An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Báis) Ar Aghaidh (CUID VI Cáin Fháltas Caipitiúil)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

CUID V

Cáin Rachmais

Cáin rachmais a chealú agus leasú ar ailt 18 agus 22 (ús ar cháin) den Acht Cánach Rachmais, 1975 .

38. —(1) Ní dhéanfar cáin rachmais a mhuirearú, a thobhach ná a íoc faoi fhorálacha an Achta faoi threoir aon dáta luachála a thitfidh an 5ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

(2) Ní fhanfaidh maoin réadach, de réir brí an Achta, amhail i gcoinne ceannaitheora bona fide ar lánchomaoin in airgead nó i luach airgid nó morgáistí, faoi mhuirear ná faoi dhliteanas cáin rachmais a íoc in aon chás a ndearnadh an ceannach nó a bunaíodh an morgáiste an 5ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

(3) Beidh éifeacht le hailt 18 agus 22 den Acht, ina bhfeidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, ionann is dá gcuirfí “1.25 faoin gcéad” in ionad “1.5 faoin gcéad”.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Cánach Rachmais, 1975 ;

tá le “dáta luachála” an bhrí a shanntar dó leis an Acht.