|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus MÁl) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Cáin Bhreisluacha | |
[EN] |
Leasú ar alt 18 (taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 . |
48. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon fhiosrú a dhéanamh is dóigh leis is gá maidir le nithe a bhaineann le dliteanas cánach nó le haisíoc cánach i leith aon duine, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil cúis ag an oifigeach chun a chreidiúint go bhfuil an duine sin ag seoladh gnó ann agus féadfaidh an t-oifigeach a iarraidh go dtabharfar ar aird aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, ráitis bhainc, dearbháin nó doiciméid ar bith eile a bhaineann leis an ngnó sin nó féadfaidh sé cuardach don chéanna agus iad a iniúchadh, agus féadfaidh sé aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, dearbháin, ráitis bhainc nó doiciméid eile a thabhairt leis agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú nó le haghaidh aon imeachtaí chun pionós faoin Acht seo a ghnóthú.” | |
[EN] |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 . |
49. —Déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1979, an ráta cánach breisluacha ar ghléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní, a mhéadú ó 10 faoin gcéad den méid nó den luach, cibé acu é, ar inmhuirearaithe cáin ar na hearraí sin ina leith go dtí 20 faoin gcéad den méid nó den luach sin agus, dá réir sin, leasófar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 — |
[EN] | (a) trí “gléasanna glacadóireachta raidió agus” a scriosadh i mír (xxix), agus | |
[EN] | (b) trí mhír (xxx) a scriosadh. |