An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Achtacháin Eile a Aisghairm nó a Leasú)

25 1978

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978

CUID II

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978

Leasú ar alt 2 (1) d'Acht 1952.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘tuillimh ináirithe’, faoi réir rialachán, tuillimh ó fhostaíocht inárachaithe nó ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde);”.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “bliain sochair”, “seachtain ranníoca” agus “bliain ranníoca”:

“ciallaíonn ‘bliain sochair ‘an tréimhse dar tosach an chéad Luan i mbliain áirithe agus dar críoch an Domhnach díreach roimh an gcéad Luan an bhliain dar gcionn;

ciallaíonn ‘seachtain ranníoca ‘ceann de na tréimhsí comhleanúnacha seacht lá as a chéile i mbliain ranníoca dar tosach an chéad lá den bhliain ranníoca sin, nó aon seachtú lá tar éis an lae sin, á ghlacadh go n-áirítear an lá deiridh de bhliain ranníoca (nó an dá lá dheiridh de bhliain ranníoca a chríochnaíonn i mbliain bhisigh) sa tseachtain ranníoca deiridh den bhliain ranníoca sin:

ciallaíonn ‘bliain ranníoca ‘bliain mheasúnachta de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim;”.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

5. —(1) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad alt 6 (1) d'Acht 1952:

“(1) (a) Déanfaidh ranníocóirí fostaithe agus a bhfostóirí ranníocaí fostaíochta a íoc de réir an ailt seo.

(b) Faoi réir míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, fho-alt (10) den alt seo agus rialacháin faoi alt 12 den Acht seo, i gcás a ndéanfar íocaíocht aon bhliain ranníoca le ranníocóir fostaithe nó chun sochair do ranníocóir fostaithe maidir le tuillimh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh ranníoc fostaíochta le híoc arb é a bheidh ann—

(i) ranníoc ón ranníocóir fostaithe de réir 3.2 faoin gcéad agus

(ii) ranníoc óna fhostóir de réir 7.5 faoin gcéad

de mhéid na dtuilleamh ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.

(c) I gcás a raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £5,000 de thuillimh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) den fho-alt seo i leith na dtuilleamh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin le híoc i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.

(d) I gcás ranníocóir fostaithe a bheith fostaithe, i mbliain ranníoca áirithe, ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth (mar a mhínítear i rialacháin faoi alt 11 den Acht seo (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 )), beidh feidhm, i ndáil le ranníocaí faoi mhír (b) (ii) den fho-alt seo, ag forálacha mhír (c) den fho-alt seo maidir leis na tuillimh ináirithe ó gach ceann de na fostaíochtaí ar leithligh.”.

(2) Sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980, forléireofar mír (b) d'alt 6 (1) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an Acht seo) ionann is dá gcuirfí rátaí 3.4 faoin gcéad agus 7.8 faoin gcéad, faoi seach, in ionad na rátaí a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) den mhír sin.

(3) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad alt 6 (2) d'Acht 1952:

“(2) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, beidh ranníoc saorálach iníoctha ag ranníocóir saorálach atá faoi bhun aoise inphinsin gach bliain ranníoca cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire—

(i) de réir ráta faoin gcéad de mhéid ioncam ináirithe an ranníocóra an bhliain ranníoca roimhe sin, nó

(ii) i gcás nach raibh aon ioncam den sórt sin ann nó nár mhó an t-ioncam sin ná cibé méid a fhorordófar, de réir ráta faoin gcéad de cibé méid a fhorordóidh an tAire amhlaidh.

(b) Is éard é ráta faoin gcéad chun críche mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 1.7 faoin gcéad,

(ii) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 4.4 faoin gcéad, agus

(iii) i gcás duine lenar bhain alt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1975, agus a leanann, de bhua alt 17 (2) den Acht sin, de bheith ina ranníocóir saorálach, 2.7 faoin gcéad.

(c) Ní bheidh ranníoc faoi mhír (a) den fho-alt seo iníoctha i leith ioncaim ináirithe in aon bhliain ranníoca is mó ná an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo, ciallaíonn ‘ioncam ináirithe’ faoi réir rialachán, ioncam ó aon fhostaíocht, lena n-áirítear aon trádáil, gnó, gairm, oifig nó slí bheatha.”.

(4) Déanfar gach ráta a shonraítear in alt 6 (1) (b) agus 6 (2) (b) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an alt seo) agus i bhfo-alt (2) agus an tsuim a shonraítear in alt 6 (1) (c) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an alt seo) a dhaingniú nó a athrú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire roimh thosach feidhme fho-ailt (1) go (3).

(5) Aisghairtear leis seo alt 6 (4) d'Acht 1952 agus cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

“(4)  (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo a athrú agus glacfaidh an tsuim a athrófar amhlaidh éifeacht ó thús na bliana ranníoca tar éis na bliana ina ndéanfar na rialacháin.

(b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe ar mheán-tuillimh oibrithe sna tionscail earraí iniompair mar a bheidh sin taifeadta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo a chinneadh go deireanach ina leith.

