|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1978
[EN] | |||||||||
[EN] |
Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971 . |
22. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “agus roimh an lú d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
| |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973 . |
23. —Leasaítear leis seo alt 8 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
| |||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 40 (feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le blianta measúnachta áirithe) den Acht Airgeadais, 1977 . |
24. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1977 , trí “na gceithre bliana measúnachta” a chur in ionad “an dá bhliain mheasúnachta” agus “na gceithre bliana sin” a chur in ionad “an dá bhliain sin” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
| |||||||||
[EN] |
Méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe. |
25. —(1) San alt seo ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas arna thabhú an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó dá éis, ag duine a mbeidh liúntas faoi alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le tabhairt dó ar fhoirgneamh nó déanmhas a fhoirgniú atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail ar áitiú ag an duine sin chun críche a shonraítear i mír (a), (b) nó (d) d'alt 255 (1) den Acht sin: | |||||||
[EN] | Ar choinníoll más chun críocha thrádáil na hóstóireachta a thabhófar an caiteachas nach measfar gur caiteachas cáilitheach é mura dtabhófar é ag foirgniú áitreabh atá cláraithe i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975. | ||||||||
[EN] | (2) I gcás a mbeidh liúntas le tabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe faoin alt sin 264 i leith caiteachais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (4) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a bheidh sonraithe ag an duine a mbeidh an liúntas le tabhairt dó agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, forléireofar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas arna thabhairt faoin alt sin 264 mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo. | ||||||||
[EN] |
Liúntais maidir le ranníocaí áirithe i leith caiteachas caipitiúil údarás áitiúil. |
26. —(1) San alt seo— | |||||||
[EN] | ciallaíonn “scéim cheadaithe” scéim atá glactha ar láimh ag údarás áitiúil le ceadú an Aire Comhshaoil agus arb é a cuspóir nó ar cheann dá cuspóirí eisiltigh thrádála a chóireáil; | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “eisiltigh thrádála” ábhar leachtach nó ábhar eile a scairdtear amach i séaraigh phoiblí as áitreabh a áitítear chun críocha trádála. | ||||||||
[EN] | (2) I gcás a ndéanfaidh duine, chun críocha trádáil a sheolann nó a sheolfaidh sé, suim chaipitiúil a ranníoc i leith caiteachas a thabhóidh údarás áitiúil ag soláthar sócmhainne atá le húsáid chun críocha scéime ceadaithe, a mhéid a bhaineann an scéim le heisiltigh thrádála a chóireáil, ansin, tabharfar cibé liúntais, más ann, don duine faoi fhorálacha Chuid XIII, Chuid XV, nó alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a thabharfaí dó dá mba éard é an ranníoc caiteachas ag soláthar, chun críocha na trádála sin, sócmhainne den chineál céanna agus gur leanadh gach tráth ábhartha den tsócmhainn deiridh sin a úsáid chun críocha na trádála. | ||||||||
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le haistriú trádála nó coda de thrádáil a ndearnadh ranníoc dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith a críocha: | ||||||||
[EN] | (a) i gcás an trádáil go léir a aistriú, tabharfar don aistrí, agus ní thabharfar don aistreoir, liúntais a bheadh, dá mba nár tharla an t-aistriú, le tabhairt don aistreoir faoin gCuid sin XIII nó faoin alt sin 264 in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe a chríochnóidh tar éis dáta an aistrithe, | ||||||||
[EN] | (b) i gcás gan ach cuid den trádáil a aistriú, beidh éifeacht le mír (a) maidir leis an oiread den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda den trádáil a aistríodh. | ||||||||
[EN] |
Leasú ar fhorálacha i ndáil le faoiscamh i leith méadú ar stocluachanna. |
27. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1978” a chur in ionad “1977”— | |||||||
[EN] | (a) i mír (iii) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a), | ||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus | ||||||||
[EN] | (c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé, | ||||||||
[EN] | agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||
| |||||||||
[EN] | (7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin: | ||||||||
[EN] | (9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— | ||||||||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus | ||||||||
[EN] | arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus | ||||||||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin: | ||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | ||||||||
[EN] | (a) trí “1978-79” a chur in ionad “1977-78” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) i bhfo-alt (3), | ||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )— | ||||||||
