d'alt 22 (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ), agus

(c) (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'alt 25 (1):

“(aa) gur de réir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ní i méid arna chinneadh faoi alt 21 a cuireadh na brabúis nó na gnóchain sin faoi cháin,”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'alt 25 (2):

“(aa) ar cuireadh faoi cháin é ina leith ar mhéid arna chinneadh de réir forálacha alt 21,”,

agus tá an mhír sin (a) d'alt 22 (2B), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) go muirearófar cáin air, i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó

Srian i leith caillteanas áirithe.

15. —(1) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caillteanas lena mbaineann an t-alt seo, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as méid, nó trína fhritháireamh in aghaidh méid, na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna measúnú don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(2) Baineann an t-alt seo le caillteanas a thabhaigh duine ag seoladh feirmeoireachta aon bhliain mheasúnachta ar bhliain í nach raibh sé, de bhua alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , inchurtha faoi cháin i leith a bhrabús nó a ghnóchan ó fheirmeoireacht.

(3) San alt seo tá an bhrí chéanna le “feirmeoireacht” atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 .

Athrú ar an am le cáin a íoc ag feirmeoirí áirithe.

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “seachas cáin lena mbaineann fo-alt (2B)” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh “gairme”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A)—

“(2B) (a) Baineann an fo-alt seo, maidir le measúnachtaí don bhliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin, le cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht de réir brí Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1974 , a bheidh in aon mheasúnacht a dhéanfar ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht Airgeadais, 1974 .

(b) Beidh cáin lena mbaineann an fo-alt seo iníoctha an lú lá d'Eanáir nó roimh an lá sin an bhliain mheasúnachta dá muirearófar í, ach amháin i gcás an cháin sin a bheith ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain den sórt sin a dhéanfar an lú lá d'Eanáir nó dá éis, go measfar an cháin a bheith dlite agus iníoctha an lá díreach i ndiaidh an lae a dhéanfar an mheasúnacht.”,

agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) I ndáil le haon mheasúnacht i leith cánach a dhéanfar ar phearsa aonair (seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht Airgeadais, 1974 ) don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , ionann is dá mba nár achtaíodh alt 6 (2) den Acht Airgeadais, 1976 , ná alt 4 den Acht Airgeadais, 1977 .

AN TABLA

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme seachas cáin lena mbaineann fo-alt (2B), agus

Us i leith íocaíochtaí cánach áirithe a tharscaoileadh.

17. —(1) (a) Baineann an t-alt seo le haon mheasúnacht i leith cánach don bhliain 1977-78 a rinneadh ar phearsa aonair roimh an lú lá de Shamhain, 1977, agus arb éard í, nó ar cuid di, cáin is inchurtha i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht arna muirearú de réir forálacha alt 21 den Acht Airgeadais, 1974 , arna leasú le halt 12 den Acht Airgeadais, 1977 .

(b) San alt seo ciallaíonn “an tráthchuid iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, tráthchuid cánach arna muirearú in aon mheasúnacht i leith cánach lena mbaineann an t-alt seo agus a rinneadh air, ar tráthchuid cánach í ab iníoctha roimh an lú lá de Shamhain, 1977.

(2) I gcás a ndéanfaidh nó a ndearna pearsa aonair achomharc in aghaidh measúnacht i leith cánach lena mbaineann an t-alt seo—

(a) má íocadh an tráthchuid iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, measfar, chun críocha alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 30 (5) den Acht Airgeadais, 1976 , an tráthchuid iomchuí a bheith íoctha aige an dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha,

(b) murar íocadh an tráthchuid iomchuí, nó méid iomlán na tráthchoda sin, roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, ansin, ar an achomharc a chinneadh agus chun a chinneadh cé acu atá, agus, má tá, cá mhéid atá, ús le muirearú faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar maidir leis an bpearsa aonair—

(i) go ndearna sé achomharc in aghaidh na measúnachta iomchuí laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht sin,

(ii) gur shonraigh sé, i ndáil leis an tráthchuid iomchuí, mar an méid a bheidh le sonrú de réir forálacha alt 30 den Acht Airgeadais, 1976

(I) i gcás nár íocadh an tráthchuid iomchuí ná aon chuid di roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, méid nialais,

(II) i gcás ar íocadh cuid den tráthchuid iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, an méid a íocadh amhlaidh.

agus

(iii) i gcás lena mbaineann fomhír (ii) (II), gur íoc sé an chuid den tráthchuid iomchuí dá dtagraítear san fhomhír sin ar an dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha.

(3) Le linn aon mhuirear úis faoi fho-alt (2) (b) a bheith á chinneadh, ní thabharfar aird ar an gcoinníoll a ghabhann le halt 30 den Acht Airgeadais, 1976 (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Airgeadais, 1977 ).