|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978) | Ar Aghaidh (CUID II Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an tAcht seo, ach amháin alt 15, agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, a fhorléiriú mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978. | |
[EN] | (3) Déanfar alt 15 agus na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976, a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952; | |
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh. | |
[EN] | (2) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
I osach feidhme. |
3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, go ginearálta nó faoi threoir aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta eagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha eagsúla den Acht seo, nó le haghaidh na forála céanna i ndáil le cásanna éagsúla nó le haicmí éagsúla cásanna. |