An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

11 1979

AN tACHT AIRGEADAIS, 1979

CUID V

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

57. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1978” alt 45 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1979, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1978 ach “£13,481,632” a chur in ionad “£13,577,065”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1978 ach “£8,510,305” a chur in ionad “£8,739,850”.

(4) Déanfar suim £18,381,262 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1979.

(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £11,832,415 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

58. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

59. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le Custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1978, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1979, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1979.

(7) Ach amháin i gcás ina n-éillíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.