[EN] | “(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1978, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála don tréimhse chuntasaíochta sin: | ||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||||||||
[EN] | A-C | ||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||
[EN] | arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a ioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, agus | ||||||||
[EN] | arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an fho-ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.”, | ||||||||
[EN] | (c) trí “1978” a chur in ionad “1977” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus | ||||||||
[EN] | (d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )— | ||||||||
[EN] | “(7A) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1978-79 le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, beidh feidhm ag forálacha míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (7) mar atá feidhm acu i gcás éifeacht don bhliain 1977-78 a bheith le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo ach sin fara na modhnuithe— | ||||||||
[EN] | (a) go bhforléireofar an tagairt do 1978-79 mar thagairt do 1979-80, | ||||||||
[EN] | (b) go bhforléireofar an tagairt do 1977 mar thagairt do 1978, | ||||||||
[EN] | (c) go bhforléireofar an tagairt do 1976-77 mar thagairt do 1977-78, agus | ||||||||
[EN] | (d) go bhforléireofar an tagairt do 1977-78 mar thagairt do 1978-79.”, | ||||||||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||
| |||||||||
[EN] |
Creidmheas cánach i leith dáiltí. |
28. —(1) I ndáil le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a shonraítear i bhfo-alt (2) ionann is dá mba 30 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1978-79 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin. | |||||||
[EN] | (2) Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1): | ||||||||
[EN] | (a) ailt 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2), 167 (2) agus 178, | ||||||||
[EN] | (b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 66 (3) (b), an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”. | ||||||||
[EN] | (c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “an ráta caighdeánach faoin gcéad” gach áit a bhfuil sí, agus | ||||||||
[EN] | (d) in alt 79 (6), an míniú ar A i mír (b). | ||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí na focail ó “ach beidh an tsriantacht” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “ach ní mó méid an chreidmheasa cánach a fhéadfar a fhritháireamh amhlaidh ná méid a chinnfear de réir na foirmle | ||||||||
| |||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||
[EN] | arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna ghnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus | ||||||||
[EN] | arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3).”, | ||||||||
[EN] | agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||
| |||||||||
| |||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||
[EN] | arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna gnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus | ||||||||
[EN] | arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3). | ||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 64 (3) (c) (ii) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis: | ||||||||
[EN] | “Ar choinníoll nach mó an creidmheas cánach i leith dáileadh lena mbaineann fomhír (i) ná an méid arbh é méid an chreidmheasa cánach é i leith an dáilte dá ndéanfaí an creidmheas cánach sin a chinneadh de réir forálacha alt 88 (2).”. | ||||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “a mbeidh an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle | ||||||||
| |||||||||
| |||||||||
[EN] | agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||
| |||||||||
| |||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||
[EN] | arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh, agus | ||||||||
[EN] | arb é D an méid a bheidh de bhreis ag luach iomlán na sócmhainní a dáileadh ar na comhaltaí nó ar na dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh ar mhéid scairchaipiteal láníoctha na cuideachta. | ||||||||
[EN] | (6) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “mheasúnachta ina n-íoctar an díbhinn” a chur in ionad “1976-77” sa mhíniú ar A agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||
| |||||||||
[EN] | (7) (a) Baineann an fo-alt seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, agus a mbaineann alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis. | ||||||||
[EN] | (b) Déanfar an tagairt do chreidmheasaí cánach áirithe sa mhíniú ar B i bhfo-alt (2) den alt sin 64 a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí lena mbaineann an t-alt sin 64 agus— | ||||||||
[EN] | (i) a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo, agus | ||||||||
[EN] | (ii) a rinneadh roimh an dáta réamhráite, mar thagairt do thríocha a naoi de dhaichead naoithe de na creidmheasaí cánach sin. |