|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979) | Ar Aghaidh (Cuid II Údarás na Gaeltachta) |
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979
[EN] | ||
[EN] |
Cuid I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | ciallaíonn “an Ghaeltacht” na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , gur limistéir Ghaeltachta iad; | |
[EN] | ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfar ina lá ceaptha chun críocha Chuid II den Acht seo le hordú ón Aire; | |
[EN] | tá le “an tÚdarás” an bhrí a shonraítear in alt 6 (1); | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 . | |
[EN] | (2) Tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin. | |
[EN] | (3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Tosach feidhme. |
3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla. |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977. |
[EN] |
Caiteachais. |
5. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |