An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Achtacháin Eile a Aisghairm nó a Leasú)

25 1978

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1978

CUID IV

Forálacha Ilghnéitheacha

Ceadú an Aire Airgeadais riachtanach do rialacháin áirithe.

19. —Beidh na rialacháin seo a leanas faoi réir cheadú an Aire Airgeadais—

(a) rialacháin dá dtagraítear sa mhíniú ar “tuillimh ináirithe” in alt 2 (1) d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an Acht seo),

(b) rialacháin faoi alt 6 (2), 6 (4), 8 nó 11 d'Acht 1952 (a chuirtear isteach leis an Acht seo),

(c) rialacháin faoi alt 5 (4), 11, 12, 16 (2) nó 20.

Rialacháin á áirithiú go leanfaidh an tAcht i bhfeidhm maille le forálacha a aisghairtear, a leasaítear, etc.

20. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm maille le haon fhoráil a aisghairtear nó a leasaítear leis an Acht seo nó ar dhóigh eile chun cearta a thugtar faoi réim nó de bhua aon cheann de na forálacha sin a chaomhnú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh faoin dóigh a ndéanfar ranníocaí a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith aon tréimhse roimh thosach feidhme aon fhorála de chuid an Achta seo a chur i gcuntas d'fhonn teideal chun aon sochair faoi na hAchtanna tar éis an tosach feidhme sin a chinneadh.

Deireadh a chur le deacrachtaí.

21. —(1) Má tharlaíonn aon deacracht ar aon dóigh ag riaradh nó ag oibriú an Achta seo, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, le hordú, aon ní eile a dhéanamh is dealraitheach a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid is dealraitheach sin a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an t-ordú a thabhairt in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an ailt seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

An tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942

1942, Uimh. 7

Na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960

1960, Uimh. 25

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970

1970, Uimh. 12

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974

1974, Uimh. 31

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975

1975, Uimh. 1

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967

1967, Uimh. 18

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 31

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973

1973, Uimh. 2