(c) I gcás a mbeartaítear rialacháin faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.”.

(6) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad alt 6 (10) d'Acht 1952:

“(10) Ní bheidh an ranníoc fostaíochta is iníochta ag an ranníocóir fostaithe faoi fho-alt (1) (b) (i) den alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 12 den Acht seo iníochta i gcás ranníocóir fostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas—

(a) pinsean baintrí (ranníocach),

(b) pinsean baintrí (neamhranníocach),

(c) sochar banchéile thréigthe,

(d) liúntas banchéile thréigthe,

(e) sochar báis i modh pinsin bhaintrí faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ,

(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 ,

(g) íocaíocht ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) den fho-alt seo ó údarás inniúil Ballstát (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlaigh a ghluaiseann laistigh de chríoch an Chomhphobail.”.

Rialacháin a bhaineann le ranníocaí agus aisghairmeacha iarmhartacha.

6. —(1) Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 d'Acht 1952:

“8.—(1) Féadfaidh rialacháin socrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an t-am agus an modh chun ranníocaí fostaíochta a íoc,

(b) ranníocaí fostaíochta a bhailiú agus a ghnóthú, agus fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le ranníocaí fostaíochta,

(c) ús a mhuirearú ar riaráistí ranníocaí fostaíochta.

(d) na méideanna a mheas a bheidh dlite i leith ranníocaí fostaíochta agus achomhairc i ndáil leis na meastacháin sin,

(e) fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le tréimhsí fostaíochta inárachaithe.

(f) fostóir do bhaint as tuillimh ináirithe ranníocóra fhostaithe aon ranníoc fostaíochta a gcreideann an fostóir le réasún go bhfuil sé dlite den ranníocóir, agus coigeartú in aon chás ró-asbhainte.

(g) aon ní a bhaineann nó a ghabhann le haon ní dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt sin socrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear san fho-alt sin a shannadh don Ard-Bhailitheoir,

(b) aon fheidhm a thugtar don Aire le halt 53 den Acht seo a shannadh don Ard-Bhailitheoir agus aon fhoráil de chuid an ailt sin a mhodhnú chun na críche sin.

(c) taifid a fhorordaítear faoi alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , a iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann.

(d) ranníocaí a íocadh tar éis na ndátaí dlite a áireamh, chun críche aon chirt chun sochair, mar ranníocaí a íocadh ar na dátaí sin nó ar cibé dátaí is déanaí ná sin a bheidh forordaithe, nó mar ranníocaí nár íocadh, agus

(e) ranníocaí fostaíochta is iníochta ag fostóir i leith duine árachaithe ach nár íocadh a áireamh, chun críche aon chirt chun sochair, mar ranníocaí a íocadh, i gcás ina suífear nach le toiliú ná le cúlcheadú an duine árachaithe a mainníodh na ranníocaí sin a íoc ná nárbh fhaillí ar thaobh an duine árachaithe ba chúis leis an mainneachtain.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní in aon rialacháin faoin alt seo difear do dhliteanas an fhostóra faoi fho-alt (5) d'alt 6 den Acht seo ranníocaí fostaíochta a íoc.

(4) (a) Beidh ag forálacha aon achtacháin, rialacháin nó rialach cúirte a bhaineann le taifid a iniúchadh, le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú nó le fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le cáin ioncaim, nó a bhaineann le hachomhairc i ndáil le cáin ioncaim, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil le ranníocaí fostaíochta atá de dhualgas ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim.

(b) In imeachtaí a thionscnófar faoin bhfo-alt seo, beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir agus a dheimhníonn go bhfuil suim a luafar dlite agus iníoctha ag an gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus nuair a thabharfar i bhfianaise é measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe aige.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh ag rialacha na cúirte áirithe is infheidhme de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta feidhm maidir le himeachtaí de bhua an fho-ailt seo.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘an tArd-Bhailitheoir’ an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 3 (4) (b) (a bhaineann le táillí áirithe) agus alt 10 (a dhéanann socrú le stampaí árachais a eisiúint) d'Acht 1952.

Rialacháin maidir le dliteanas i leith ranníocaí.

7. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 11 d'Acht 1952:

“11.—Féadfaidh rialacháin—

(a) foráil a dhéanamh do chinneadh dliteanais chun ranníocaí fostaíochta a íoc i gcás duine a oibríonn faoi rialú nó faoi bhainistí ghinearálta duine nach é a neasfhostóir é, agus

(b) na dálaí a chinneadh ina measfar, chun críocha alt 6 (1) (d) den Acht seo, duine a bheith fostaithe ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth.”.

Leasú ar alt 37 d'Acht 1952.

