An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL Na RátaÍ Dleachta Máil ar Bhiotáille)

11 1979

AN tACHT AIRGEADAIS, 1979

AN DARA SCEIDEAL

Faoiseamh in aghaidh Caiteachais Airithe ar Aitreabh Cónaithe

Alt 7.

1. In alt 7 agus sa Sceideal seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha alt 7 agus an Sceidil seo;

ciallaíonn “deimhniú cláraitheachta” deimhniú a eiseofar faoi mhír 5;

ciallaíonn “costas saothair”, i ndáil le hobair cháilitheach, costas na hoibre a fháil déanta ach ní fholaíonn sé costas aon ábhair, uirlisí, innealra nó aon ní eile, a úsáidtear ag déanamh na hoibre ná costas uirlisí, innealra, nó aon ní eile, a úsáidtear amhlaidh a fhruiliú;

tá le “comhpháirtí tosaíochta” an bhrí a shanntar dó le Caibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980;

ciallaíonn “obair cháilitheach” aon obair chothabhála, dheisiúcháin, fheabhsúcháin, nó inslithe ar áitreabh cónaithe;

ciallaíonn “duine cláraithe” duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige agus nár ceanglaíodh air de bhun mhír 7 an deimhniú sin a thabhairt ar ais nó nár cealaíodh a dheimhniú cláraitheachta de bhun na míre sin;

ciallaíonn “áit chónaithe dá chuid”, i ndáil le pearsa aonair, aon áitreabh cónaithe ina gcónaíonn sé go rialta;

ciallaíonn “áitreabh cónaithe”—

(a) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus

(b) talamh atá ag áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte de ghné ornáideach,

ach ní fholaíonn sé—

(i) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a áitíodh nó a áiteofar den chéad uair mar theaghais tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1979, nó

(ii) maoin sho-chorraithe inláimhsithe.

2. I gcás ar mian le pearsa aonair asbhaint a éileamh faoi alt 7 maidir le costas saothair obair cháilitheach a rinne nó a dhéanfaidh duine cláraithe—

(a) déanfaidh sé iarratas san fhoirm fhorordaithe chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar fhoirm ina n-éileoidh sé an asbhaint (dá ngairtear “foirm éilimh” sa mhír seo) agus ar a mbeidh ainm an duine chláraithe, agus

(b) comhlánóidh sé an fhoirm éilimh (a eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige más deimhin leo gur cheart an fhoirm a eisiúint chuig an bpearsa aonair sin),

(c) seachadfaidh sé an fhoirm chomhlánaithe, mar aon le cóip amháin di agus cibé ráitis i scríbhinn a bheidh sonraithe san fhoirm éilimh, don chigire cánach, agus

(d) seachadfaidh sé cóip amháin den fhoirm éilimh chomhlánaithe don duine cláraithe.

3. (1) I gcás foirm éilimh a bheith iarrtha go cuí ag pearsa aonair, féadfaidh oifigeach údaraithe, aon tráth réasúnach idir dáta an iarratais sin a dhéanamh agus dáta na hasbhainte iomchuí a dhéanamh, dul isteach san áitreabh cónaithe ar a ndéanfar, nó ar a ndearnadh, an obair cháilitheach is ábhar don éileamh, chun fiosrú a dhéanamh maidir le cruinneas aon sonraí a tugadh faoi mhír 2 i leith na hoibre sin.

(2) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an mír seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

4. (1) Is ar mhodh aisíoca a thabharfar faoiseamh ó cháin de dhroim asbhaint faoi alt 7 a lamháil ach amháin go bhféadfar, má mheasann na Coimisinéirí Ioncaim gur iomchuí sin a dhéanamh, éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh sa bhliain 1979-80 ar dhóigh seachas ar mhodh aisíoca.

(2) Faoi réir fhomhír (1), beidh feidhm i ndáil le haon asbhaint faoi alt 7 ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. (1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar dhuine do dhéanamh iarratais ina leith sin chucu san fhoirm fhorordaithe, deimhniú (dá ngairtear “deimhniú cláraitheachta” in alt 7 agus sa Sceideal seo) a eisiúint chuig an duine sin más deimhin leo go bhfuil cónaí sa Stát ar an duine nó, i gcás comhpháirtíochta, ar gach comhpháirtí.

(2) Coimeádfaidh agus cothabhálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár ina dtaifeadfar ainm agus seoladh gach duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige agus an cineál oibre a dhéanann sé agus coimeádfar agus cothabhálfar cóip den chlár sin i ngach oifig de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Daonchumhachta nó de chuid cigirí cánach agus beidh sí ar fáil lena iniúchadh ag duine ar bith.

6. Déanfaidh duine cláraithe—

(a) an deimhniú cláraitheachta a eisíodh chuige de bhun mhír 5 (1) a shíniú sa spás atá ann chuige sin, agus

(b) nuair a iarrfaidh pearsa aonair dá ndearnadh nó dá ndéanfar obair cháilitheach air é—

(i) a dheimhniú cláraitheachta a thabhairt ar aird don phearsa aonair lena iniúchadh,

(ii) cibé sonraí a bheidh ar a dheis aige agus a theastóidh ón bpearsa aonair chun críocha mhír 2 a thabhairt don phearsa aonair,

(iii) na foirmeacha a cheanglaítear ar an bpearsa aonair a chomhlánú chun críocha na míre sin 2 a shíniú sa spás atá iontu chuige sin.

