An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Báis)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

CUID III

Dleachtanna Stampa

Conarthaí áirithe chun díol leasanna léasacha a bheith le muirearú mar thíolacais díola.

31. —(1) Muirearófar ar chonradh nó ar chomhaontú chun aon leas léasach in aon mhaoin dhochorraithe a dhíol—

(a) má ghlacann an ceannaitheoir seilbh ar an maoin sula mbeidh aistriú an leasa sin, agus é stampáilte go cuí, faighte aige, agus

(b) mura mbeidh aistriú an leasa sin a dhéanfar de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe stampáilte go cuí laistigh den tréimhse 9 mí ó dháta an chonartha nó an chomhaontaithe a fhorghníomhú den chéad uair nó de cibé tréimhse is faide ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn, is tréimhse a mheasfaidh siad a bheith réasúnach in imthosca uile an cháis,

an dleacht stampa ad valorem céanna, a bheidh le híoc ag an gceannaitheoir, a mhuirearófaí dá mba aistriú de dhroim díola é ar an leas léasach a conraíodh nó a comhaontaíodh a dhíol, agus i gcás an dleacht stampa ad valorem a muirearaíodh ar an gconradh nó ar an gcomhaontú a bheith íoctha go cuí de réir an fho-ailt seo—

(i) ní bheidh aon dleacht inmhuirearaithe ar aistriú an leasa léasaigh a dúradh a rinneadh de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe,

(ii) sonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, má iarrtar orthu é, gur íocadh an dleacht sin ar an aistriú, nó aistreoidh siad chuige é ar an gconradh nó ar an gcomhaontú, stampáilte go cuí, a thabhairt ar aird, agus

(iii) tabharfar an dleacht sin ar ais má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil an conradh nó an comhaontú cealaithe nó neamhnithe.

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 74 (dleacht stampa ar bhronntanais inter vivos) den Finance (1909-10) Act, 1910.

32. —(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “and it is shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners that the conveyance or transfer is for the benefit of a party to the marriage or of a party to and issue of the marriage” a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh “except where marriage is the consideration” agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

AN TABLA

(5) Any conveyance or transfer (not being a disposition made in favour of a purchaser or incumbrancer or other person in good faith and for valuable consideration) shall, for the purposes of this section, be deemed to be a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos, and (except where marriage is the consideration and it is shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners that the conveyance or transfer is for the benefit of a party to the marriage or of a party to and issue of the marriage) the consideration for any conveyance or transfer shall not for this purpose be deemed to be valuable consideration where the Commissioners are of opinion that by reason of the inadequacy of the sum paid as consideration or other circumstances the conveyance or transfer confers a substantial benefit on the person to whom the property is conveyed or transferred.

Ordú a chúlghairm.

33. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 228) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Airithe), 1977, maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Dleacht stampa ar thíolacais agus aistrithe áirithe.

34. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon ionstraim trína ndéantar maoin a thíolacadh nó a aistriú chuig aon duine in oirchill an mhaoin sin a dhíol déileálfar léi chun críocha an Stamp Act, 1891, mar thíolacas nó mar aistriú de dhroim an mhaoin sin a dhíol ar chomaoin ar cóimhéid le luach na maoine sin.

(2) Más rud é, ar éileamh a dhéanfar chun na gCoimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis ionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh nó a fheidhmiú, go suífear chun a sástachta—

(a) nár tharla an díol ar ina oirchill a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim, agus go ndearnadh an mhaoin a atíolacadh nó a athaistriú chuig an duine ónar tíolacadh nó ónar aistríodh í nó chuig duine ar aistríodh a chearta chuige de dhroim báis nó féimheachta, nó

(b) gur tharla an díol ar chomaoin is lú ná an luach ar ina leith a íocadh an dleacht ar an ionstraim de bhua an ailt seo,

aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht a íocadh de bhua an ailt seo, i gcás faoi réim mhír (a) den fho-alt seo, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha ar leith ón alt seo agus, i gcás faoi réim mhír (b) den fho-alt seo, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha dá mbeadh an ionstraim stampáilte de réir fho-alt (1) den alt seo maidir le luach ar cóimhéid leis an gcomaoin a bheidh i gceist:

Ar choinníoll, maidir le cás faoi réim mhír (b), nach mbeidh dleacht inaisíoctha más dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gurb amhlaidh do na himthosca go mbeadh tíolacas nó aistriú de dhroim an díola áirithe inchurtha faoi dhleacht faoi alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, de bhua fho-alt (5) den alt sin (tíolacais agus aistrithe de dhroim díola is inmhuirearaithe mar dhiúscairtí saorálacha más ar chomaoin neamhleor iad).

(3) Ní mheasfar aon ionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir fho-alt (1) den alt seo a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh iarrtha ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim ina leith a chur in iúl faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh a dtuairim ina leith curtha in iúl de réir an ailt sin.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh ionstraim maoin eile a thíolacadh nó a aistriú i dteannta na maoine ar in oirchill a díola a rinneadh nó a forghníomhaíodh í, ach ní dhéanfaidh na forálacha sin difear don dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim i leith na maoine eile sin.

(5) Chun críocha an ailt sin 74 agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar luach maoin a thíolacfar nó a aistreofar le hionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir cheachtar de na forálacha sin a chinneadh ar neamhaird—

(a) le haon chumhacht (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí san ionstraim) a bhféadfar, ar í a fheidhmiú, an mhaoin, nó aon chuid den mhaoin nó aon leas inti, a athdhílsiú don duine ónar tíolacadh nó ónar aistríodh í nó d'aon duine thar a cheann, nó

(b) le haon bhlianacht a forchoimeádadh as an maoin nó as aon chuid den mhaoin nó aon leas saoil nó leas eile a forchoimeádadh amhlaidh, ar leas é atá faoi réir a fhorghéillte,

ach más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis an ionstraim a dhéanamh nó a fhorghníomhú, go suífear chun a sástachta go ndearnadh aon chumhacht den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú i ndáil leis an maoin agus go ndearnadh an mhaoin nó aon mhaoin in ionannas léi a atíolacadh nó a athaistriú go hiomlán nó go páirteach de dhroim an fheidhmithe sin, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht stampa a íocadh de bhua an fho-ailt seo i gcás inar atíolacadh nó inar athaistríodh iomlán na maoine sin, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha ar leith ón bhfo-alt seo, agus, in aon chás eile, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha dá mba rud é nár oibrigh an ionstraim ach chun cibé maoin nár atíolacadh nó nár athaistríodh amhlaidh a thíolacadh nó a aistriú.

Cealú na dleachta stampa ar chonarthaí chun foirgnimh oifige a fhoirgniú agus leasú ar alt 65 den Acht Airgeadais, 1973 , agus ar alt 47 den Acht Airgeadais, 1977 .

35. —(1) Ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag alt 50 (a fhorchuireann dleacht stampa ar chonarthaí chun foirgnimh a bheartaítear a úsáid mar oifigí a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú) den Acht Airgeadais, 1969 , i ndáil le conarthaí arna ndéanamh an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, lena mbaineann fo-alt (1) den alt sin.

(2) Beidh éifeacht, agus measfar go raibh éifeacht riamh, le halt 65 den Acht Airgeadais, 1973 , ionann is dá mba thagairt d'alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 , an tagaint d'alt 50 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , agus gur thagairt do “deich faoin gcéad” gach áit a bhfuil sí an tagairt do “deich faoin gcéad.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 47 den Acht Airgeadais, 1977 , trí “an 31ú lá de Nollaig, 1979” a chur in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1978” gach áit a bhfuil sé.