|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Cuid I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (Cuid III Forálacha Airgeadais) |
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979
[EN] | ||
[EN] |
Cuid II Údarás na Gaeltachta | |
[EN] |
Údarás na Gaeltachta a bhunú. |
6. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá ceaptha, comhlacht ar a dtabharfar Údarás na Gaeltachta (agus dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Trí chomhalta dhéag a bheidh ar an Údarás, ar daoine a cheapfaidh an tAire an cathaoirleach agus cúigear comhalta eile díobh agus ar daoine a thoghfar de réir Chuid IV den Acht seo an seachtar comhalta eile díobh. | |
[EN] | (3) Baineann an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an Údarás. | |
[EN] |
Gaeltarra Éireann a dhíscaoileadh. |
7. —(1) Ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach beidh Gaeltarra Éireann arna dhíscaoileadh de bhua an ailt seo agus déanfar na cearta agus na dliteanais a tugadh do Ghaeltarra Éireann nó a forchuireadh air leis na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, agus na dualgais agus na dliteanais a forchuireadh air de dhroim a ainmnithe mar eagraíocht cheadaithe faoi alt 4 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 , a aistriú de bhua an ailt seo chun an Údaráis. |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an díscaoileadh a dhéantar leis an alt seo. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Údaráis. |
8. —(1) Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, na tionscail agus na scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bheidh á seoladh, á rialú nó á mbainistí, go díreach nó go hindíreach, ag Gaeltarra Éireann díreach roimh an lá ceaptha a sheoladh, a rialú agus a bhainistí (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis). | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, cibé tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta is oiriúnach leis seachas na cinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar, a sheoladh, a rialú agus a bhainistí sa Ghaeltacht (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis). | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, aon tionscal nó aon scéim tháirgiúil fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) a leathnú agus a fhorbairt. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, scor, i gcoitinne nó in aon áit nó ceantar áirithe, d'aon tionscal nó d'aon scéim tháirgiúil fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3). | |
[EN] | (6) Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh de chumhacht ag an Údarás in aon chás áirithe— | |
[EN] | (a) comhlacht corpraithe a fhoirmiú, | |
[EN] | (b) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó eile, agus | |
[EN] | (c) faoi réir alt 10, scaireanna i gcomhlacht corpraithe a cheannach nó a ghlacadh nó a dhíol. | |
[EN] | (7) Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. | |
[EN] | (8) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí breise sin go léir is gá chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Feidhmeanna breise an Údaráis. |
9. —(1) Chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair beidh ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shonraítear san Acht seo ar leith ón alt seo, na cumhachtaí sin a thabharfar dó le hordú ón Rialtas. |
[EN] | (2) Maidir le hordú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó iarmhartacha a bheith ann is dóigh leis an Rialtas is gá, lena n-áirítear modhnú ar fhorálacha reachtúla; | |
[EN] | (b) féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le haon chumhacht a thugann sé a fheidhmiú; | |
[EN] | (c) féadfaidh sé socrú a dhéanamh le haghaidh íocaíochtaí ag an Údarás; | |
[EN] | (d) féadfaidh sé cibé feidhmeanna a shonróidh sé de chuid údaráis áitiúil a thabhairt don Údarás; | |
[EN] | (e) féadfar é a leasú nó a chúlghairm le hordú ón Rialtas. | |
[EN] | (3) I gcás a mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach. | |
[EN] |
Cúnamh airgid ón Údarás chun críocha tionscail. |
10. —(1) Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh cumhacht ag an Údarás, faoi réir an ailt seo, cúnamh airgid a thabhairt (lena n-áirítear deontais a thabhairt, scaireanna a cheannach agus caiteachas a thabhú ar fhoirgnimh nó eile) ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire ó am go ham, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh agus le toiliú an Aire Airgeadais,— | |
[EN] | (a) teorainn a shonrú a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin, agus | |
[EN] | (b) teorainn a shonrú a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha a shonraítear faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid in aon chás áirithe ina mbeidh cúnamh airgid tugtha ag an Údarás Forbartha Tionscail. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tÚdarás, de réir scéimeanna a bheidh údaraithe ó am go ham ag an Aire tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh agus le toiliú an Aire Airgeadais,— | |
[EN] | (a) deontais a thabhairt chun críocha seachas i leith sócmhainní dochta nó oiliúint oibrithe, agus | |
[EN] | (b) a ráthú go n-aisíocfar iasachtaí a fuair daoine ar thug an tÚdarás cúnamh airgid ina leith. | |
[EN] |
Cumhacht feidhmeanna áirithe de chuid an Údaráis a aistriú chun na Comhairle Oiliúna. |
11. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Saothair, a shocrú go ndéanfar cuid d'fheidhmeanna nó feidhmeanna uile an Údaráis i ndáil le hoiliúint (lena n-áirítear athoiliúint) oibrithe a aistriú chun na Comhairle Oiliúna. |
[EN] |
Foireann an Údaráis. |
12. —(1) Ceapfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine le bheith mar fhoireann ag an Údarás is cuí leis an Údarás ó am go ham. |
[EN] | (2) Sealbhóidh comhalta d'fhoireann an Údaráis a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an tÚdarás le comhaltaí a fhoirne cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas is oiriúnach leis an Údarás agus sin, i gcás a phríomh-oifigigh (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an Údarás ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar le comhaltaí a fhoirne nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh comhaltaí a fhoirne a bhfostaíocht, beidh aird ag an Údarás ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ann de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ann amhlaidh, agus déanfaidh sé de réir aon ordacháin maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Údarás le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a chur ó bheith ina chomhalta dá fhoireann. | |
[EN] | (6) Duine a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do Ghaeltarra Éireann tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i bpost atá, i dtuairim an Údaráis, ar aon-dul leis an bpost faoi Ghaeltarra Éireann a bhí ag an duine sin díreach roimh an lá ceaptha agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcinnfidh an tÚdarás ó am go ham agus nach lú fabhar, i dtuairim an Údaráis, don duine sin ná na téarmaí agus na coinníollacha a raibh feidhm acu i ndáil lena fhostaíocht le Gaeltarra Éireann díreach roimh an lá ceaptha. | |
[EN] |
Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí don Údarás. |
13. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh arna sonrú de thuras na huaire ag an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, féadfaidh an tÚdarás cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú ó am go ham a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an tÚdarás as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fostaíodh de bhun an ailt seo. |
[EN] | (2) Conradh a dhéanfaidh an tÚdarás faoin alt seo ní conradh in aghaidh tréimhse is faide ná trí bliana a bheidh ann. | |
[EN] |
Aoisliuntas. |
14. —(1) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do chomhaltaí iomchuí d'fhoireann an Údaráis nó ina leith. |
[EN] | (2) Déanfaidh an tÚdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú. | |
[EN] | (4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh aoisliúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
[EN] | (5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon aoisliúntas, nó i dtaobh méid aon aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí. | |
[EN] | (6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an tÚdarás aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile a chur ar fáil ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime arna ceadú faoin alt seo. | |
[EN] | (7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] | (8) Aon scéim a ceadaíodh faoi alt 18 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 , agus a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha measfar í a bheith ceadaithe faoin alt seo. | |
[EN] |
Eolas a nochtadh. |
15. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Údaráis, aon eolas a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás, mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Údarás. |
[EN] | (2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] |
Fostaí don Údarás a bheith ina chomhalta den Oireachtas. |
16. —(1) I gcás a ndéanfar comhalta d'fhoireann an Údaráis a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntas— |
[EN] | (a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, | |
[EN] | (b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis. | |
[EN] |
Meastacháin ón Údarás. |
17. —Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire agus i cibé foirm a iarrfaidh sé, meastachán ar an méid airgid a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, mar aon le haon mheastacháin eile a iarrfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais. |
[EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
18. —(1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm cheadaithe sin na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire, uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham. |
[EN] | (2) Tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis deireadh na bliana lena mbaineann siad, déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] |
Tuarascáil bhliantúil. |
19. —(1) Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] | (2) Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh, beidh sa tuarascáil bhliantúil sin freisin eolas ar cibé gnéithe a shonróidh an tAire d'imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo. | |
[EN] |
An tÚdarás do thabhairt eolais don Aire. |
20. —Tabharfaidh an tÚdarás don Aire aon eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis. |
[EN] |
Bronntanais don Údarás. |
21. —Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníoll den sórt sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis. |