An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID V Cáin Rachmais)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

CUID IV

Dleachtanna Báis

Dliteanas ceannaitheoirí agus morgáistithe a theorannú.

36. —Ní fhanfaidh maoin réadach agus maoin léasach, amhail i gcoinne ceannaitheora ar chomaoin luachmhar nó morgáistí, faoi mhuirear aon suime ná faoi dhliteanas aon suim a íoc i leith dleachtanna báis tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tharla an teagmhas ba bhun le héileamh láithreach ar dhleacht in aon chás a ndearnadh an ceannach nó ar bunaíodh an morgáiste an lú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

Faoiseamh maidir le dleacht eastáit i gcásanna áirithe.

37. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “éagach” duine a d'éag an lú lá d'Aibreán, 1972, nó aon lá dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1975;

ciallaíonn “saor-eastát”, i ndáil le héagach, eastát réadach agus eastát pearsanta an éagaigh a chineachaigh chun a ionadaí pearsanta agus a dílsíodh dá ionadaí pearsanta agus a raibh teideal ag an éagach ina leith go feadh eastát nó leas nach scoireann ar a bhás, ach ní fholaíonn sé maoin ar fheidhmigh sé cumhacht cheapacháin ina leith le huacht;

ciallaíonn “infheistíochtaí” stoic, scaireanna nó urrúis a bhí, ar dháta bhás an éagaigh, luaite ar stocmhargadh agus sealbháin aonad (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonaid, 1972) i scéim iontaobhais aonad (de réir brí an Achta sin) ar foilsíodh a bpraghsanna go rialta agus folaíonn sé aon infheistíochtaí den sórt sin d'ainneoin gur tharla, i rith na tréimhse idir dáta an bháis sin agus an dáta nó na dátaí ar díoladh na hinfheistíochtaí, athruithe ar chineál na n-infheistíochtaí de bhíthin amháin idirbhearta a rinne an chuideachta iomchuí nó a scairshealbhóirí, nó bainisteoir nó iontaobhaí faoin scéim iomchuí, nó sealbhóirí aonad inti;

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an duine is seiceadóir nó riarthóir éagaigh de thuras na huaire;

ciallaíonn “iarmhar” an chuid sin den eastát pearsanta a bhí ar cuimsiú i saor-eastát an éagaigh agus a ndlitear di an dleacht eastáit a íoc is inmhuirearaithe ar an saor-eastát i ndáil le bás an éagaigh.

(2) I gcás éileamh a dhéanamh go cuí, i ndáil le saor-eastát éagaigh, ar fhaoiseamh faoin alt seo, más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) go ndearnadh infheistíochtaí, a bhí in ainm an éagaigh go heisiatach ar dháta a bháis agus a bhí ar cuimsiú in iarmhar a shaor-eastáit, a dhíol ar lánchomaoin in airgead nó i luach airgid laistigh de 18 mí ón dáta sin chun soláthar a dhéanamh le dleacht eastáit a íoc ab iníoctha go cuí i ndáil leis an mbás sin i leith an tsaor-eastáit sin, agus

(b) nach raibh aon mhaoin, seachas infheistíochtaí, ar fáil chun soláthar a dhéanamh leis an dleacht sin a íoc,

ansin, chun críocha—

(i) méid an dleachta eastáit is iníoctha i leith an tsaoreastáit sin a mheasúnú agus a íoc, agus

(ii) aon lamháltas in aghaidh dleachta eastáit faoi chomhair dleacht is iníoctha lasmuigh den Stát i leith an tsaor-eastáit sin,

cuirfidh siad in ionad méid luach príomhshuime na n-infheistíochtaí sin an méid a fuarthas as iad a dhíol:

Ar choinníoll gurb é an luach príomhshuime i gcónaí, chun gach críche eile dleachtanna báis, luach na maoine go léir (lena n-áirítear infheistíochtaí) a d'aistrigh nó a mheastar a d'aistrigh ar bhás an éagaigh:

Ar choinníoll freisin nach mó aon laghdú ar an méid dleachta eastáit is iníoctha i leith an tsaor-eastáit réamhráite de bhua an ailt seo ná an méid dleachta eastáit a íocadh i leith an tsaor-eastáit agus, chun críche an choinníll seo, measfar aon chuid den méid sin a íocadh trí stoc nó urrúis a aistriú go dtí cuntas de chuid an Aire Airgeadais a bheith ar cóimhéid le luach iarbhír, agus ní le haghaidhluach ainmniúl, an stoic sin nó na n-urrús sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar an méid a gheofar as infheistíochtaí a dhíol a laghdú méid aon chaiteachas, ar mhodh coimisiúin nó ar mhodh eile, a ghabhfaidh leis an díol ach cuirfear i gcuntas ann caiteachais, más ann, a thabhaigh an t-ionadaí pearsanta áirithe i ndáil le hidirbhearta dá dtagraítear sa mhíniú ar “infheistíochtaí”.

(4) Is i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta áirithe éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht eastáit faoin alt seo agus déanfar é tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1978.