An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid III Forálacha Airgeadais) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Údarás na Gaeltachta)

5 1979

AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979

Cuid IV

Comhaltaí d'Údarás na Gaeltachta a Thoghadh

Léiriú do Chuid IV.

27. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ceann comhairimh” duine is ceann comhairimh faoi alt 32 chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn “toghchán”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, toghchán faoin gCuid seo.

Toghcháin.

28. —(1) Déanfar toghcháin ó am go ham de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, faoi réir iad a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana.

(2) Má théitear in iomaidh i dtoghchán is le rúnbhallóid agus ar phrionsabal na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thógfar an vótaíocht.

(3) Na costais agus na caiteachais a thabhóidh ceann comhairimh nó a thabhófar thar a cheann i dtoghchán íocfaidh an tAire iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) (a) Socróidh an tAire le hordachán an modh ar a n-íocfar costais toghchán.

(b) Féadfaidh ordachán faoin bhfo-alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas—

(i) an tslí ina dtíolacfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a thíolacfaidh, ceann comhairimh a chuntais,

(ii) an tslí ina dtíolacfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a thíolacfaidh, duine a mbeidh éileamh aige de bhua an ailt seo an t-éileamh,

(iii) breithniú díospóidí.

Toghlaigh agus an líon daoine a thoghfar.

29. —(1) Is toghlach chun críocha na Coda seo gach limistéar díobh seo a leanas:—

(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,

(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Gaillimhe, i gcontae Mhaigh Eo agus i gcontae na Mí, agus

(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge.

(2) (a) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) beirt i dtoghchán.

(b) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) triúr i dtoghchán.

(c) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) beirt i dtoghchán.

Intofacht.

30. —Ní bheidh duine intofa don Údarás mura mbeidh aois ocht mbliana déag slánaithe aige an lá vótaíochta iomchuí.

Ceart vótála.

31. —(1) I gcás, maidir le toghlach a shonraítear in alt 29, a rachfar in iomaidh i dtoghchán, beidh gach duine i dteideal vótáil sa toghchán a mbeadh teideal aige, dá mba thoghlimistéar áitiúil an toghlach agus gur thoghchán áitiúil a dhéanfaí faoina threoir sin an toghchán, vótáil sa toghchán áitiúil sin.

(2) Ní bheidh aon duine seachas duine a luaitear i bhfo-alt (1) i dteideal vótáil i dtoghchán.

Cinn chomhairimh.

32. —(1) Chun críocha na Coda seo déanfaidh an tAire, maidir le gach toghlach dá sonraítear in alt 29, duine cuí oiriúnach a cheapadh le bheith ina cheann comhairimh, agus is é dualgas ginearálta an cheann comhairimh gach gníomh agus ní a dhéanamh is gá chun toghchán a stiúradh go héifeachtúil ina thoghlach, torthaí an toghcháin sin a chinntiú agus a dhearbhú agus freagra i dtaobh na ndaoine a toghadh don toghlach sin a thabhairt don Aire.

(2) (a) Féadfaidh an ceann comhairimh aon cheann dá fheidhmeanna mar cheann comhairimh a chomhlíonadh trí aon duine nó daoine eile a bheidh údaraithe go cuí aige i scríbhinn chuige sin.

(b) Féadfaidh an ceann comhairimh duine amháin nó níos mó a cheapadh i scríbhinn le bheith ina leas-cheann comhairimh nó ina leas-chinn chomhairimh agus féadfaidh sé cibé cuid d'fheidhmeanna an cheann comhairimh a shonrófar sa cheapachán a tharmligean chuig aon leas-cheann comhairimh den sórt sin.

(3) Ní bheidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh i dteideal a ainmnithe, ná i dteideal duine a ainmniú, mar iarrthóir i dtoghchán.

(4) Ní ghníomhóidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh mar ghníomhaire d'aon iarrthóir i dtoghchán ná ní chuirfidh iarrthóireacht iarrthóra den sórt sin chun cinn.

Rialacháin do Chuid IV.

33. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas i ndáil le toghcháin:—

(i) ainmniúcháin,

(ii) éarlaisí ó iarrthóirí,

(iii) an nós imeachta nuair nach mbeidh aon iarrthóir ainmnithe i dtoghlach,

(iv) an nós imeachta i gcás ar lú an líon daoine a bheidh ainmnithe do thoghlach ná an líon comhaltaí atá an toghlach sin i dteideal a thoghadh,

(v) bás iarrthóra,

(vi) dualgais agus foireann cheann comhairimh agus aon leas-cheann comhairimh,

(vii) foirm an pháipéir bhallóide a úsáidfear,

(viii) vótaíocht a thógáil agus na vótaí a chomhaireamh,

(ix) rúndacht na vótála a choimeád,

(x) coimeád na bpáipéar ballóide agus an modh ar a ndiúscrófar iad,

(xi) ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta a shonrú,

(xii) scoileanna agus seomraí poiblí a úsáid (in aisce),

(xiii) socruithe le haghaidh postvótála,

(xiv) vótaíocht ar oileáin,

(xv) boscaí ballóide agus trealamh toghcháin eile le húdaráis áitiúla a úsáid,

(xvi) cur isteach ar bhoscaí ballóide nó ar pháipéir bhallóide,

(xvii) daoine a bheidh á mí-iompar féin i stáisiúin vótaíochta a chur amach,

(xviii) cártaí vótaíochta a eisiúint,

(xix) cláir toghthóirí a ullmhaíodh chun críche toghchán áitiúil a úsáid agus cláir arb iad na cláir toghthóirí don Údarás iad a thiomsú as na cláir sin.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) cibé forálacha reachtúla i ndáil le toghcháin áitiúla a bheidh sonraithe a chur chun feidhme i ndáil le toghchán agus féadfaidh siad cibé modhnú nó oiriúnú is gá a dhéanamh ar na forálacha sin, agus

(b) cionta toghcháin a bhunú agus pionóis a fhorordú ina leith nach déine ná na pionóis a bhaineann le cionta comhréire i ndáil le toghcháin áitiúla.

(4) I gcás a mbeartófar rialacháin faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.