7. I gcás ar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) gur eisíodh deimhniú cláraitheachta ar bhonn faisnéise a bhí bréagach nó míthreorach,

(b) nach n-eiseofaí deimhniú cláraitheachta dá mbeadh faisnéis a tháinig ar a n-umhail tar éis é a eisiúint ar fáil acu ar dháta a eisiúna,

(c) gur cheadaigh duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige mí-úsáid a bhaint as an deimhniú,

(d) go bhfuil scortha ag duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige nó, i gcás comhpháirtíochta, ag aon chomhpháirtí, de bheith ina chónaí sa Stát, nó

(e) gur mhainnigh duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige aon cheann d'fhorálacha mhír 6 a chomhlíonadh,

féadfaidh siad—

(I) an deimhniú a chealú,

(II) a cheangal ar an duine, ar eisíodh an deimhniú chuige, le fógra i scríbhinn an deimhniú sin a thabhairt ar ais dóibh láithreach, agus

(III) ainm an duine a bhaint den chlár a choimeádfar agus a chothabhálfar de réir mhír 5 (2) agus de gach cóip den chlár sin.

8. (1) Duine—

(a) a dhéanfaidh ráiteas bréagach, nó a thabharfaidh doiciméad atá, go bhfios dó, bréagach i bponc ábhartha, do na Coimisinéirí Ioncaim nó d'oifigeach údaraithe chun deimhniú cláraitheachta a fháil,

(b) a chuirfidh deimhniú cláraitheachta de láimh seachas tríd an deimhniú sin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) a mhainneoidh deimhniú cláraitheachta a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a cheanglófar sin air de bhun mhír 7,

(d) a bhfuil seilbh aige ar dheimhniú cláraitheachta nár eisigh na Coimisinéirí Ioncaim chuige, nó

(e) a thabharfaidh deimhniú cláraitheachta ar aird do phearsa aonair tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal air an deimhniú a thabhairt ar ais,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Aon duine a chabhróidh, a neartóidh nó a chomhairleoidh—

(a) le deimhniú cláraitheachta a fháil trí ráiteas bréagach,

(b) le deimhniú cláraitheachta a úsáid ag aon duine seachas an duine ar chuige a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim é, nó

(c) le doiciméad nach deimhniú cláraitheachta ach a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é a thabhairt ar aird do phearsa aonair,

nó a thabharfaidh sin chun críche beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Aon duine cláraithe a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh foráil de chuid mhír 6 beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

9. (1) Aon fhógra, deimhniú nó foirm a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt, a sheirbheáil, a sheoladh nó a eisiúint féadfar é a chur leis an bpost.

(2) In imeachtaí faoi mhír 8—

(a) deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé na taifid iomchuí agus gur dealraitheach uathu gur tugadh ráiteas luaite go cuí don chosantóir ar lá luaite is fianaise é, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sa ghnáth-shlí,

(b) deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé na taifid, na deimhnithe nó na foirmeacha iomchuí agus gur dealraitheach nach bhfuarthas deimhniú luaite ón gcosantóir nó nár thug sé sonraí luaite do phearsa aonair luaite nó nár shínigh an cosantóir deimhniú luaite nó foirm luaite sa spás a bhí ann dó sin is fianaise é, nó go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an deimhniú sin nó nár thug sé an fhaisnéis sin nó nár shínigh sé an deimhniú nó an fhoirm sin,

(c) doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é a shonraítear i bhfomhír (a) nó (b) den mhír seo, measfar gur deimhniú den sórt sin é, agus gur shínigh an duine é a d'airbheartaigh é a bheith sínithe aige, mura suífear a mhalairt.

10. Beidh an chumhacht—

(a) chun deimhniú cláraitheachta a eisiúint nó a chealú,

(b) chun a cheangal ar dhuine an deimhniú cláraitheachta a eisíodh chuig an duine sin a thabhairt ar ais,

(c) chun ainm duine a bhaint den chlár a choimeádfar agus a chothabhálfar de réir mhír 5 agus de gach cóip den chlár sin,

infheidhmithe ag cigire cánach.

11. (1) Na gníomhartha sin go léir a gceanglaítear leis an Sceideal seo go ndéanfadh duine iad—

(a) i gcás comhlachta daoine nach cuideachta é, is é cisteoir an chomhlachta daoine nó oifigeach eile don chomhlacht daoine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin de thuras na huaire a dhéanfaidh iad, agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh,

(b) i gcás cuideachta, is é rúnaí na cuideachta nó oifigeach eile (cibé ainm a ghairtear de) a bheidh ag déanamh dualgais rúnaí a dhéanfaidh iad, agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh,

(c) i gcás comhpháirtíochta, is é an comhpháirtí tosaíochta a dhéanfaidh iad agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh.

(2) Measfar, i gcás comhpháirtíocht ar duine cláraithe í, gur tagairt do chomhpháirtí tosaíochta na comhpháirtíochta sin an tagairt do dhuine cláraithe i mír 8 (3).