|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978) | Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Ilghnéitheacha) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Achtacháin Eile a Aisghairm nó a Leasú | |
[EN] |
Forálacha áirithe den Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, a aisghairm. |
15. —Aisghairtear leis seo alt 30 (2) (arna leasú le Cuid III den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952), alt 30 (4) (a cuireadh isteach leis an gCuid sin den Sceideal sin) agus alt 43 (4) (arna leasú leis an gCuid sin den Sceideal sin) den Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, a bhaineann le fostóirí do shealbhú cártaí árachais reatha a eisíodh faoi na hAchtanna. |
[EN] |
Leasú ar alt 36 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 . |
16. —(1) Cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad ailt 36 (2) agus 36 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , a bhaineann le ranníocaí fostaíochta: |
[EN] | “(2) (a) I ndáil le ranníocóir fostaithe nár ranníocóir fostaithe mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (i) i gcás é a bheith faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh aon ranníocaí fostaíochta iníoctha, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile (lena n-áirítear cás ina mbeidh sé os cionn aoise inphinsin) ina ndéantar, in aon bhliain ranníoca, íocaíocht leis an ranníocóir nó chun sochar don ranníocóir i leith tuillimh ináirithe an ranníocóra sin, is é a bheidh sa ranníoc fostaíochta ranníoc fostóra, agus sin amháin, de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid tuillimh ináirithe an ranníocóra lena mbaineann an íocaíocht sin; | |
[EN] | (b) I ndáil le ranníocóir fostaithe is ranníocóir fostaithe de bhua alt 4 den Phríomh-Acht agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag a fhostóir faoi alt 6 (1) (b) (ii) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) a mhéadú méid arna ríomh de réir ráta 0.45 faoin gcéad de mhéid na dtuilleamh ináirithe ar faoina dtreoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi alt 6 (1) (b) (ii) den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (3) Bainfidh forálacha ailt 6 (1) (c) agus 6 (1) (d) den Phríomh-Acht le ranníocaí faoi fho-alt (2) den alt seo mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 6 (1) (b) den Acht sin.”. | |
[EN] | (2) Déanfar an ráta a shonraítear in alt 36 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 (a chuirtear isteach leis an alt seo) a dhaingniú nó a athrú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire roimh thosach feidhme fho-alt (1). | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 36 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 — | |
[EN] | (a) trí “mhír (a) (ii)” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “mhír (b)”, agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (6) a scriosadh. | |
[EN] |
Tagairtí do ranníocaí fostaíochta san Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , a fhorléiriú. |
17. —In alt 16 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 — |
[EN] | (a) déanfar an tagairt do rátaí ranníocaí fostaíochta a shonraítear i míreanna sonraithe den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a fhorléiriú mar thagairt do na rátaí ranníocaí fostaíochta iomchuí is iníoctha faoi alt 6 (1) den Acht sin (a chuirtear isteach leis an Acht seo), agus | |
[EN] | (b) déanfar na tagairtí do mhéid an ráta sheachtainiúil iomchuí a fhorléiriú mar thagairtí don ráta. | |
[EN] |
Forálacha áirithe den Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973, a leasú nó a aisghairm. |
18. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 . |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 1 (1) d'Acht 1973 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tuillimh ináirimh”; | |
[EN] | “ciallaíonn ‘tuillimh ináirimh’, faoi réir rialacháin faoin Acht seo, tuillimh ó fhostaíocht inárachaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith de réir alt 6 (1) d'Acht 1952 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ).”. | |
[EN] | (3) (a) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1973 trí “ranníocaí páchoibhneasa agus” a scriosadh. | |
[EN] | (b) Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1973 trí “agus ranníocaí pá-choibhneasa” a scriosadh. | |
[EN] | (4) Aisghairtear leis seo ailt 5 agus 6 d'Acht 1973. |