|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Cuid II Údarás na Gaeltachta) | Ar Aghaidh (Cuid IV Comhaltaí d'Údarás na Gaeltachta a Thoghadh) |
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979
[EN] | ||
[EN] |
Cuid III Forálacha Airgeadais | |
[EN] |
Deontais don Údarás. |
22. —Féadfar deontais ina mbeidh cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais i gcoitinne agus deontais faoin Acht seo a íoc. |
[EN] |
Airleacain don Údarás. |
23. —(1) Chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Údaráis as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham cinneadh ar na téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile i ndáil le hairleacain don Údarás nó do Ghaeltarra Éireann. | |
[EN] | (b) Measfar aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, do scor ar an dáta sin de bheith inaisíoctha. | |
[EN] | (c) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann tar éis an lú lá d'Aibreán, 1965, ná aon airleacan a thabharfar don Údarás inaisíoctha (ná ní bheidh ús iníoctha ar an gcéanna) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire. | |
[EN] | (3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an tÚdarás d'aisíoc airleacain nó de bhun aon téarma ar a mbeidh cinnte i ndáil le hairleacan. | |
[EN] | (4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £50,000,000 aon tráth áirithe. | |
[EN] |
An tÚdarás d'fháil iasachta go sealadach. |
24. —Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair a chaiteachais a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí. |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. |
25. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaigheann an tÚdarás aon mhaoin agus, chun críche an ailt seo, folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál. |
[EN] |
Rátaí a mhaitheamh. |
26. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) áitreabh do ghnóthas tionscail a thógáil, a mhéadú nó a fheabhsú, agus | |
[EN] | (b) an tÚdarás do dheimhniú an tógáil, an méadú nó an feabhsú a bheith arna dhéanamh ag an Údarás nó ag Gaeltarra Éireann nó a bheith ina ábhar do chúnamh airgid ón Údarás nó ó Ghaeltarra Éireann, | |
[EN] | féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é,— | |
[EN] | (i) dhá thrian a mhaitheamh de ráta is intoibhithe acu i leith aon áitreabh a tógadh amhlaidh, nó | |
[EN] | (ii) dhá thrian a mhaitheamh d'aon ráta breise is intoibhithe acu i leith aon mhéadú nó feabhsú den sórt sin. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (3), ag maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla inar críochnaíodh an tógáil, an méadú nó an feabhsú agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh cúnamh airgid, ní bheidh éifeacht le maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla sin. | |
[EN] | (4) Ní dheonófar maitheamh faoin alt seo níos mó ná uair amháin i leith na tógála céanna, an mhéadaithe chéanna nó an fheabhsaithe chéanna. | |
[EN] | (5) I gcás gan luacháil ar leithligh a bheith déanta ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, an méid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh. | |
[EN] | (6) Is feidhmeanna forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo. |