|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III Forálachca a bhaineann le Caillteanais | |
[EN] |
Leasú ar alt 307 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
17. —Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) trí “nó ag áitiú talamh coille a bainistíodh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh as,” a scriosadh as fo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A): | |
[EN] | “(1AA) I gcás a seolfaidh aon duine, in aon bhliain mheasúnachta, aon trádáil seachas feirmeoireacht, nó aon ghairm nó fostaíocht, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, nó feirmeoireacht i gcás lena mbaineann an t-alt seo, agus gur thabhaigh sé caillteanas á seoladh an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (1) don bhliain mheasúnachta i leith an chaillteanais sin a mhéid nár tugadh faoiseamh cheana féin i leith an chaillteanais sin faoin bhfo-alt sin (1) nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo; agus déanfar aon aisíoc cánach de bhua an fho-ailt seo a íoc i dtosaíocht ar aon aisíoc cánach faoin bhfo-alt sin (1) i leith chaillteanas a tabhaíodh an bhliain a mbeidh an t-aisíoc á éileamh ina leith. | |
[EN] | (1AAA) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon chaillteanas a thabhaigh úinéir staile sa bhliain mheasúnachta 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ó sheirbheáil láracha ag an stail nó cearta chun seirbheálacha den sórt sin a dhíol nó a thabhaigh páirt-úinéir staile ó sheirbheálacha nó cearta den sórt sin a dhíol.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 308 (daoine ag a bhfuil dhá thrádáil nó níos mó á seoladh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
18. —Leasaítear leis seo alt 308 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach: |
[EN] | “Ar choinníoll nach gceadófar aon asbhaint nó fritháireamh i leith caillteanas a tabhaíodh sa bhliain 1979-80 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 318 (rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
19. —Leasaítear leis seo alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh aon éileamh a dhéanfar faoi alt 307 ar fhaoiseamh i leith caillteanas a tabhaíodh in aon trádáil in aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain chaillteanais’ dá éis seo) a cheangal go gcinnfear méid an chaillteanais ionann is dá ndéanfaí méid ar cóimhéid leis na liúntais chaipitiúla don bhliain mheasúnachta arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain ina leith a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála sa bhliain chaillteanais a bheith á ríomh agus féadfar éileamh a dhéanamh amhlaidh d'ainneoin nár tabhaíodh, ar leith ó na liúntais sin, caillteanas sa trádáil sa bhliain chaillteanais.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 319 (a mhéid a chuirfear liúntais chaipitiúla san áireamh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
20. —Leasaítear leis seo alt 319 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Ní chuirfear na liúntais chaipitiúla d'aon bhliain mheasúnachta san áireamh faoi alt 318 (1) ach amháin mura gá iad agus a mhéid nach gá iad mar fhritháireamh in aghaidh muirear cothromaíochta don bhliain; agus i gcás ar liúntais don bhliain éilimh nó don bhliain roimhe sin (arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain don bhliain sin féin, nó ar éileamh a dhéanfar de bhua alt 307 (1AA) an t-éileamh), na liúntais chaipitiúla a chuirfear san áireamh, ní thabharfar faoiseamh faoi threoir na liúntas sin maidir le méid is mó ná an méid a bheidh gan éifeacht sa bhliain a ndéantar an t-éileamh ina leith nó, i gcás liuntais don bhliain roimhe sin, an méid a bheidh gan éifeacht sa dá bhliain.”. |