8. —Leasaítear leis seo alt 37 d'Acht 1952, a bhaineann le ranníocóirí saorálacha, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ach faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní bheidh teideal ag ranníocóir saorálach chun sochair mhíchumais, sochair dhífhostaíochta, sochair mháithreachais, pinsin easláine ná sochair chóireála agus, más de réir an ráta faoin gcéad a fhorordaítear de thuras na huaire faoi alt 6 (2) (b) (i) den Acht seo (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) atá aon ranníocaí saorálacha a íocann sé, déanfar neamhshuim díobh nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca do phinsean seanaoise (ranníocach), do phinsean scoir nó do dheontas báis comhlíonta.”.

Leasú ar alt 39 d'Acht 1952.

9. —Leasaítear leis seo alt 39 d'Act 1952 (a bhaineann leis an gCiste Arachais Shóisialaigh) tríd an gcoinníoll a cuireadh isteach le halt 14 (4) den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 , a scriosadh.

Na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt faisnéise áirithe don Aire.

10. —A mhéid is gá chun na hAchtanna a riaradh go cuí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis i dtaobh fostóirí agus i dtaobh fostaíocht agus tuillimh ináirithe daoine árachaithe a fhaigheann siad i ndáil le bailiú cánach ioncaim a thabhairt don Aire.

Rialacháin chun tuillimh ináirithe, ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha a ríomh.

11. —(1) Chun críocha na nAchtanna, féadfar tuillimh ináirithe a ríomh nó a mheas, do dhuine nó d'aicme daoine, ar cibé modh, faoi threoir cibé nithe agus ar cibé bonn a fhorordófar.

(2) Féadfaidh rialacháin socrú a dhéanamh chun na méideanna a ríomh is iníochta i leith ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha de réir scálaí forordaithe, agus chun coigeartuithe a dhéanamh ar na méideanna sin chun an ríomh a éascú agus chun codáin de phingin nua sna méideanna sin a sheachaint.

Rialacháin á cheangal ar fhostóirí taifid a choimeád.

12. —(1) Chun críocha na nAchtanna, féadfaidh rialacháin a cheangal ar fhostóirí cibé taifid a choimeád a fhorordófar i ndáil le tuillimh daoine a fhostaíonn siad agus leis na tréimhsí a raibh na daoine ar fostú lena linn, agus na taifid sin a choimeád go ceann tréimhsí forordaithe.

(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar do chigire faoi alt 49 d'Acht 1952 a fheidhmiú i ndáil le taifid dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Forléiriú ar thagairtí áirithe do ranníocaí áirithe sna hAchtanna.

13. —(1) Déanfar gach tagairt in ailt 4 (2) agus 16 d'Acht 1952 agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin d'uimhir ranníocaí fostaíochta a íocadh a fhorléiriú mar thagairt don uimhir sin de sheachtainí ranníoca ar íocadh an ranníoc (nó na ranníocaí) fostaíochta iomchuí ina leith nó a n-íocfaí an céanna ina leith mura mbeadh alt 6 (1) (c) den Acht sin (a chuirtear isteach leis an Acht seo).

(2) Déanfar gach tagairt in ailt 28, 28A, 28B, agus 28C d'Acht 1952 agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin d'uimhir ranníocaí a íocadh nó a creidiúnaíodh a fhorléiriú mar thagairt don uimhir sin de sheachtainí ranníoca ar íocadh nó ar creidiúnaíodh an ranníoc (nó na ranníocaí) fostaíochta iomchuí ina leith nó a n-íocfaí an céanna ina leith mura mbeadh alt 6 (1) (c) den Acht sin (a chuirtear isteach leis an Acht seo) nó ar íocadh ranníocaí saorálacha iomchuí ina leith.

(3) Chun críocha fho-alt (2), measfar, maidir le ranníoc saorálach a íocadh faoi alt 6 (2) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an Acht seo), i gcás ar le bliain ranníoca iomlán a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é in aghaidh gach seachtain ranníoca sa bhliain ranníoca sin nó, i gcás ar le tréimhse is giorra ná sin a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é i leith gach seachtain ranníoca sa tréimhse sin.

(4) Déanfar gach tagairt in ailt 5 (3) agus 5 (4) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , d'uimhir ranníocaí fostaíochta a íocadh a fhorléiriú mar thagairt don uimhir sin de sheachtainí ranníoca ar íocadh an ranníoc (nó na ranníocaí) fostaíochta iomchuí ina leith nó a n-íocfaí an céanna ina leith mura mbeadh alt 6 (1) (c) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an Acht seo).

An Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a aisghairm agus leasuithe iarmhartacha ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

14. —(1) Aisghairtear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a shonraíonn rátaí ranníoca fostaíochta.

(2) Leasaítear leis seo mír 1 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 ) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail ó “ach” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

(3) Leasaítear leis seo mír 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail ó “ach” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

(4) Leasaítear leis seo mír 7 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 , arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 ) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail ó “D'fhonn a chinneadh” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

(5) Leasaítear leis seo mír 8 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 ) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail ó “Déanfar neamhshuim” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

(6) Leasaítear leis seo mír 9 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 , arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974 ) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail ó “D'fhonn a chinneadh” go dtí deireadh na míre a scriosadh.